+Airteagal 12 Lipéadú ar phacáistíocht
---+Airteagal 12 1
---+Airteagal 12 2
---+Airteagal 12 3
---+Airteagal 12 4
---+Airteagal 12 5
---+Airteagal 12 6
---+Airteagal 12 7
---+Airteagal 12 8
---+Airteagal 12 9
---+Airteagal 12 10
---+Airteagal 12 11
---+Airteagal 12 12

Airteagal 12 Lipéadú ar phacáistíocht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1

1.   Ón 12 Lúnasa 2028, nó 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhíreanna 6 nó 7 den Airteagal seo, cibé acu is déanaí, cuirfear lipéad comhchuibhithe ar phacáistíocht a chuirtear ar an margadh ar a mbeidh faisnéis maidir lena comhdhéanamh ábhair chun sórtáil tomhaltóirí a éascú. Beidh an lipéad bunaithe ar phicteagraim agus beidh sé sothuigthe, lena n-áirítear le haghaidh daoine faoi mhíchumas. Le haghaidh na pacáistíochta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus, i gcás inarb infheidhme, pacáistíocht dá dtagraítear in Airteagal 9(2), sonrófar ar an lipéad go bhfuil an t-ábhar inmhúirínithe, nach bhfuil sé oiriúnach do mhúiríniú sa bhaile, agus nár cheart pacáistíocht inmhúirínithe a dhiúscairt sa nádúr. Cé is moite de phacáistíocht ríomhthráchtála, níl feidhm ag an oibleagáid sin maidir le pacáistíocht iompair ná leis an gcuid phacáistíochta atá faoi réir chóras aisíoctha éarlaise.

Déanfar an phacáistíocht a chuirtear ar an margadh ina bhfuil substaintí ar údar imní iad a mharcáil trí bhíthin teicneolaíochtaí caighdeánaithe, oscailte, marcála digiteacha i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i mír 7, an dara fomhír.

De bhreis ar an lipéad comhchuibhithe dá dtagraítear sa mhír seo, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha cód QR nó iompróir sonraí digiteacha oscailte caighdeánaithe de chineál eile a chur ar an bpacáistíocht ar a bhfuil faisnéis faoi cheann scríbe gach comhpháirte ar leithligh den phacáistíocht chun sórtáil tomhaltóirí a éascú. iompróir eile sonraí digiteacha oscailte caighdeánaithe

Déanfar pacáistíocht atá faoi réir na gcóras aisíoctha éarlaise dá dtagraítear in Airteagal 50(1) a mharcáil le lipéad atá soiléir agus gan débhrí. De bhreis ar an lipéad náisiúnta, féadfar pacáistíocht a mharcáil le lipéad daite comhchuibhithe arna bhunú sa ghníomh cur chun feidhme ábhartha arna ghlacadh de bhun mhír 6 den Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar pacáistíocht atá faoi réir córais aisíoctha éarlaise a mharcáil leis an lipéad daite comhchuibhithe sin, ar choinníoll nach mbeidh saobhadh ar an margadh inmheánach ná bacainní trádála ar tháirgí ó Bhallstáit eile mar thoradh uirthi.

Airteagal 12 2

2.   Pacáistíocht in-athúsáidte a chuirfear ar an margadh ón 12 Feabhra 2029 nó 30 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 6, cibé acu is déanaí, beidh lipéad air lena gcuirfear in iúl d’úsáideoirí go bhfuil an phacáistíocht in-athúsáidte. Déanfar tuilleadh faisnéise maidir le hath-inúsáidteacht, lena n-áirítear infhaighteacht córais áitiúil, náisiúnta nó uile-Aontais athúsáide agus faisnéise maidir le pointí bailithe, a chur ar fáil trí chód QR nó trí iompróir sonraí digiteach oscailte caighdeánaithe de chineál eile lena n-éascófar rianú na pacáistíochta agus ríomh na dturas agus na n-uainíochtaí, nó, mura bhfuil an ríomh sin indéanta, trí mheánmheastachán. Ina theannta sin, beidh pacáistíocht díolacháin atá in-athúsáidte inaitheanta go soiléir agus éagsúil le pacáistíocht aon úsáide ag an díolphointe.

Airteagal 12 3

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm maidir le córais lúboscailte nach bhfuil oibreoir córais acu i gcomhréir le hIarscríbhinn VI ag an gceanglas maidir le lipéad agus cód QR nó iompróir sonraí digiteacha oscailte caighdeánaithe de chineál eile a bheith ar tháirge.

