+Airteagal 96 Róil agus freagrachtaí an Choimisiúin maidir le feidhmiú EHDS
---+Airteagal 96 1
---+Airteagal 96 2
---+Airteagal 96 3

Airteagal 96 Róil agus freagrachtaí an Choimisiúin maidir le feidhmiú EHDS

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 96 1

1.   Sa bhreis ar a ról maidir le sonraí leictreonacha sláinte arna sealbhú ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 55, Airteagal 56 agus Airteagal 75(2) agus a chúraimí faoi Chaibidil III, go háirithe Airteagal 40, déanfaidh an Coimisiún na bonneagair agus seirbhísí lárnacha is gá a fhorbairt, a chothabháil, a óstáil agus a oibriú chun tacú le feidhmiú EHDS, le haghaidh eintitis ábhartha nasctha uile, trí bhíthin an méid seo a leanas:

(a)

sásra idir-inoibritheach trasteorann sainaitheantais agus fíordheimhniúcháin do dhaoine nádúrtha agus do ghairmithe sláinte, i gcomhréir le hAirteagal 16(3) agus (4);

(b)

seirbhísí lárnacha agus bonneagair lárnacha le haghaidh sláinte dhigiteach de chuid MoShláinte@AE (MyHealth@EU), i gcomhréir le hAirteagal 23(1);

(c)

seiceálacha comhlíontachta chun rannpháirtithe údaraithe a nascadh in MoShláinte@AE (MyHealth@EU), i gcomhréir le hAirteagal 23(9);

(d)

na seirbhísí forlíontacha sláinte digití trasteorann agus na bonneagair fhorlíontacha sláinte digití trasteorann i dá dtagraítear in Airteagal 24(1);

(e)

mar chuid de SonraíSláinte@AE (HealthData@EU), seirbhís chun iarratais ar rochtain ar shonraí leictreonacha sláinte atá ag sealbhóirí sonraí sláinte i mBallstáit amháin nó níos mó a iarraidh nó atá ag rannpháirtithe údaraithe eile in SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) agus chun na hiarratais ar rochtain ar shonraí sláinte a chur ar aghaidh go huathoibríoch chuig na pointí teagmhála ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 67(3);

(f)

na seirbhísí lárnacha agus bonneagair lárnacha de SonraíSláinte@AE (HealthData@EU), i gcomhréir le hAirteagal 75(7) agus (8);

(g)

timpeallacht shlán phróiseála, i gcomhréir le hAirteagal 75(9), ina bhféadann comhlachtaí rochtana sonraí sláinte a chinneadh sonraí a chur ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 68(8);

(h)

seiceálacha comhlíontachta chun rannpháirtithe údaraithe a nascadh le SonraíSláinte@AE (HealthData@EU), i gcomhréir le hAirteagal 75(11);

(i)

catalóg cónasctha tacar sonraí de chuid an Aontais lena nasctar na catalóga náisiúnta tacar sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 79;

(j)

rúnaíocht le haghaidh Bhord EHDS, i gcomhréir le hAirteagal 92(9);

(k)

rúnaíocht le haghaidh na ngrúpaí stiúrtha, i gcomhréir le hAirteagal 95(8).

Airteagal 96 2

2.   Comhlíonfaidh na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo caighdeáin cháilíochta leordhóthanacha i dtéarmaí infhaighteachta, slándála, acmhainneachta, idir-inoibritheachta, cothabhála, faireacháin agus forbartha chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh EHDS go héifeachtach. Déanfaidh an Coimisiún na seirbhísí sin a sholáthar i gcomhréir le cinntí oibríochtúla na ngrúpaí stiúrtha ábhartha arna mbunú in Airteagal 95.

Airteagal 96 3

3.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a ullmhú ar na bonneagair agus seirbhísí a thacaíonn le EHDS arna soláthar aige i gcomhréir le mír 1 gach dara bhliain agus cuirfear sé í ar fáil don phobal.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.