+Airteagal 22 Spriocanna feidhmíochta uile-Aontais a bhunú
---+Airteagal 22 1
---+Airteagal 22 2
---+Airteagal 22 3

Airteagal 22 Spriocanna feidhmíochta uile-Aontais a bhunú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 22 1

1.   I gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena socraítear na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach sna príomhréimsí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (a), i dtaca le gach tréimhse thagartha, agus saineoidh sé fad na tréimhse sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).

I gcomhar leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena socraítear luachanna bonnlíne comhlántacha, tairseacha foláirimh, luachanna miondealaithe agus grúpaí tagarmhairc. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).

Airteagal 22 2

2.   I gcás na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais dá dtagraítear i mír 1 agus na spriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus críochfoirt arna sainiú ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (c), saineofar iad ar bhonn na gcritéar fíor-riachtanach seo a leanas:

(a)

féachfaidh siad le feabhsúcháin céim ar céim a bhaint amach i leith fheidhmíocht aeráide agus chomhshaoil, oibríochtúil agus eacnamaíoch na seirbhísí aerloingseoireachta;

(b)

beidh siad réalaíoch agus indéanta le linn na tréimhse tagartha lena mbaineann, lena gcumasófar soláthar éifeachtúil inbhuanaithe athléimneach seirbhísí aerloingseoireachta, agus forbairtí struchtúracha agus teicneolaíochta níos fadtréimhsí á gcothú acu;

(c)

cuirfear san áireamh leo comhthéacs eacnamaíoch agus oibríochtúil na tréimhse tagartha, lena n-áirítear réamhaisnéis tráchta agus sonraí oibríochtúla, chomh maith leis na hidirthuilleamaíochtaí idir na príomhréimsí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointí (a) agus (c), agus a riachtanaí atá sé a bheith i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119;

(d)

cuirfear san áireamh leo imthosca áitiúla na mBallstát;

(e)

cuirfear san áireamh leo na táscairí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (d).

Airteagal 22 3

3.   Chun a chinntí maidir le spriocanna feidhmíochta uile-Aontais a ullmhú agus, má shainítear iad i gcur i bhfeidhm Airteagal 22(1), maidir le luachanna bonnlíne comhlántacha agus luachanna miondealaithe nó grúpaí tagarmhairc, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le húdaráis náisiúnta, le Eurocontrol, leis an mBainisteoir Gréasáin agus le geallsealbhóirí oibríochtúla, agus baileoidh sé aon ionchur is gá uathu.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.