+Airteagal 13 Clárú sonraí leictreonacha pearsanta sláinte
---+Airteagal 13 1
---+Airteagal 13 2
---+Airteagal 13 3
---+Airteagal 13 4

Airteagal 13 Clárú sonraí leictreonacha pearsanta sláinte

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1

1.   I gcás ina ndéantar sonraí leictreonacha sláinte a phróiseáil chun cúram sláinte a sholáthar, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe cúraim sláinte na sonraí leictreonacha pearsanta sláinte ábhartha a thagann go hiomlán nó go páirteach faoi, ar a laghad, na catagóirí tosaíochta de shonraí leictreonacha pearsanta sláinte dá dtagraítear in Airteagal 14 san fhormáid leictreonach i gcóras RTS.

Airteagal 13 2

2.   Agus sonraí á bpróiseáil acu i bhformáid leictreonach, áiritheoidh soláthraithe cúraim sláinte go dtabharfar sonraí leictreonacha pearsanta sláinte na ndaoine nádúrtha atá faoina gcoireáil cothrom le dáta le faisnéis a bhaineann leis an gcúram sláinte.

Airteagal 13 3

3.   I gcás ina bhfuil sonraí leictreonacha pearsanta sláinte cláraithe i mBallstát ina ndéantar an chóireáil atá éagsúil leis an mBallstát cleamhnachta an duine nádúrtha lena mbaineann, áiritheoidh an Ballstát ina ndéantar an chóireáil go ndéanfar an clárú faoi shonraí sainaitheantais an duine nádúrtha sin sa Bhallstát cleamhnachta.

Airteagal 13 4

4.   Faoin 26 Márta 2027, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais maidir le cáilíocht sonraí a chinneadh, lena n-áirítear maidir le séimeantaic, aonfhoirmeacht, comhsheasmhacht, cruinneas agus iomláine, chun sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a chlárú i gcóras RTS de réir mar is ábhartha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

Nuair a chláraítear nó a nuashonraítear sonraí leictreonacha pearsanta sláinte, sainaithneofar leis na ríomhthaifid sláinte an gairmí sláinte agus an soláthraí cúraim sláinte a rinne clárú den sórt sin nó an nuashonrú, agus an t-am a rinneadh clárú nó nuashonrú den sórt sin. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar gnéithe eile de chlárú sonraí a thaifeadadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.