+Airteagal 38 6
|
Airteagal 38 6
6. Ar chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, rannchuideoidh an Bainisteoir Gréasáin, laistigh de theorainneacha Airteagal 37(4) den Airteagal seo, le forghníomhú na bhfeidhmeanna gréasáin trí na cúraimí seo a leanas:
|
(a)
|
an Plean Oibríochtaí Gréasáin a bhunú agus an Plean Straitéise Gréasáin a ullmhú;
|
|
(b)
|
tacú le dearadh agus comhordú úsáid struchtúr aerspáis;
|
|
(c)
|
tarmligean soláthar seirbhísí aerthráchta a éascú, nuair a bheidh sé formheasta ag na Ballstáit lena mbaineann, trí thacú leis na Ballstáit agus leis na soláthraithe seirbhísí aerthráchta lena mbaineann, agus na comhaontuithe is gá chun aerthrácht ginearálta agus oibríochtúil a chomhordú agus an gá comhordú leordhóthanach a choinneáil sna struchtúir aerspáis ábhartha á gcur san áireamh;
|
|
(d)
|
soláthar acmhainneachta rialaithe aerthráchta sa ghréasán a chomhordú agus tacú leis i gcomhréir leis na gealltanais a leagtar amach san NOP, d’fhonn ceanglais feidhmíochta oibríochtúla gréasáin agus luachanna tagartha áitiúla a chomhlíonadh;
|
|
(e)
|
comhordú agus tacaíocht a mhéid a bhaineann le bainistíocht géarchéimeanna gréasáin;
|
|
(f)
|
acmhainní tearca a chomhordú maidir le bandaí minicíochta a úsáideann an t-aerthrácht ginearálta, go háirithe minicíochtaí raidió agus, lena chois sin, cóid trasfhreagróra radar;
|
|
(g)
|
comhordú BSAT agus soláthar, eagrú agus oibriú aonad lárnach BSAT;
|
|
(h)
|
nósanna imeachta a fhorbairt agus próisis a eagrú maidir le sannadh moille BSAT trí chinnteoireacht chomhoibritheach;
|
|
(i)
|
comhordú, faireachán agus tacaíocht sna gníomhaíochtaí pleanála agus cur chun feidhme a bhaineann le himscaradh bonneagair sa ghréasán Eorpach BAT i gcomhpháirtíocht leis na geallsealbhóirí oibríochtúla chun a rannpháirtíocht ghníomhach sa bhainistíocht agus sa rialachas a áirithiú;
|
|
(j)
|
faireachán ar fheidhmíocht bonneagair an ghréasáin Eorpaigh BAT;
|
|
(k)
|
comhordú le ICAO agus le réigiúin ICAO i ndáil leis na feidhmeanna gréasáin a chur i gcrích;
|
|
(l)
|
clár oibre agus buiséad an Bhainisteora Gréasáin a bhunú;
|
|
(m)
|
sonraí a sholáthar maidir le pleananna eitilte i ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) nó le bearta sábháilteachta agus slándála eile, agus trí aon chúraimí eile is gá le haghaidh rannchuidiú an Bhainisteora Gréasáin le feidhmiú na bhfeidhmeanna gréasáin, agus a bhfuil dlúthbhaint acu leis an rannchuidiú sin, mar a shonraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 10.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|