+IARSCRÍBHINN IV Measúnú ar aercháilíocht chomhthimpeallach agus suíomh na bpointí samplála
---+1. Déanfar measúnú ar aercháilíocht chomhthimpeallach ar gach suíomh seachas na suíomhanna sin a …
---+2. Ní dhéanfar measúnú ar chomhlíontacht leis na teorainnluachanna agus na spriocluachanna atá …
---+1. Faisnéis
---+2. Sláinte an duine a chosaint
---+3. Fásra agus éiceachórais nádúrtha a chosaint
---+4. Critéir bhreise maidir le pointí samplála ózóin
---+5. Critéir chun limistéar ionadaíochais spásúla na bpointí samplála a chinneadh
---+1. Déanfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as measúnú ar cháilíocht an aeir, na nósanna …
---+2. Áireofar leis an doiciméadacht suíomh na bpointí samplála trí chomhordanáidí spásúla, trí …
---+3. Áireofar leis an doiciméadacht fianaise maidir leis na cúiseanna atá le dearadh an líonra agus …
---+4. I gcás ina mbaintear úsáid as tomhais tháscacha, feidhmchláir samhaltaithe nó meastachán …
---+5. I gcás ina mbaintear úsáid as tomhais tháscacha, feidhmchláir samhaltaithe nó meastachán …
---+6. Maidir leis an tomhas ar ózón, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm scagadh ceart agus léirmhíniú …
---+7. I gcás inarb infheidhme, áireofar leis an doiciméadacht liosta na substaintí réamhtheachtaithe …
---+8. I gcás inarb infheidhme, áireofar freisin leis an doiciméadacht faisnéis maidir leis na modhanna …
---+9. Déanfar athbhreithniú gach 5 bliana ar a laghad ar na critéir roghnúcháin, ar dhearadh an líonra …
---+10. Tabharfar an doiciméadacht cothrom le dáta tar éis gach athbhreithnithe agus athruithe ábhartha …
|
IARSCRÍBHINN IV Measúnú ar aercháilíocht chomhthimpeallach agus suíomh na bpointí samplála
IARSCRÍBHINN IV Measúnú ar aercháilíocht chomhthimpeallach agus suíomh na bpointí samplála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
1. Déanfar measúnú ar aercháilíocht chomhthimpeallach ar gach suíomh seachas na suíomhanna sin a …
|
|
1.
|
Déanfar measúnú ar aercháilíocht chomhthimpeallach ar gach suíomh seachas na suíomhanna sin a liostaítear i bpointe 2.
Beidh feidhm ag Pointí B agus C maidir le suíomh na bpointí samplála. Beidh feidhm ag na prionsabail arna mbunú le Pointí B agus C freisin a mhéid atá siad ábhartha chun na suíomhanna sonracha a shainaithint ina suitear tiúchaintí na dtruailleán ábhartha agus ina ndéantar measúnú ar aercháilíocht chomhthimpeallach trí thomhais tháscacha nó trí fheidhmchláir samhaltaithe.
|
|
|
2. Ní dhéanfar measúnú ar chomhlíontacht leis na teorainnluachanna agus na spriocluachanna atá …
|
|
2.
|
Ní dhéanfar measúnú ar chomhlíontacht leis na teorainnluachanna agus na spriocluachanna atá dírithe ar shláinte an duine a chosaint ar na suíomhanna seo a leanas:
|
(a)
|
aon suíomh atá lonnaithe laistigh de cheantair nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu agus nach bhfuil aon áit chónaithe sheasta iontu;
|
|
(b)
|
i gcomhréir le hAirteagal 4, pointe (1), ar áitribh mhonarchana nó ag láithreáin tionscail a bhfuil feidhm ag gach foráil ábhartha i dtaca le sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre maidir leo;
|
|
(c)
|
ar charrbhealaigh bóithre; agus ar lárthearmainn bóithre seachas áiteanna ina mbíonn rochtain ag coisithe nó ag rothaithe ar an lárthearmann de ghnáth.
