+IARSCRÍBHINN I
---+1. Is é cuspóir ginearálta an Chláir cuidiú leis an Liotuáin díchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta …
---+2. Sa tréimhse mhaoiniúcháin dar tús 2021, beidh an clár ina chúnamh do na gníomhaíochtaí seo a …
---+3. Le plean díchoimisiúnúcháin Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina bunaíodh struchtúr …
---+4. Téitear i ngleic leis na príomhdhúshláin sábháilteachta sa tréimhse maoiniúcháin ón 1 Eanáir …
---+5. Dá réir sin, agus an clár oibre ilbhliantúil á ullmhú aige, breithneoidh an Coimisiún, i …
---+6. Scaipfear eolas agus taithí a fuarthas agus ceachtanna a foghlaimíodh faoin gClár maidir leis an …
---+7. Tá diúscairt breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí i stór geolaíoch domhain agus an …
|
IARSCRÍBHINN I
IARSCRÍBHINN I
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
1. Is é cuspóir ginearálta an Chláir cuidiú leis an Liotuáin díchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta …
|
|
1.
|
Is é cuspóir ginearálta an Chláir cuidiú leis an Liotuáin díchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a chur chun feidhme, le béim ar leith ar na dúshláin sábháilteachta a bhaineann leis sin a bhainistiú. Ós rud é go bhfuil baint cóimeálacha breosla spíonta ó fhoirgnimh imoibreora curtha i gcrích, is iad na chéad dúshláin sábháilteachta eile nach mór dul i ngleic leo leis an gClár croí na n-imoibreoirí a dhíchóimeáil agus bainistiú leanúnach a dhéanamh ar dhíchoimisiúnú agus ar dhramhaíl iarmharach.
|
|
|
2. Sa tréimhse mhaoiniúcháin dar tús 2021, beidh an clár ina chúnamh do na gníomhaíochtaí seo a …
|
|
2.
|
Sa tréimhse mhaoiniúcháin dar tús 2021, beidh an clár ina chúnamh do na gníomhaíochtaí seo a leanas a áirítear sa phlean díchoimisiúnúcháin arna thíolacadh ag an Liotuáin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013, go háirithe an méid seo a leanas:
|
(a)
|
díchóimeáil agus dí-éilliú limistéir uachtaracha agus íochtaracha agus threalamh na seaftaí imoibreora, i gcomhréir leis an bplean díchoimisiúnúcháin. Tá an dul chun cinn a rinneadh le tomhas de réir chainníocht agus chineál na n-ábhar a baineadh agus trí luach tuillte chomh maith;
|
|
(b)
|
an dearadh chun limistéir láir na seaftaí imoibreora a dhíchóimeáil agus a dhí-éilliú (croíthe graifíte). Tá an dul chun cinn arna dhéanamh maidir leis an gcuspóir seo le tomhas trí luach tuillte. Tá an cuspóir sin le baint amach roimh 2027, tráth a dheonófar na húdaruithe ábhartha chun an díchóimeáil agus an dí-éilliú iarbhír a dhéanamh, rud atá sceidealta tarlú tar éis 2027;
|
|
(c)
|
bainistiú sábháilte ar an díchoimisiúnú agus ar an dramhaíl iarmharach go dtí go ndéantar iad a stóráil go heatramhach nó a dhiúscairt (ag brath ar an gcatagóir dramhaíola), lena n-áirítear an bonneagar bainistithe dramhaíola a chríochnú i gcás inar gá. Tá an cuspóir sin le baint amach i gcomhréir leis an bplean díchoimisiúnúcháin. Tá an dul arna dheanamh le tomhas de réir chainníocht agus chineál na dramhaíola atá á stóráil nó á diúscairt go sábháilte, agus trí luach tuillte chomh maith;
|
|
(d)
|
an clár um scartáil foirgneamh a chur chun feidhme. Tá an dul arna dheanamh maidir leis an gcuspóir seo le tomhas de réir chainníocht na bhfoirgneamh a scartáladh agus trí luach tuillte chomh maith;
|
|
(e)
|
an ceadúnas díchoimisiúnúcháin a fháil a luaithe a dhéanfar Aonad 1 agus Aonad 2 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhíbhreoslú;
|
|
(f)
|
íosghrádú guaiseacha raideolaíocha. Tá an dul chun cinn arna dhéanamh maidir leis an gcuspóir sin le tomhas trí mheasúnuithe sábháilteachta ar na gníomhaíochtaí agus ar an tsaoráid, trí bhealaí a shainaithint ina bhféadfadh nochtadh féideartha tarlú agus trí mheastachán a dhéanamh ar dhóchúlacht agus ar mhéid an nochta fhéideartha.
|
|
|
|
3. Le plean díchoimisiúnúcháin Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina bunaíodh struchtúr …
|
|
3.
|
Le plean díchoimisiúnúcháin Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina bunaíodh struchtúr miondealaithe oibre an Chláir (Gníomhaíocht Díchoimisiúnúcháin Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina agus Struchtúr Ordlathach Dianscaoilte na dTionscadal). Sa chéad leibhéal den struchtúr miondealaithe oibre sin tá na sé mhír seo a leanas:
|
(a)
|
P.0 “Eagraíocht gníomhaíochta fiontraíochta”;
|
|
(b)
|
P.1 “Ullmhúchán díchoimisiúnúcháin”;
|
|
(c)
|
P.2 “Díchóimeáil/scartáil saoráide agus athchóiriú suímh”;
|
|
(d)
|
P.3 “Láimhseáil Breosla Núicléach Spíonta”;
|
|
(e)
|
P.4 “Láimhseáil dramhaíola”;
|
|
(f)
|
P.5 “Clár iar-oibríochtúil”.
|
Cumhdaítear le mír P.0 “Eagraíocht gníomhaíochta fiontraíochta” bainistiú fiontair, faireachas agus dearbhú cáilíochta, faireachán radaíochta agus éiceolaíochta, slándáil fhisiciúil, comhairleoireacht innealtóireachta agus tacaíocht dlí do ghníomhaíochtaí fiontar agus cumarsáid phoiblí.
