+4. Critéir bhreise maidir le pointí samplála ózóin
|
4. Critéir bhreise maidir le pointí samplála ózóin
4. Critéir bhreise maidir le pointí samplála ózóin Tá feidhm ag an méid seo a leanas maidir le tomhais sheasta agus tháscacha:
|
Cineál pointe samplála
|
Cuspóirí tomhais
|
Ionadaíochas (1)
|
Critéir maidir le lonnú macrascála
|
|
Cúlsuíomhanna uirbeacha le haghaidh measúnuithe ózóin
|
Sláinte an duine a chosaint:
chun measúnú a dhéanamh ar theagmháil an daonra i gceantair uirbeacha ar ózóin, i.e. in áit ina bhfuil dlús an daonra agus tiúchaintí ózóin measartha ard agus ionadaíoch do theagmháil an phobail i gcoitinne.
|
1 go dtí 10 km2
|
Ar shiúl ó thionchar astaíochtaí áitiúla ar nós tráchta, stáisiúin pheitril, etc.;
suíomhanna le gaothairí inar féidir leibhéil atá measctha go maith a thomhas; i gcás inarb ábhartha agus a mhéid is féidir, suíomhanna ina gcruinníonn daonra íogair agus grúpaí leochaileacha, amhail scoileanna, clóis súgartha, ospidéil agus tithe do dhaoine scothaosta;
suíomhanna ar nós limistéir chónaitheacha agus tráchtála i gcathracha, páirceanna (ar shiúl ó chrainn), sráideanna nó cearnóga leathana ar a bhfuil beagán tráchta nó gan aon trácht, limistéir oscailte den chineál a bhíonn ag áiseanna oideachais, spóirt nó áineasa, de ghnáth.
|
|
Suíomhanna fo-uirbeacha le haghaidh measúnuithe ózóin
|
Sláinte an duine agus an fásra a chosaint:
chun measúnú a dhéanamh ar theagmháil an daonra agus an fhásra atá lonnaithe ar imeall an cheantair uirbigh, áit a bhfuil na leibhéil is airde ózón is dócha a mbeidh an daonra agus an fásra i dteagmháil leo go díreach nó go hindíreach.
|
10 go dtí 100 km2
|
Fad áirithe ó limistéar na n-astaíochtaí uasta, ar chúl na gaoithe a leanann príomhthreo/príomhthreonna na gaoithe le linn coinníollacha atá fabhrach d’fhoirmiú ózóin;
i gcás ina bhfuil an daonra, barra leochaileacha nó éiceachórais nádúrtha atá lonnaithe ar imeall ceantair uirbigh neamhchosanta ar leibhéil arda ozóin;
i gcás inarb iomchuí, roinnt pointí samplála fo-uirbeacha atá ar thaobh na gaoithe de limistéar na n-astaíochtaí uasta, ionas go mbeifear in ann na leibhéil chúlracha réigiúnacha ózóin a chinneadh.
|
|
Suíomhanna tuaithe le haghaidh measúnuithe ózóin
|
Sláinte an duine agus an fásra a chosaint:
chun teagmháil an daonra, na mbarr agus éiceachórais nádúrtha ar thiúchain ózóin ar scála fo-réigiúnach a mheas.
|
Leibhéil fho-réigiúnacha
(100 go dtí 1 000 km2)
|
D’fhéadfadh pointí samplála a bheith lonnaithe i lonnaíochtaí beaga nó i gceantair ina bhfuil éiceachórais nádúrtha, foraoisí nó barra;
ionadaíoch d’ózón ar shiúl ó thionchar astaíochtaí áitiúla ar nós láithreáin tionscail agus bóithre;
ag suíomhanna oscailte.
|
|
Cúlsuíomhanna tuaithe le haghaidh measúnuithe ózóin
|
Sláinte an duine agus an fásra a chosaint:
chun teagmháil barr agus éiceachóras nádúrtha ar thiúchain ózóin ar scála réigiúnach a mheas chomh maith le teagmháil an daonra.
|
Leibhéil réigiúnacha/náisiúnta/ilchríochacha
(1 000 go dtí 10 000 km2)
|
Pointí samplála atá lonnaithe i gceantair ina bhfuil dlús daonra níos ísle, e.g. ina bhfuil éiceachórais nádúrtha, foraoisí, atá ar a laghad 20 km ó cheantair uirbeacha agus thionsclaíocha agus ar shiúl ó astaíochtaí áitiúla;
seachain suíomhanna atá faoi réir cruthú coinníollacha inbhéartaithe gar don talamh atá feabhsaithe go háitiúil;
ní moltar láithreáin ar an gcósta áit a bhfuil timthriallta gaoithe laethúla suntasacha ag a bhfuil gné áitiúil.
|
Maidir le pointí samplála le haghaidh suíomhanna tuaithe agus cúlsuíomhanna tuaithe, déanfar lonnú na bpointí samplála sin a chomhordú, i gcás inarb iomchuí, leis na ceanglais faireacháin i Rialachán (CE) Uimh. 1737/2006 ón gCoimisiún (2).
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|