|
|
B. Lonnú macrascála pointí samplála
|
|
1. Faisnéis
|
1. Faisnéis Agus pointí samplála á lonnú, cuirfear san áireamh sonraí greillithe náisiúnta maidir le hastaíochtaí arna dtuairisciú de bhun Threoir (AE) 2016/2284, sonraí astaíochtaí arna dtuairisciú faoin gClár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, fardail astaíochtaí áitiúla.
|
|
2. Sláinte an duine a chosaint
|
2. Sláinte an duine a chosaint
|
(a)
|
Déanfar pointí samplála atá dírithe ar chosaint shláinte an duine a lonnú ar bhealach ina gcuirfear sonraí iontaofa ar fáil faoi gach ceann de na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
leibhéil tiúchana ag teophointí aerthruaillithe laistigh de na limistéir;
|
|
(ii)
|
leibhéil tiúchana i gceantair eile laistigh de na limistéir atá ina léiriú ar theagmháil an phobail i gcoitinne, i gcúlsuíomhanna uirbeacha agus i gcúlsuíomhanna tuaithe araon;
|
|
(iii)
|
i gcás arsanaice, caidmiam, luaidhe, mearcair, nicile agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha, na rátaí deascaidh lena léirítear teagmháil indíreach an phobail tríd an mbiashlabhra;
|
|
|
(b)
|
déanfar pointí samplála a lonnú, go ginearálta, ar bhealach ina seachnófar tomhas ar mhicrea-thimpeallachtaí i ngarchomharsanacht an phointe samplála, rud a fhágann go ndéanfar, i gcás inarb indéanta, pointe samplála a lonnú ar bhealach ina mbeidh an t-aer sampláilte ionadaíoch d’aercháilíocht le haghaidh stráice sráide nach lú ná 100 m ar fad ag suíomhanna ina dtomhaistear rannchuidiú an tráchta bóithre, ar a laghad 25 m × 25 m ag suíomhanna ina dtomhaistear an rannchuidiú ó théamh baile, agus ar a laghad 250 m × 250 m ag suíomhanna ina dtomhaistear an rannchuidiú ó laithreáin thionsclaíocha nó ó fhoinsí eile amhail calafoirt nó aerfoirt;
|
|
(c)
|
i gcás inarb é an cuspóir measúnú a dhéanamh ar aercháilíocht i dteophointí aerthruaillithe, déanfar pointí samplála a shuiteáil sna ceantair laistigh de limistéir ina bhfuil na tiúchaintí is airde is dócha a mbeidh an daonra i dteagmháil go díreach nó go hindíreach leo ar feadh tréimhse atá suntasach i ndáil le tréimhse mheánaithe na dteorainnluachanna nó na spriocluachanna; beidh na pointí samplála lonnaithe, i gcás inarb ábhartha agus a mhéid is féidir, i gceantair inar dócha go mbeidh daonra íogair agus grúpaí leochaileacha i dteagmháil go díreach nó go hindíreach leo ar feadh tréimhse atá suntasach i ndáil le meántréimhse na dteorainnluachanna nó na spriocluachanna, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do limistéir chónaithe, scoileanna, ospidéil, saoráidí maireachtála cuidithe nó limistéir oifige;
|
|
(d)
|
déanfar pointí samplála i gcúlsuíomhanna uirbeacha a lonnú ionas go mbeidh tionchar ag an rannchuidiú comhtháite ó na foinsí ábhartha go léir ar a leibhéal truaillithe; ní bheidh an chuid is mó den tionchar ag foinse aonair ar an leibhéal truaillithe ach amháin má tá a leithéid de chás tipiciúil i gceantar mór uirbeach; mar riail ghinearálta, beidh na pointí samplála sin ionadaíoch do roinnt ciliméadar cearnach;
|
|
(e)
|
déanfar pointí samplála i gcúlsuíomhanna tuaithe a lonnú ionas go mbeidh tionchar ag an rannchuidiú comhtháite ó fhoinsí ábhartha ar a leibhéal truaillithe ach nach mbeidh tionchar ag limistéir uirbeacha, mórbhóithre nó láithreáin thionsclaíocha ina gcomharsanacht air, i.e. níos gaire ná 5 km, ar a leibhéal truaillithe;
