2. Chun tacú leis na comhlachtaí rochtana sonraí sláinte agus a gcúraimí á gcomhlíonadh go héifeachtach acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, áiritheoidh na Ballstáit go soláthraítear do gach comhlacht rochtana sonraí sláinte na heilimintí seo a leanas:
|
(a)
|
na hacmhainní riachtanacha daonna, airgeadais agus teicniúla;
|
|
(b)
|
an saineolas is gá; agus
|
|
(c)
|
an t-áitreabh agus an bonneagar is gá.
|
I gcás ina gceanglaítear measúnú ó chomhlachtaí eitice faoin dlí náisiúnta, cuirfidh na comhlachtaí sin saineolas ar fáil don chomhlacht rochtana sonraí sláinte. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do chomhlachtaí eitice a bheith mar chuid den chomhlacht rochtana sonraí sláinte.