|
+Airteagal 12 1 |
Airteagal 12 11. Ón 12 Lúnasa 2028, nó 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhíreanna 6 nó 7 den Airteagal seo, cibé acu is déanaí, cuirfear lipéad comhchuibhithe ar phacáistíocht a chuirtear ar an margadh ar a mbeidh faisnéis maidir lena comhdhéanamh ábhair chun sórtáil tomhaltóirí a éascú. Beidh an lipéad bunaithe ar phicteagraim agus beidh sé sothuigthe, lena n-áirítear le haghaidh daoine faoi mhíchumas. Le haghaidh na pacáistíochta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus, i gcás inarb infheidhme, pacáistíocht dá dtagraítear in Airteagal 9(2), sonrófar ar an lipéad go bhfuil an t-ábhar inmhúirínithe, nach bhfuil sé oiriúnach do mhúiríniú sa bhaile, agus nár cheart pacáistíocht inmhúirínithe a dhiúscairt sa nádúr. Cé is moite de phacáistíocht ríomhthráchtála, níl feidhm ag an oibleagáid sin maidir le pacáistíocht iompair ná leis an gcuid phacáistíochta atá faoi réir chóras aisíoctha éarlaise. Déanfar an phacáistíocht a chuirtear ar an margadh ina bhfuil substaintí ar údar imní iad a mharcáil trí bhíthin teicneolaíochtaí caighdeánaithe, oscailte, marcála digiteacha i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i mír 7, an dara fomhír. De bhreis ar an lipéad comhchuibhithe dá dtagraítear sa mhír seo, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha cód QR nó iompróir sonraí digiteacha oscailte caighdeánaithe de chineál eile a chur ar an bpacáistíocht ar a bhfuil faisnéis faoi cheann scríbe gach comhpháirte ar leithligh den phacáistíocht chun sórtáil tomhaltóirí a éascú. iompróir eile sonraí digiteacha oscailte caighdeánaithe Déanfar pacáistíocht atá faoi réir na gcóras aisíoctha éarlaise dá dtagraítear in Airteagal 50(1) a mharcáil le lipéad atá soiléir agus gan débhrí. De bhreis ar an lipéad náisiúnta, féadfar pacáistíocht a mharcáil le lipéad daite comhchuibhithe arna bhunú sa ghníomh cur chun feidhme ábhartha arna ghlacadh de bhun mhír 6 den Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar pacáistíocht atá faoi réir córais aisíoctha éarlaise a mharcáil leis an lipéad daite comhchuibhithe sin, ar choinníoll nach mbeidh saobhadh ar an margadh inmheánach ná bacainní trádála ar tháirgí ó Bhallstáit eile mar thoradh uirthi. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|