|
|
(f)
|
i gcás inarb é an cuspóir measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú an tráchta bóithre, beidh pointí samplála suite ar bhealach ina soláthrófar sonraí ar na sráideanna ina dtarlaíonn na tiúchaintí is airde, agus méid tráchta (arb ionann é agus an dlús tráchta is mó sa limistéar), dálaí scaipthe áitiúla agus úsáid na talún spásúla (mar shampla i gcainneon sráide) á gcur san áireamh;
|
|
(g)
|
i gcás inarb é an cuspóir measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú an téimh baile, suiteálfar pointí samplála ar chúl na gaoithe ó na príomhfhoinsí laistigh de phríomhthreo gaoithe ábhartha na bhfoinsí sin;
|
|
(h)
|
i gcás inarb é an cuspóir measúnú a dhéanamh ar rannchuidithe foinsí tionsclaíocha, calafort nó aerfort, suiteálfar pointe samplála amháin ar a laghad ar chúl na gaoithe ón bpríomhfhoinse laistigh de phríomhthreo na gaoithe ábhartha, sa limistéar cónaithe is gaire; i gcás nach eol an tiúchan cúlra, déanfar pointe samplála breise a lonnú ar thaobh na gaoithe den phríomhfhoinse, i gcoibhneas le príomhthreo gaoithe ábhartha; féadfar na pointí samplála a shuíomh ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm BAT;
|
|
(i)
|
beidh pointí samplála, i gcás inar féidir, ionadaíoch freisin do shuíomhanna comhchosúla nach bhfuil i ngarchomharsanacht na bpointí samplála; sna limistéir ina bhfuil leibhéal na dtruailleán aeir os cionn na tairsí measúnaithe, saineofar go soiléir an limistéar a bhfuil gach pointe samplála ionadaíoch dó; cumhdófar an limistéar iomlán, i gcás inar féidir, leis na limistéir ionadaíochais éagsúla a shainítear le haghaidh na bpointí samplála sin; maidir le tiúchaintí i gceantair laistigh de limistéir nach gcumhdaítear le pointí samplála an limistéir sin, déanfar iad a mheasúnú le modhanna iomchuí;
|
|
(j)
|
tabharfar aird ar an ngá le pointí samplála a lonnú ar oileáin i gcás ina bhfuil gá leis sin chun sláinte an duine a chosaint;
|
|
(k)
|
i gcás inar féidir, déanfar pointí samplála lena dtomhaistear arsanaic, caidmiam, luaidhe, mearcair, nicil agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha a chomhlonnú le pointí samplála le haghaidh PM10.
|
|
|
3. Fásra agus éiceachórais nádúrtha a chosaint
|
3. Fásra agus éiceachórais nádúrtha a chosaint Déanfar pointí samplála atá dírithe ar chosaint fásra agus éiceachóras nádúrtha a lonnú níos mó ná 20 km ar shiúl ó cheantair uirbeacha nó níos mó ná 5 km ar shiúl ó cheantair fhoirgnithe, láithreáin tionscail nó mótarbhealaí nó mórbhóithre ar a mbíonn níos mó ná 50 000 feithicil in aghaidh an lae, rud a fhágann go mbeidh pointe samplála lonnaithe ar bhealach lena mbeidh an t-aer sampláilte ionadaíoch d’aercháilíocht i gceantar máguaird atá 1 000 km2 ar a laghad. Is féidir le Ballstát foráil a dhéanamh maidir le pointe samplála a lonnú níos gaire nó foráil a dhéanamh go mbeidh sé ionadaíoch d’aercháilíocht i limistéir nach bhfuil chomh leathnaithe, agus na coinníollacha geografacha nó na deiseanna chun limistéir íogaire a chosaint á gcur san áireamh. Tabharfar aird ar an ngá measúnú a dhéanamh ar aercháilíocht ar oileáin.