Airteagal 12 4

4.   I gcás ina gcuirfear pacáistíocht, a bhfuil feidhm ag Airteagal 7 maidir léi, ar an margadh ón 12 Lúnasa 2028 nó 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 6 den Airteagal seo, cibé acu is déanaí agus a mharcáiltear le lipéad ar a bhfuil faisnéis maidir le sciar an ábhair athchúrsáilte, comhlíonfaidh an lipéad sin agus, i gcás inarb infheidhme, an cód QR nó iompróir sonraí digiteacha caighdeánaithe oscailte de chineál eile na sonraíochtaí a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme ábhartha arna ghlacadh de bhun mhír 6 den Airteagal seo agus beidh sé bunaithe ar an modheolaíocht arna bhunú de bhun Airteagal 7(8). I gcás ina marcáiltear pacáistíocht le lipéad ar a bhfuil faisnéis maidir le sciar an ábhair phlaistigh bhithbhunaithe, comhlíonfaidh an lipéad sin na sonraíochtaí a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme ábhartha de bhun mhír 6 den Airteagal seo.

Airteagal 12 5

5.   Déanfar lipéid dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 agus an cód QR nó iompróir sonraí digiteacha caighdeánaithe oscailte, de chineál eile dá dtagraítear i mír 2 a ghreamú, a phriontáil nó a ghreanadh go sofheicthe, go hinléite agus go daingean ar an bpacáistíocht, ionas nach féidir iad a scriosadh go héasca. Beidh an fhaisnéis atá iontu ar fáil freisin d’úsáideoirí deiridh sula gceannóidh siad an táirge trí dhíolacháin ar líne. I gcás nach féidir an greamú, an phriontáil nó an greanadh sin a dhéanamh nó nach bhfuil údar leis sin mar gheall ar chineál agus ar mhéid na pacáistíochta, greamófar an lipéad, an cód QR nó iompróir sonraí digiteacha caighdeánaithe oscailte de chineál eile den phacáistíocht ghrúpáilte. I gcás nach féidir fiú é sin a dhéanamh nó nach bhfuil údar leis mar gheall ar chineál agus méid na pacáistíochta nó i gcás ina bhfuil sé ábhartha foráil a dhéanamh do rochtain neamh-idirdhealaitheach ar fhaisnéis le haghaidh grúpaí leochaileacha, go háirithe daoine lagamhairc, soláthrófar an fhaisnéis trí chód aonair atá inléite go leictreonach nó trí chineál eile iompróra sonraí.

Cuirfear an fhaisnéis atá ar na lipéid dá dtagraítear i míreanna 1,2 agus 4 agus sa chód QR nó in iompróir sonraí digiteacha caighdeánaithe oscailte de chineál eile ar fáil i dteanga amháin nó níos mó is féidir le húsáideoirí deiridh a thuiscint go héasca, de réir mar a chinnfidh an Ballstát ina bhfuil an phacáistíocht le cur ar fáil ar an margadh.

I gcás ina gcuirtear faisnéis ar fáil trí mheán leictreonach i gcomhréir le míreanna1, 2 agus 4, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a)

is ar mhaithe le rochtain theoranta a thabhairt don úsáideoir ar an bhfaisnéis ábhartha maidir le comhlíonadh dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo i ndáil le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (68) agus ar mhaithe leis sin amháin a bhaileofar sonraí pearsanta leordhóthanacha ábhartha;

(b)

ní thaispeánfar an fhaisnéis in éineacht le faisnéis eile atá ceaptha chun críoch díolacháin nó margaíochta.

I gcás ina n-éilítear le dlí de chuid an Aontais faisnéis maidir leis an táirge pacáistithe atá le cur ar fáil trí mheán sonraí, bainfear úsáid as aon iompróir sonraí amháin chun an fhaisnéis a éilítear a chur ar fáil le haghaidh an táirge phacáistithe agus le haghaidh na pacáistíochta, agus beifear in ann an dá cheann a idirdhealú go héasca óna chéile.

Airteagal 12 6

6.   Faoin 12 Lúnasa 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun lipéad comhchuibhithe agus sonraíochtaí comhchuibhithe a bhunú le haghaidh na gceanglas agus na bhformáidí maidir le lipéadú, lena n-áirítear i gcás ina soláthraítear iad trí mhodhanna digiteacha, le haghaidh lipéadú pacáistíochta, dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á bhforbairt, cuirfidh an Coimisiún sainiúlachtaí na pacáistíochta ilchodaí san áireamh. Agus an lipéad comhchuibhithe le haghaidh pacáistíochta á fhorbairt aige faoi réir na gcóras aisíoctha éarlaise dá dtagraítear in Airteagal 50(2), cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon athrú a d’fhéadfadh a bheith ar an éarlais arna muirearú ag na Ballstáit. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).

