+Airteagal 7 Ceart daoine nádúrtha chun iniomparthachta sonraí
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
---+Airteagal 7 4

Airteagal 7 Ceart daoine nádúrtha chun iniomparthachta sonraí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1

1.   Beidh sé de cheart ag daoine nádúrtha rochtain a thabhairt do sholáthraí cúraim sláinte, nó iarraidh ar sholáthraí cúraim sláinte a sonraí leictreonacha pearsanta sláinte uile nó cuid díobh a tharchur chuig soláthraí cúraim sláinte eile dá rogha féin láithreach, saor in aisce agus gan bac ón soláthraí cúraim sláinte nó ó mhonaróirí na gcóras a úsáideann an soláthraí cúraim sláinte sin.

Airteagal 7 2

2.   Beidh sé de cheart ag daoine nádúrtha, i gcás ina bhfuil na soláthraithe cúraim sláinte lonnaithe i mBallstáit éagsúla, tarchur na sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a iarraidh i bhformáid malartaithe Eorpach na ríomhthaifead sláinte dá dtagraítear in Airteagal 15 tríd an mbonneagar trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 23. Glacfaidh an soláthraí cúraim sláinte is faighteoir leis na sonraí sin agus beidh sé in ann iad a léamh.

Airteagal 7 3

3.   Beidh sé de cheart ag daoine nádúrtha a iarraidh ar sholáthraí cúraim sláinte cuid dá sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a tharchur chuig faighteoir atá sainaitheanta go soiléir in earnáil na slándála sóisialta nó na seirbhísí aisíocaíochta. Déanfar tarchur den sórt sin láithreach, saor in aisce agus gan bac ón soláthraí cúraim sláinte nó ó mhonaróirí na gcóras a úsáideann an soláthraí cúraim sláinte sin agus ní bheidh ach aon treo amháin i gceist le tarchur den sórt sin.

Airteagal 7 4

4.   I gcás ina mbeidh cóip leictreonach dá gcatagóirí tosaíochta de shonraí leictreonacha pearsanta sláinte íoslódáilte ag daoine nádúrtha i gcomhréir le hAirteagal 3(2), beidh siad in ann na sonraí sin a tharchur chuig soláthraithe cúraim sláinte dá rogha féin i bhformáid malartaithe Eorpach na ríomhthaifead sláinte dá dtagraítear in Airteagal 15. Glacfaidh an soláthraí cúraim sláinte is faighteoir leis na sonraí sin agus beidh sé in ann iad a léamh, de réir mar is infheidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.