|
|
4. Critéir bhreise maidir le pointí samplála ózóin
|
4. Critéir bhreise maidir le pointí samplála ózóin Tá feidhm ag an méid seo a leanas maidir le tomhais sheasta agus tháscacha:
|
Cineál pointe samplála
|
Cuspóirí tomhais
|
Ionadaíochas (1)
|
Critéir maidir le lonnú macrascála
|
|
Cúlsuíomhanna uirbeacha le haghaidh measúnuithe ózóin
|
Sláinte an duine a chosaint:
chun measúnú a dhéanamh ar theagmháil an daonra i gceantair uirbeacha ar ózóin, i.e. in áit ina bhfuil dlús an daonra agus tiúchaintí ózóin measartha ard agus ionadaíoch do theagmháil an phobail i gcoitinne.
|
1 go dtí 10 km2
|
Ar shiúl ó thionchar astaíochtaí áitiúla ar nós tráchta, stáisiúin pheitril, etc.;
suíomhanna le gaothairí inar féidir leibhéil atá measctha go maith a thomhas; i gcás inarb ábhartha agus a mhéid is féidir, suíomhanna ina gcruinníonn daonra íogair agus grúpaí leochaileacha, amhail scoileanna, clóis súgartha, ospidéil agus tithe do dhaoine scothaosta;
suíomhanna ar nós limistéir chónaitheacha agus tráchtála i gcathracha, páirceanna (ar shiúl ó chrainn), sráideanna nó cearnóga leathana ar a bhfuil beagán tráchta nó gan aon trácht, limistéir oscailte den chineál a bhíonn ag áiseanna oideachais, spóirt nó áineasa, de ghnáth.
|
|
Suíomhanna fo-uirbeacha le haghaidh measúnuithe ózóin
|
Sláinte an duine agus an fásra a chosaint:
chun measúnú a dhéanamh ar theagmháil an daonra agus an fhásra atá lonnaithe ar imeall an cheantair uirbigh, áit a bhfuil na leibhéil is airde ózón is dócha a mbeidh an daonra agus an fásra i dteagmháil leo go díreach nó go hindíreach.
|
10 go dtí 100 km2
|
Fad áirithe ó limistéar na n-astaíochtaí uasta, ar chúl na gaoithe a leanann príomhthreo/príomhthreonna na gaoithe le linn coinníollacha atá fabhrach d’fhoirmiú ózóin;
i gcás ina bhfuil an daonra, barra leochaileacha nó éiceachórais nádúrtha atá lonnaithe ar imeall ceantair uirbigh neamhchosanta ar leibhéil arda ozóin;
i gcás inarb iomchuí, roinnt pointí samplála fo-uirbeacha atá ar thaobh na gaoithe de limistéar na n-astaíochtaí uasta, ionas go mbeifear in ann na leibhéil chúlracha réigiúnacha ózóin a chinneadh.
|
|
Suíomhanna tuaithe le haghaidh measúnuithe ózóin
|
Sláinte an duine agus an fásra a chosaint:
chun teagmháil an daonra, na mbarr agus éiceachórais nádúrtha ar thiúchain ózóin ar scála fo-réigiúnach a mheas.
|
Leibhéil fho-réigiúnacha
(100 go dtí 1 000 km2)
|
D’fhéadfadh pointí samplála a bheith lonnaithe i lonnaíochtaí beaga nó i gceantair ina bhfuil éiceachórais nádúrtha, foraoisí nó barra;
ionadaíoch d’ózón ar shiúl ó thionchar astaíochtaí áitiúla ar nós láithreáin tionscail agus bóithre;
ag suíomhanna oscailte.
|
|
Cúlsuíomhanna tuaithe le haghaidh measúnuithe ózóin
|
Sláinte an duine agus an fásra a chosaint:
chun teagmháil barr agus éiceachóras nádúrtha ar thiúchain ózóin ar scála réigiúnach a mheas chomh maith le teagmháil an daonra.
