+IARSCRÍBHINN I GNÍOMHAÍOCHTAÍ

IARSCRÍBHINN I GNÍOMHAÍOCHTAÍ

IARSCRÍBHINN I

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Saothrófar na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2) trí Chlár Euratom 2026-2027 ina iomláine, de réir phríomhairíonna na ngníomhaíochtaí a bhfuil tuairisc orthu san Iarscríbhinn seo. Trí na cuspóirí sonracha sin a chur chun feidhme, le Clár Euratom 2026-2027, tacaítear leis na Ballstáit reachtaíocht Euratom (1) a chur chun feidhme agus treisítear iarrachtaí taighde na mBallstát sin mar aon le hiarrachtaí taighde na hearnála príobháidí. Ba cheart, leis na cuspóirí sonracha sin, rannchuidiú leis an gceannaireacht theicneolaíoch sa réimse núicléach a choinneáil ar bun agus a fhorbairt a thuilleadh.

Chun na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a bhaint amach, le Clár Euratom 2026-2027 tacófar le gníomhaíochtaí trasearnála lena n-áirithítear sineirge na n-iarrachtaí taighde maidir le dúshláin chomhchoiteanna a réiteach. Áiritheofar go ndéantar naisc agus idirphlé iomchuí, amhail glaonna comhpháirteacha leis an gclár Fís Eorpach. Féadfaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta gaolmhara tairbhiú den tacaíocht airgeadais arna soláthar ag na cistí faoi Rialachán (AE) 2021/1060- ach iad a bheith i gcomhréir le cuspóirí agus rialacháin na gcistí sin.

Ar na gníomhaíochtaí a liostaítear san Iarscríbhinn seo, tá comhar idirnáisiúnta sa taighde agus nuálaíocht núicléach le húsáid shíochánta, bunaithe ar spriocanna comhroinnte agus ar mhuinín fhrithpháirteach d’fhonn tairbhí soiléire móra a chur ar fáil don Aontas, dá shaoránaigh agus don chomhshaol. Áirítear leis sin an comhar idirnáisiúnta trí chreataí iltaobhacha. Leanfaidh JRC, arb é Gníomhaire Cur Chun Feidhme Euratom a aithnítear go foirmiúil d’Fhóram Idirnáisiúnta Ghlúin IV (FIG) (2) é, de rannchuidiú Chomhphobal Euratom le gníomhaíochtaí taighde agus oiliúna FIG, agus de rannpháirtíocht an Chomhphobail sin sna gníomhaíochtaí sin, a éascú agus a chomhordú. An rannchuidiú le gníomhaíochtaí FIG faoi raon feidhme Chlár Euratom 2026-2027, is rannchuidiú é atá dírithe ar ghníomhaíochtaí taighde agus oiliúna maidir leis an méid seo a leanas an tsábháilteacht núicléach, cosaint ar radaíocht, coimircí agus neamhleathadh a bhaineann go sonrach le córais Ghlúin IV.

Déanfaidh Bord Gobharnóirí JRC anailís ar aon ghníomhaíocht nua a shannfar do JRC d’fhonn a chomhsheasmhacht le gníomhaíochtaí atá ann cheana sna Ballstáit a sheiceáil agus dúbailt taighde agus forbartha sa réimse núicléach a sheachaint san Aontas.

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin an chláir oibre ábhartha faoi Chlár Euratom 2026-2027, leanúint de dheontais arna ndámhachtain faoi Rialachán (Euratom) 2021/765 a chistiú.

Tá tosaíochtaí na gclár oibre le bunú ag an gCoimisiún ar bhonn ionchuir ó údaráis phoiblí, ó gheallsealbhóirí sa taighde núicléach agus ó aon eagraíocht nó fóram ábhartha de chuid na ngeallsealbhóirí sa réimse núicléach.

Tá taighde agus oiliúint sna réimsí seo a leanas incháilithe do chistiú ó Chlár Euratom 2026-2027:

(a)

feabhas a chur ar an tsábháilteacht núicléach, slándáil núicléach, coimircí núicléacha, cosaint ar radaíocht, breosla spíonta sábháilte agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnú, lena n-áirítear úsáid shábháilte, shlán, éifeachtúil an fhuinnimh núicléach agus feidhmeanna neamhchumhachtacha radaíochta ianúcháin (3):

(i)

an tsábháilteacht núicléach: córas imoibritheora agus timthriallta breosla, atá in úsáid sa Chomhphobal, a mhéid is gá chun saineolas fairsing a choinneáil ar bun sa Chomhphobal maidir le sábháilteacht núicléach, na cineálacha imoibritheoirí sin agus a dtimthriallta breosla iomlána, cuir i gcás scaradh agus claochlú, a fhéadfar a úsáid amach anseo;

(ii)

breosla spíonta sábháilte agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí: an bainistiú, go háirithe na gníomhaíochtaí réamhdhiúscartha, agus an diúscairt a ghabhann le dramhaíl radaighníomhach agus le breosla núicléach spíonta idirmheánach, ardleibhéil agus fadsaolach, agus le sruthanna dramhaíola radaighníomhaí agus le cineálacha eile nach ann do phróisis faoi láthair ina leith atá aibí go tionsclaíoch nó a bhféadfaí iad a fheabhsú; dramhaíl radaighníomhach a íoslaghdú agus radatocsaineacht na dramhaíola sin a laghdú; an bainistiú agus an t-aistriú eolais agus inniúlachtaí idir glúine agus ar fud chláir na mBallstát maidir le dramhaíl radaighníomhach agus bainistiú breosla spíonta;

