+Airteagal 55 Comhlachtaí rochtana sonraí sláinte
---+Airteagal 55 1
---+Airteagal 55 2
---+Airteagal 55 3
---+Airteagal 55 4
---+Airteagal 55 5
---+Airteagal 55 6

Airteagal 55 Comhlachtaí rochtana sonraí sláinte

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 55 1

1.   Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht rochtana sonraí sláinte amháin nó níos mó a bheidh freagrach as na cúraimí agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 57, 58 agus 59 a chur i gcrích. Féadfaidh na Ballstáit comhlacht earnála poiblí nua amháin nó níos mó a bhunú nó féadfaidh siad brath ar chomhlachtaí earnála poiblí atá ann cheana nó ar sheirbhísí inmheánacha comhlachtaí earnála poiblí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo. Féadfar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 57 a dháileadh idir comhlachtaí rochtana sonraí sláinte éagsúla. I gcás ina n-ainmníonn Ballstát roinnt comhlachtaí rochtana sonraí sláinte, ainmneoidh sé comhlacht rochtana sonraí sláinte amháin a ghníomhóidh mar chomhordaitheoir agus a bheidh freagrach as cúraimí a chomhordú leis na comhlachtaí rochtana sonraí sláinte eile laistigh de chríoch an Bhallstáit sin i mBallstáit eile.

Rannchuideoidh gach comhlacht rochtana sonraí sláinte le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais. Chun na críche sin, oibreoidh comhlachtaí rochtana sonraí sláinte i gcomhar le chéile, leis an gCoimisiún, agus, i gcás ábhair imní maidir le cosaint sonraí, leis na húdaráis mhaoirseachta ábhartha.

Airteagal 55 2

2.   Chun tacú leis na comhlachtaí rochtana sonraí sláinte agus a gcúraimí á gcomhlíonadh go héifeachtach acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, áiritheoidh na Ballstáit go soláthraítear do gach comhlacht rochtana sonraí sláinte na heilimintí seo a leanas:

(a)

na hacmhainní riachtanacha daonna, airgeadais agus teicniúla;

(b)

an saineolas is gá; agus

(c)

an t-áitreabh agus an bonneagar is gá.

I gcás ina gceanglaítear measúnú ó chomhlachtaí eitice faoin dlí náisiúnta, cuirfidh na comhlachtaí sin saineolas ar fáil don chomhlacht rochtana sonraí sláinte. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do chomhlachtaí eitice a bheith mar chuid den chomhlacht rochtana sonraí sláinte.

Airteagal 55 3

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go seachnófar aon choinbhleachtaí leasa idir codanna eagraíochta na gcomhlachtaí rochtana sonraí sláinte bhfuil na cúraimí éagsúla comhlachtaí den sórt sin á gcomhlíonadh acu, mar shampla, trí fhoráil a dhéanamh maidir le coimircí eagraíochtúla amhail deighilt idir feidhmeanna éagsúla comhlachtaí rochtana sonraí sláinte, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar iarratais, tacair sonraí a ghlacadh agus a ullmhú, mar shampla ainm bréige ar thacair sonraí a chur i bhfeidhm agus iad a anaithnidiú, agus sonraí a sholáthar i dtimpeallachtaí slána próiseála.

Airteagal 55 4

4.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu, oibreoidh na comhlachtaí rochtana sonraí sláinte go gníomhach i gcomhar le hionadaithe na bpáirtithe leasmhara ábhartha, go háirithe le hionadaithe othar, sealbhóirí sonraí sláinte agus úsáideoirí sonraí sláinte agus seachnóidh siad aon choinbhleachtaí leasa.

Airteagal 55 5

5.   I gcomhlíonadh a gcúraimí agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí, seachnóidh comhlachtaí rochtana sonraí sláinte aon choinbhleachtaí leasa. Gníomhóidh foireann na gcomhlachtaí rochtana sonraí sláinte ar mhaithe le leas an phobail agus ar bhealach neamhspleách.

Airteagal 55 6

6.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi chéannacht na gcomhlachtaí rochtana sonraí sláinte arna n-ainmniú de bhun mhír 1 faoin 26 Márta 2027. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas freisin faoi aon mhodhnú ina dhiaidh sin ar chéannacht na gcomhlachtaí sin. Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.