|
Leibhéil réigiúnacha/náisiúnta/ilchríochacha
(1 000 go dtí 10 000 km2)
|
Pointí samplála atá lonnaithe i gceantair ina bhfuil dlús daonra níos ísle, e.g. ina bhfuil éiceachórais nádúrtha, foraoisí, atá ar a laghad 20 km ó cheantair uirbeacha agus thionsclaíocha agus ar shiúl ó astaíochtaí áitiúla;
seachain suíomhanna atá faoi réir cruthú coinníollacha inbhéartaithe gar don talamh atá feabhsaithe go háitiúil;
ní moltar láithreáin ar an gcósta áit a bhfuil timthriallta gaoithe laethúla suntasacha ag a bhfuil gné áitiúil.
|
Maidir le pointí samplála le haghaidh suíomhanna tuaithe agus cúlsuíomhanna tuaithe, déanfar lonnú na bpointí samplála sin a chomhordú, i gcás inarb iomchuí, leis na ceanglais faireacháin i Rialachán (CE) Uimh. 1737/2006 ón gCoimisiún (2).
|
|
5. Critéir chun limistéar ionadaíochais spásúla na bpointí samplála a chinneadh
|
5. Critéir chun limistéar ionadaíochais spásúla na bpointí samplála a chinneadh Agus an limistéar ionadaíochais spásúla á chinneadh, breithneofar na saintréithe seo a leanas:
|
(a)
|
féadfaidh fearainn neamh-chomhtheagmhálacha a áireamh sa limistéar geografach ach beidh teorainn lena leathnú mar gheall ar theorainneacha an limistéir atá á bhreithniú;
|
|
(b)
|
má dhéantar measúnú air trí fheidhmchláir samhaltaithe, bainfear úsáid as córas samhaltaithe atá oiriúnach don fheidhm agus bainfear úsáid as tiúchaintí shamhaltaithe ag suíomh an phointe samplála ionas nach ndéanfaidh claontachtaí córasacha tomhais shamhaltaithe an measúnú a shaobhadh;
|
|
(c)
|
féadfar méadrachtaí eile seachas dearbhthiúchain a chur san áireamh, e.g. peircintílí;
|
|
(d)
|
d’fhéadfadh na leibhéil lamháltais agus na scoithphointí a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh na dtruailleán éagsúil a bheith éagsúil ag brath ar shaintréithe an phointe samplála;
|
|
(e)
|
bainfear úsáid as meán bliantúil na tiúchana truailleáin breathnaithe mar an méadrach aercháilíochta le haghaidh bliain ar leith.
|
C. Lonnú micreascála pointí samplála Beidh feidhm ag an méid seo a leanas a mhéid is indéanta:
|
(a)
|
beidh an sreabhadh timpeall ionraon an phointe samplála neamhshrianta (go ginearálta saor i stua 270o ar a laghad, nó, i gcás pointí samplála ag an líne fhoirgníochta, i stua 180o ar a laghad) gan aon bhacainní a dhéanann difear don sreabhadh aeir i ngaireacht an ionraoin (ar a laghad 1,5 m ar shiúl ó fhoirgnimh, balcóin, crainn agus ó bhacainní eile, agus ar a laghad 0,5 m ón bhfoirgneamh is gaire i gcás pointí samplála a léiríonn aercháilíocht ag an líne fhoirgníochta);
|
|
(b)
|
go ginearálta, beidh ionraon an phointe samplála idir 0,5 m (an limistéar análaithe) agus 4 m os cionn na talún; d’fhéadfadh lonnú níos airde a bheith iomchuí freisin má tá an pointe samplála lonnaithe i gcúlsuíomh; déanfar an cinneadh suíomh níos airde den sórt sin a chur i bhfeidhm a dhoiciméadú go hiomlán;
|
|
(c)
|
ní chuirfear an tóireadóir ionraoin i ngarchomharsanacht foinsí ionas nach nglacfar isteach go díreach astaíochtaí nach bhfuil measctha leis an aer comhthimpeallach nach dócha a mbeidh an pobal neamhchosanta orthu;
|
|
(d)
|
