+1. Faisnéis maidir le taifid a choinneáil
|
1. Faisnéis maidir le taifid a choinneáil
1. Faisnéis maidir le taifid a choinneáil Coimeádfaidh soláthraithe rátála ESG taifid maidir leis na nithe seo a leanas ar fad:
|
(a)
|
maidir le gach rátáil ESG, i gcás inarb infheidhme:
|
(i)
|
céannacht na n-anailísithe rátála a bheidh páirteach i socrú na rátála ESG, céannacht na ndaoine a fhormheasann rátáil ESG, faisnéis maidir le cé acu a iarradh nó nár iarradh an rátáil ESG, agus an dáta a glacadh gníomhaíocht rátála ESG;
|
|
(ii)
|
céannacht na ndaoine atá freagrach as forbairt na modheolaíochta riailbhunaithe, agus céannacht na ndaoine a fhormheasann an mhodheolaíocht rátála;
|
|
|
(b)
|
na taifid chuntais maidir le táillí a fuarthas ó aon mhír rátáilte nó eisitheoir na míre rátáilte nó ó aon tríú páirtí gaolmhar nó aon úsáideoir rátálacha ESG;
|
|
(c)
|
na taifid chuntais do gach úsáideoir rátálacha ESG;
|
|
(d)
|
na taifid lena dtugtar tuairisc ar nósanna imeachta agus modheolaíochtaí rátála bunaithe a úsáideann an soláthraí rátála ESG chun rátálacha ESG a chinneadh;
|
|
(e)
|
na taifid inmheánacha agus an chumarsáid sheachtrach agus na comhaid sheachtracha, lena n-áirítear faisnéis nach bhfuil ar fáil don phobal agus páipéir oibre, a úsáidtear mar bhonn d’aon chinneadh rátála ESG a ghlactar;
|
|
(f)
|
taifid ar na nósanna imeachta agus na bearta a chuir an soláthraí rátála ESG chun feidhme chun an Rialachán sin a chomhlíonadh;
|
|
(g)
|
an mhodheolaíocht a úsáidtear chun rátáil ESG a chinneadh;
|
|
(h)
|
athruithe ar nósanna imeachta agus modheolaíochtaí caighdeánacha nó aon imeacht uathu;
|
|
(i)
|
gach doiciméad a bhaineann le haon ghearán, lena n-áirítear na doiciméid sin a chuir gearánach isteach.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|