1. Faoin 26 Márta 2027, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na sonraíochtaí teicniúla a leagan síos maidir leis na catagóirí tosaíochta de shonraí leictreonacha pearsanta sláinte dá dtagraítear in Airteagal 14(1), lena leagtar amach formáid malartaithe Eorpach na ríomhthaifead sláinte. Beidh formáid den sórt sin in úsáid go coitianta, inléite ag meaisín agus féadfar sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a tharchur idir feidhmchláir bogearraí, feistí agus soláthraithe cúraim sláinte éagsúla léi. Leis an bhformáid sin, tacófar le tarchur sonraí struchtúrtha agus neamhstruchtúrtha sláinte agus beidh na heilimintí seo a leanas san fhormáid:
|
(a)
|
tacair sonraí chomhchuibhithe ina bhfuil sonraí leictreonacha sláinte agus lena sainítear struchtúir, amhail réimsí sonraí agus grúpaí sonraí chun inneachar cliniciúil agus codanna eile de na sonraí leictreonacha sláinte a léiriú;
|
|
(b)
|
córais chódúcháin agus luachanna atá le húsáid i dtacair sonraí ina bhfuil sonraí leictreonacha sláinte;
|
|
(c)
|
sonraíochtaí idir-inoibritheachta teicniúla maidir le malartú sonraí leictreonacha sláinte, lena n-áirítear léiriú inneachar na sonraí sin, a gcaighdeáin agus a bpróifílí.
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).