lonnófar sceithphíopa an tsamplóra ionas go seachnófar athshruthú aeir sceite chuig ionraon an tsamplóra;
|
|
(e)
|
maidir le gach truailleán, beidh tóireadóirí samplála atá dírithe ar thomhas a dhéanamh ar rannchuidiú an tráchta bóithre ar a laghad 25 m ar shiúl ó imeall mór-acomhal agus ní bheidh siad níos mó ná 10 m ó cholbha an chosáin; chun críocha an phointe seo, ciallaíonn ‘colbha an chosáin’ an líne a scarann trácht mótair ó limistéir eile; ciallaíonn ‘mór-acomhal’ acomhal a chuireann isteach ar an sreabhadh tráchta agus is cúis le hastaíochtaí eile (astaíochtaí stoptha agus imeachta) i gcomparáid leis an gcuid eile den bhóthar;
|
|
(f)
|
maidir leis na tomhais ar dheascadh i gcúlsuíomhanna tuaithe, beidh feidhm ag treoirlínte agus critéir EMEP;
|
|
(g)
|
maidir leis an tomhas ar ózón, áiritheoidh na Ballstáit go lonnófar an pointe samplála i bhfad ó fhoinsí amhail foirnéisí agus múcháin loiscthe, agus níos mó ná 10 m ón mbóthar is gaire, agus an t-achar á mhéadú mar fheidhm de dhlús an tráchta;
|
|
(h)
|
féadfar na tosca seo a leanas a chur san áireamh freisin:
|
(iv)
|
infhaighteacht cumhachta leictrí agus cumarsáide teileafóin;
|
|
(v)
|
infheictheacht an láithreáin i dtaca lena thimpeallacht;
|
|
(vi)
|
sábháilteacht an phobail agus na n-oibreoirí;
|
|
(vii)
|
a inmhianaithe atá sé pointí samplála le haghaidh truailleáin éagsúla a chomhlonnú;
|
|
(viii)
|
ceanglais phleanála.
|
|
D. Láithreán a roghnú, a athbhreithniú agus a dhoiciméadú
|
|
1. Déanfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as measúnú ar cháilíocht an aeir, na nósanna …
|
|
1.
|
Déanfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as measúnú ar cháilíocht an aeir, na nósanna imeachta maidir le roghnú láithreáin a dhoiciméadú go hiomlán le haghaidh gach limistéir agus déanfaidh siad faisnéis a thaifeadadh chun tacú le dearadh an líonra agus leis an rogha láithreáin i gcás gach láithreáin faireacháin. Tacófar le dearadh an líonra faireacháin ar a laghad trí fheidhmchláir samhaltaithe nó trí thomhais tháscacha.
|
|
|
2. Áireofar leis an doiciméadacht suíomh na bpointí samplála trí chomhordanáidí spásúla, trí …
|
|
2.
|
Áireofar leis an doiciméadacht suíomh na bpointí samplála trí chomhordanáidí spásúla, trí léarscáileanna mionsonraithe agus trí ghrianghraif den cheantar mórthimpeall ar na láithreáin faireacháin ina léirítear na haird chompáis, agus áireofar inti faisnéis maidir le hionadaíochas spásúil na bpointí samplála uile.
|
|
|
3. Áireofar leis an doiciméadacht fianaise maidir leis na cúiseanna atá le dearadh an líonra agus …
|
|
3.
|
Áireofar leis an doiciméadacht fianaise maidir leis na cúiseanna atá le dearadh an líonra agus lena léirítear go bhfuil Pointí B agus C á gcomhlíonadh, go háirithe:
|
(a)
|
údar le roghnú suíomhanna atá ionadaíoch do na leibhéil truaillithe is airde sa limistéar nó sa cheirtleán do gach truailleán;
|
|
(b)
|
na cúiseanna ar roghnaíodh suíomhanna atá ionadaíoch do theagmháil ghinearálta an daonra; agus
|
|
(c)
|
aon athrú ar na critéir maidir le lonnú micreascála, na cúiseanna is bunús leis an athrú sin agus an tionchar is dócha a bheidh aige sin ar na leibhéil thomhaiste.