Airteagal 12 7

7.   Faoin 12 Lúnasa 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an mhodheolaíocht a bhunú chun comhdhéanamh ábhar na pacáistíochta dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint trí bhíthin teicneolaíochtaí oscailte caighdeánaithe marcála digití, lena n-áirítear le haghaidh pacáistíocht ilchodach agus comhpháirteanna comhtháite nó ar leithligh de phacáistíocht.

Faoin 1 Eanáir 2030, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme freisin chun an mhodheolaíocht a bhunú chun substaintí ar údar imní iad a shainaithint trí bhíthin teicneolaíochtaí caighdeánaithe, oscailte agus marcála digití. Áireofar sa mhodheolaíocht sin go n-áireofar sa mharcáil ar a laghad ainm agus tiúchan na substainte ar údar imní í atá i ngach ábhar in aonad pacáistíochta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).

Airteagal 12 8

8.   Gan dochar do na ceanglais a bhaineann le lipéid AE chomhchuibhithe eile, ní bhainfidh oibreoirí eacnamaíocha úsáid as lipéid, marcanna, siombail nó inscríbhinní ar dócha go gcuirfí tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile ar míthreoir nó ar strae leo maidir leis na ceanglais inbhuanaitheachta le haghaidh pacáistíochta, saintréithe pacáistíochta eile nó roghanna maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a bhainistiú, ar ina leith a leagtar síos lipéadú comhchuibhithe leis an Rialachán seo. Glacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, treoirlínte chun soiléiriú a dhéanamh ar ghnéithe ar dóigh dóibh tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile a chur ar míthreoir nó ar strae.

Airteagal 12 9

9.   Faoin 12 Feabhra 2027, féadfar pacáistíocht a áirítear i scéim freagrachta leathnaithe táirgeora a shainaithint ar fud chríoch na mBallstát ina bhfuil feidhm ag an scéim nó ag an gcóras sin. Ní dhéanfar sainaithint den sórt sin a bhaint amach ach amháin trí shiombail chomhfhreagrach i gcód QR nó trí theicneolaíocht oscailte chaighdeánaithe marcála digití chun a chur in iúl go gcomhlíonann an táirgeoir a oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora. Beidh an tsiombail sin soiléir agus gan débhrí agus ní chuirfidh sí tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh ar míthreoir maidir le hin-athchúrsáilteacht nó ath-inúsáidteacht na pacáistíochta.

Airteagal 12 10

10.   Pacáistíocht a chumhdaítear le córas aisíoctha éarlaise seachas an phacáistíocht sin dá dtagraítear in Airteagal 50(1), féadfar, faoin dlí náisiúnta, í a shainaithint trí bhíthin siombail chomhfhreagrach ar fud na críche ina bhfuil feidhm leis an scéim nó leis an gcóras sin. Beidh an tsiombail sin soiléir agus gan débhrí agus ní chuirfidh sí tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh ar míthreoir maidir le hin-athchúrsáilteacht nó ath-inúsáidteacht na pacáistíochta sna Ballstáit a gcuirtear ar ais chucu í. Ní thoirmiscfidh na Ballstáit greamú lipéad a bhaineann le córais aisíoctha éarlaise atá i mBallstáit eile.

Airteagal 12 11

11.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an neasphacáistíocht agus an fhorphacáistíocht mar a shainmhínítear i Rialacháin (AE) 2017/745, (AE) 2017/746 agus (AE) 2019/6 agus Treoir 2001/83/CE, mura bhfuil aon spás ar an bpacáistíocht de bharr ceanglais lipéadaithe eile mar a shainmhínítear sna gníomhartha reachtacha sin de chuid an Aontais, nó dá bhféadfadh lipéadú na pacáistíochta cur as d'úsáid shábháilte táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine nó de tháirgí íocshláinte tréidliachta.

Airteagal 12 12

12.   Pacáistíocht dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 a mhonaraítear san Aontas nó a allmhairítear roimh na sprioc-amanna dá dtagraítear sna míreanna sin agus nach gcomhlíonann na critéir a leagtar síos sna míreanna sin, féadfar í a chur ar fáil ar an margadh go dtí 3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos sna míreanna sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.