|
+Airteagal 3 |
Airteagal 3Airteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘aeriompróir’ aeriompróir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/681;
(2)
ciallaíonn ‘eitilt lasmuigh den Aontas’ aon eitilt lasmuigh den Aontas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Threoir (AE) 2016/681;
(3)
ciallaíonn ‘eitilt laistigh den Aontas’ aon eitilt laistigh den Aontas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Threoir (AE) 2016/681;
(4)
ciallaíonn ‘eitilt sceidealaithe’ eitilt sceidealaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (5), de Rialachán (AE) 2024/12;
(5)
ciallaíonn ‘eitilt neamhsceidealaithe’ eitilt neamhsceidealaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Rialachán (AE) 2024/12;
(6)
ciallaíonn ‘paisinéir’ paisinéir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Threoir (AE) 2016/681;
(7)
ciallaíonn ‘criú’ aon duine ar bord aerárthaigh le linn na heitilte, seachas paisinéir, a oibríonn ar an aerárthach nó a oibríonn an t-aerárthach, lena n-áirítear criú eitilte agus criú cábáin;
(8)
ciallaíonn ‘réamhaisnéis faoi phaisinéirí’ nó ‘sonraí API’ na sonraí agus an fhaisnéis eitilte dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (3), faoi seach;
(9)
ciallaíonn ‘sonraí eile maidir le taifead ainmneacha paisinéirí’ nó ‘sonraí eile PNR’ an taifead ainmneacha paisinéirí mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (5), de Threoir (AE) 2016/681, agus mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, cé is moite de phointe 18 den Iarscríbhinn sin;
(10)
ciallaíonn ‘aonad um fhaisnéis faoi phaisinéirí’ nó ‘PIU’ an t-aonad um fhaisnéis faoi phaisinéirí, mar atá i bhfógraí na mBallstát chuig an gCoimisiún agus sna modhnuithe orthu arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(5) de Threoir (AE) 2016/681;
(11)
ciallaíonn ‘cionta sceimhlitheoireachta’ cionta sceimhlitheoireachta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 12 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
(12)
ciallaíonn ‘coireacht thromchúiseach’ coireacht thromchúiseach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), de Threoir (AE) 2016/681;
(13)
ciallaíonn ‘an ródaire’ an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo agus in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/12;
(14)
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/680, agus in Airteagal 4, pointe 1, de Rialachán (AE) 2016/679;
(15)
ciallaíonn ‘sonraí tráchta eitilte fíor-ama’ faisnéis faoi thrácht eitilte isteach agus amach ag aerfort a chumhdaítear leis an Rialachán seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|