|
|
|
|
4. I gcás ina mbaintear úsáid as tomhais tháscacha, feidhmchláir samhaltaithe nó meastachán …
|
|
4.
|
I gcás ina mbaintear úsáid as tomhais tháscacha, feidhmchláir samhaltaithe nó meastachán oibiachtúil, nó meascán díobh sin laistigh de limistéar, áireofar leis an doiciméadacht mionsonraí maidir leis na modhanna sin agus faisnéis maidir leis an gcaoi a gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 9(3).
|
|
|
5. I gcás ina mbaintear úsáid as tomhais tháscacha, feidhmchláir samhaltaithe nó meastachán …
|
|
5.
|
I gcás ina mbaintear úsáid as tomhais tháscacha, feidhmchláir samhaltaithe nó meastachán oibiachtúil, úsáidfidh na húdaráis inniúla sonraí greillithe a thuairiscítear de bhun Threoir (AE) 2016/2284, faisnéis maidir le hastaíochtaí a thuairiscítear faoi Threoir 2010/75/AE agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, fardail astaíochtaí áitiúla.
|
|
|
6. Maidir leis an tomhas ar ózón, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm scagadh ceart agus léirmhíniú …
|
|
6.
|
Maidir leis an tomhas ar ózón, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm scagadh ceart agus léirmhíniú ceart ar na sonraí faireacháin i gcomhthéacs na bpróiseas meitéareolaíochta agus fótaceimiceach a dhéanann difir do na tiúchaintí ózóin a thomhaistear ar na suíomhanna faoi seach.
|
|
|
7. I gcás inarb infheidhme, áireofar leis an doiciméadacht liosta na substaintí réamhtheachtaithe …
|
|
7.
|
I gcás inarb infheidhme, áireofar leis an doiciméadacht liosta na substaintí réamhtheachtaithe ózóin, an cuspóir atáthar a iarraidh lena dtomhas agus na modhanna a úsáidtear lena sampláil agus lena dtomhas.
|
|
|
8. I gcás inarb infheidhme, áireofar freisin leis an doiciméadacht faisnéis maidir leis na modhanna …
|
|
8.
|
I gcás inarb infheidhme, áireofar freisin leis an doiciméadacht faisnéis maidir leis na modhanna tomhais a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar chomhdhéanamh ceimiceach PM2,5.
|
|
|
9. Déanfar athbhreithniú gach 5 bliana ar a laghad ar na critéir roghnúcháin, ar dhearadh an líonra …
|
|
9.
|
Déanfar athbhreithniú gach 5 bliana ar a laghad ar na critéir roghnúcháin, ar dhearadh an líonra agus ar shuíomhanna na láithreán faireacháin, arna sainiú ag na húdaráis inniúla i bhfianaise cheanglais na hIarscríbhinne seo, chun a áirithiú go mbeidh siad fós bailí agus optamach le himeacht ama. Tacófar leis an athbhreithniú ar a laghad trí fheidhmchláir samhaltaithe nó trí thomhais tháscacha. I gcás ina bhfionnann athbhreithniú den sórt sin nach bhfuil dearadh an líonra agus suíomhanna na láithreán faireacháin bailí a thuilleadh, déanfaidh an t-údarás inniúil iad a thabhairt cothrom le dáta a luaithe is féidir.
|
|
|
10. Tabharfar an doiciméadacht cothrom le dáta tar éis gach athbhreithnithe agus athruithe ábhartha …
|
|
10.
|
Tabharfar an doiciméadacht cothrom le dáta tar éis gach athbhreithnithe agus athruithe ábhartha eile ar an líonra faireacháin, agus cuirfear ar fáil don phobal í trí bhealaí cumarsáide iomchuí.
|
(1) Beidh pointí samplála, i gcás inar féidir, ionadaíoch freisin do shuíomhanna comhchosúla nach bhfuil i ngarchomharsanacht na bpointí samplála.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1737/2006 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2152/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán ar fhoraoiseacha agus idirghníomhú comhshaoil sa Chomhphobal (IO L 334, 30.11.2006, lch. 1).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|