Cumhdaítear le mír P.1 “Ullmhúchán díchoimisiúnúcháin” foráil do réamhchoinníollacha díchoimisiúnúcháin (amhail fardal trealaimh agus tréithriú raideolaíoch), bonneagar a mhodhnú, trealamh a shuiteáil agus saoráidí a thógáil, córais agus trealamh a leithlisiú, agus córais phróisis, trealamh agus saoráidí a dhí-éilliú.
Cumhdaítear le mír P.2 “Díchóimeáil/scartáil saoráide agus athchóiriú suímh” imoibreoirí a dhíchóimeáil, trealamh/córais próisis a dhíchóimeáil agus réamhchóireáil dramhaíola, scartáil saoráidí agus athchóiriú suímh.
Cumhdaítear le mír P.3 “Láimhseáil Breosla Núicléach Spíonta” láimhseáil agus stóráil breosla núicléach spíonta.
Cumhdaítear le mír P.4 “Láimhseáil dramhaíola” cóireáil, cóiriú, stóráil agus diúscairt dramhaíola radaighníomhaí ar leibhéal an-íseal agus ar leibhéal idirmheánach a bhíonn mar thoradh ar na gníomhaíochtaí oibríochtúla agus díchoimisiúnúcháin.
Cumhdaítear le mír P.5 “Clár iar-oibríochta” oibriú agus cothabháil saoráidí, acmhainní fuinnimh, soláthar uisce, séarachas agus íonú uisce.
|
|
|
4. Téitear i ngleic leis na príomhdhúshláin sábháilteachta sa tréimhse maoiniúcháin ón 1 Eanáir …
|
|
4.
|
Téitear i ngleic leis na príomhdhúshláin sábháilteachta sa tréimhse maoiniúcháin ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027 trí ghníomhaíochtaí faoi mhíreanna P.1, P.2 agus P.4. Cumhdaítear go háirithe díchóimeáil chroí na n-imoibreoirí faoi mhír P.2. Téitear i ngleic le dúshláin is lú faoi mhír P.3, agus cumhdaítear gníomhaíochtaí tacaíochta díchoimisiúnúcháin le míreanna P.0 agus P.5.
|
|
|
5. Dá réir sin, agus an clár oibre ilbhliantúil á ullmhú aige, breithneoidh an Coimisiún, i …
|
|
5.
|
Dá réir sin, agus an clár oibre ilbhliantúil á ullmhú aige, breithneoidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis an Liotuáin, na méideanna atá ar fáil a dháileadh de réir na dtosaíochtaí atá sainaitheanta i dTábla 1, gan dochar d’Airteagal 8.
Tábla 1
|
#
|
Mír
|
Tosaíocht
|
|
P.0
|
Eagraíocht gníomhaíochta fiontraíochta
|
II
|
|
P.1
|
Ullmhúchán díchoimisiúnúcháin
|
I
|
|
P.2
|
Díchóimeáil/scartáil saoráide agus athchóiriú suímh
|
I
|
|
P.3
|
Láimhseáil Breosla Núicléach Spíonta
|
II
|
|
P.4
|
Láimhseáil dramhaíola
|
I
|
|
P.5
|
Clár iar-oibríochta
|
III
|
|
|
|
6. Scaipfear eolas agus taithí a fuarthas agus ceachtanna a foghlaimíodh faoin gClár maidir leis an …
|
|
6.
|
Scaipfear eolas agus taithí a fuarthas agus ceachtanna a foghlaimíodh faoin gClár maidir leis an bpróiseas díchoimisiúnúcháin ar gheallsealbhóirí an Aontais, agus ar an gcaoi sin, cuirfear feabhas ar bhreisluach AE an Chláir. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh ar na gníomhaíochtaí sin:
|
—
|
naisc agus malartuithe a chruthú i measc gheallsealbhóirí an Aontais, lena n-áirítear na geallsealbhóirí sin arna dtionscnamh ag na Ballstáit;
|
|
—
|
eolas sainráite a dhoiciméadú agus an t-eolas sin a chur ar fáil trí aistrithe iltaobhacha eolais maidir le saincheisteanna díchoimisiúnúcháin agus rialachais um bhainistiú dramhaíola, maidir leis na cleachtais bhainistíochta is fearr, agus maidir le dúshláin theicneolaíocha agus próisis díchoimisiúnúcháin ar an leibhéal oibríochtúil agus eagraíochtúil araon, d’fhonn sineirgí féideartha de chuid AE a fhorbairt.
|
Is é an tAontas a mhaoiníonn na gníomhaíochtaí seo ar ráta 100 % de na costais incháilithe.
Tá JRC le tuairisciú ar an dul chun cinn arna dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí seo, ar dul chun cinn é a thomhasfar ar bhonn táscairí a shonraítear ina chlár oibre ilbhliantúil.
|
|
|
7. Tá diúscairt breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí i stór geolaíoch domhain agus an …
|
|
7.
|
Tá diúscairt breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí i stór geolaíoch domhain agus an t-ullmhúchán chuici sin eisiata ón imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.02.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0101
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|