+CAIBIDIL 1 FORÁLACHA GINEARÁLTA
---+Airteagal 1
---+Airteagal 2
---+Airteagal 3
|
CAIBIDIL 1 FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL 1 FORÁLACHA GINEARÁLTA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1
|
Airteagal 1
Chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, leagtar síos sa Rialachán seo rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
réamhaisnéis faoi phaisinéirí (API) faoi eitiltí lasmuigh den Aontas agus faoi eitiltí laistigh den Aontas a bhailiú ag aeriompróirí;
(b)
sonraí API agus sonraí eile PNR a aistriú ag aeriompróirí chuig an ródaire;
(c)
sonraí API agus sonraí eile PNR faoi eitiltí lasmuigh den Aontas agus faoi eitiltí roghnaithe laistigh den Aontas a tharchur ón ródaire chuig na haonaid um fhaisnéis faoi phaisinéirí (PIUnna).
Ní dochar an Rialachán seo do Rialachán (AE) 2016/679, Rialachán (AE) 2018/1725 agus Treoir (AE) 2016/680.
|
|
Airteagal 2
|
Airteagal 2
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le haeriompróirí a dhéanann an méid seo a leanas:
(a)
eitiltí lasmuigh den Aontas;
(b)
eitiltí laistigh den Aontas a imeoidh ó chríoch Ballstáit amháin ar a laghad, a shroichfidh críoch Ballstáit amháin ar a laghad nó a stopfaidh ar chríoch Ballstáit amháin ar a laghad a thug fógra don Choimisiún faoina chinneadh Treoir (AE) 2016/681 a chur i bhfeidhm maidir le heitiltí laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Treoir sin.
|
|
Airteagal 3
|
Airteagal 3
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘aeriompróir’ aeriompróir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/681;
(2)
ciallaíonn ‘eitilt lasmuigh den Aontas’ aon eitilt lasmuigh den Aontas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Threoir (AE) 2016/681;
(3)
ciallaíonn ‘eitilt laistigh den Aontas’ aon eitilt laistigh den Aontas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Threoir (AE) 2016/681;
(4)
ciallaíonn ‘eitilt sceidealaithe’ eitilt sceidealaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (5), de Rialachán (AE) 2024/12;
(5)
ciallaíonn ‘eitilt neamhsceidealaithe’ eitilt neamhsceidealaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Rialachán (AE) 2024/12;
(6)
ciallaíonn ‘paisinéir’ paisinéir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Threoir (AE) 2016/681;
(7)
ciallaíonn ‘criú’ aon duine ar bord aerárthaigh le linn na heitilte, seachas paisinéir, a oibríonn ar an aerárthach nó a oibríonn an t-aerárthach, lena n-áirítear criú eitilte agus criú cábáin;
(8)
ciallaíonn ‘réamhaisnéis faoi phaisinéirí’ nó ‘sonraí API’ na sonraí agus an fhaisnéis eitilte dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (3), faoi seach;
(9)
ciallaíonn ‘sonraí eile maidir le taifead ainmneacha paisinéirí’ nó ‘sonraí eile PNR’ an taifead ainmneacha paisinéirí mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (5), de Threoir (AE) 2016/681, agus mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, cé is moite de phointe 18 den Iarscríbhinn sin;
(10)
ciallaíonn ‘aonad um fhaisnéis faoi phaisinéirí’ nó ‘PIU’ an t-aonad um fhaisnéis faoi phaisinéirí, mar atá i bhfógraí na mBallstát chuig an gCoimisiún agus sna modhnuithe orthu arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(5) de Threoir (AE) 2016/681;
(11)
ciallaíonn ‘cionta sceimhlitheoireachta’ cionta sceimhlitheoireachta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 12 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
);
(12)
ciallaíonn ‘coireacht thromchúiseach’ coireacht thromchúiseach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), de Threoir (AE) 2016/681;
(13)
ciallaíonn ‘an ródaire’ an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo agus in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/12;
(14)
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/680, agus in Airteagal 4, pointe 1, de Rialachán (AE) 2016/679;
(15)
ciallaíonn ‘sonraí tráchta eitilte fíor-ama’ faisnéis faoi thrácht eitilte isteach agus amach ag aerfort a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0013
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|