+Airteagal 9
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.

Airteagal 9

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1.
Déanfaidh eu-LISA ródaire a dhearadh, a fhorbairt, a óstáil agus a bhainistiú go teicniúil, i gcomhréir le hAirteagail 25 agus 26, chun aistriú na sonraí API criptithe agus sonraí eile PNR ag aeriompróirí chuig na PIUnna a éascú i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 9 2.

Is é a bheidh sa ródaire:

(a) 

bonneagar lárnach, lena n-áirítear tacar comhpháirteanna teicniúla lenar féidir sonraí API criptithe agus sonraí eile PNR a ghlacadh agus a tharchur;

(b) 

cainéal cumarsáide slán idir an bonneagar lárnach agus na PIUnna, agus bealach cumarsáide slán idir an bonneagar lárnach agus na haeriompróirí, chun sonraí API agus sonraí eile PNR a aistriú agus a tharchur agus le haghaidh aon chumarsáid a bhaineann leis sin, agus chun eitiltí roghnaithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) a chur isteach ag na Ballstáit sa ródaire agus aon nuashonruithe gaolmhara;

(c) 

cainéal slán chun sonraí tráchta eitilte fíor-ama a fháil.

Airteagal 9 3.
Gan dochar d’Airteagal 10 den Rialachán seo, déanfaidh an ródaire, i gcás inarb iomchuí agus a mhéid is féidir go teicniúil, comhpháirteanna teicniúla na seirbhíse gréasáin, lena n-áirítear comhpháirteanna crua-earraí agus bogearraí, dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/2226, an geata iompróra dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (k), de Rialachán (AE) 2018/1240, agus an geata iompróra dá dtagraítear in Airteagal 45c de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, a chomhroinnt agus a athúsáid.

Déanfaidh eu-LISA an ródaire a dhearadh, a mhéid is féidir go teicniúil agus go hoibríochtúil, ar bhealach atá comhleanúnach agus comhsheasmhach leis na hoibleagáidí ar aeriompróirí a leagtar amach i Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226 agus (AE) 2018/1240.

Airteagal 9 4.
Déanfaidh an ródaire na sonraí a asbhaint agus a chur ar fáil go huathoibríoch, i gcomhréir le hAirteagal 39 den Rialachán seo, don lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (CRRS) a bunaíodh le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/818.
Airteagal 9 5.
Déanfaidh eu-LISA an ródaire a dhearadh agus a fhorbairt ar bhealach ina bhfágtar go ndéanfar na sonraí API agus sonraí eile PNR a chriptiú inn ar inn le linn trasdula i gcás aon aistriú sonraí API agus sonraí eile PNR ó na haeriompróirí chuig an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 5 agus i gcás aon tarchur sonraí API agus sonraí eile PNR ón ródaire chuig na PIUnna i gcomhréir le hAirteagal 12 agus chuig CRRS i gcomhréir le hAirteagal 39(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0013
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.