(iii)

an díchoimisiúnú: taighde chun forbairt agus meastóireacht a dhéanamh ar theicneolaíochtaí um dhíchoimisiúnú agus um leigheas comhshaoil saoráidí núicléacha; tacaíocht a thabhairt maidir le dea-chleachtais agus eolas ar an díchoimisiúnú a mhalartú;

(iv)

eolaíocht núicléach agus feidhmeanna radaíochta ianúcháin, cosaint ar radaíocht, ullmhacht i gcomhair éigeandála:

—

eolaíocht núicléach agus feidhmeanna radaíochta ianúcháin a chur i bhfeidhm i réimsí taighde leighis, tionsclaíocha agus eile;

—

éifeachtaí agus rioscaí ó dháileoga ísle a eascraíonn ó nochtadh tionsclaíoch, leighis nó comhshaoil;

—

ullmhacht éigeandála i gcás tionóiscí lena mbaineann radaíocht, agus taighde ar an raidi-éiceolaíocht;

—

soláthar agus úsáid raidiseatóp atá slán agus sábháilte;

—

samhlacha d’easrú raideolaíoch sa chomhshaol, agus tacaíocht do mhalartú sonraí, córais foláirimh agus comhar maidir le teicnící tomhais (4) (atá le cur chun feidhme trí ghníomhaíochtaí díreacha);

(v)

slándáil núicléach, coimircí núicléacha agus neamhleathadh (atá le cur chun feidhme trí ghníomhaíochtaí díreacha):

—

modhanna agus teicneolaíocht chun tacú le coimircí an Chomhphobail agus coimircí idirnáisiúnta agus chun iad a neartú;

—

tacaíocht agus oiliúint oibríochtúil do chóras coimirce Euratom;

—

tacaíocht theicniúil do chur chun feidhme an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach i réimse na gcoimircí núicléacha lena n-áirítear tacaíocht chun córas rialaithe onnmhairí an Aontais a neartú;

—

taighde agus tacaíocht chun an tsábháilteacht núicléach agus raideolaíoch agus an tslándáil a fheabhsú i gcomhthéacs an chreat domhanda CBRN (Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Núicléach) agus straitéisí gaolmhara an Aontais;

—

modhanna agus teicneolaíocht chun ábhair núicléacha agus radaighníomhacha a bhrath nach ndéantar rialú rialála orthu agus chun teagmhais a bhaineann le hábhair den chineál sin, lena n-áirítear fóiréinsic núicléach, a chosc agus chun freagairt orthu;

—

tacaíocht don fhothú acmhainní ar shlándáil núicléach trí úsáid a bhaint as Ionad Oiliúna na hEorpa um Shlándáil Núicléach;

(b)

saineolas agus inniúlacht sa réimse núicléach laistigh den Chomhphobal a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh:

(i)

oideachas, oiliúint agus soghluaisteacht, lena n-áirítear scéimeanna oideachais agus oiliúna amhail Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie;

(ii)

nuálaíocht, bainistiú eolais, eolaíocht agus teicneolaíocht núicléach a scaipeadh agus a shaothrú, go háirithe ar mhaithe le sábháilteacht núicléach, slándáil núicléach, coimircí núicléacha agus cosaint ar radaíocht;

(iii)

tacaíocht don teicneolaíocht a aistriú ón taighde go dtí an tionscal;

(iv)

tacaíocht d’acmhainn tionsclaíoch comhleá na hEorpa atá iomaíoch a ullmhú agus a fhorbairt;

(v)

tacaíocht do bhonneagair taighde Eorpacha agus idirnáisiúnta a sholáthar, a chur ar fáil agus rochtain iomchuí a thabhairt orthu, lena n-áirítear bonneagair JRC (5);

(vi)

chun eolaíocht núicléach a chothú mar bhonn chun tacú leis an gcaighdeánú, le gníomhaíochtaí díreacha soláthrófar sonraí tagartha, ábhair agus tomhais úrscothacha a bhaineann le sábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach, chomh maith le feidhmeanna eile cuir i gcás leigheas núicléach;

(c)

forbairt fuinnimh comhleá a chothú agus rannchuidiú le cur chun feidhme an treochláir comhleá Eorpaigh:

cuirfear comhpháirtíocht Eorpach Chomhchistithe sa taighde comhleá an treochlár chun feidhme faoin dara leath den chéad seo, ar treochlár i dtreo na sprice maidir le giniúint leictreachais comhleá é. Féadfar a áireamh leis sin, inter alia:

(i)

saoráidí comhleá atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a shaothrú, lena n-áirítear deontais oibriúcháin a leithdháileadh ar bhonneagair taighde comhleá nuair is iomchuí;

(ii)

ullmhúchán do ghléasraí cumhachta comhleá sa todhchaí trí thaighde a dhéanamh ar gach gné ábhartha, lena n-áirítear ábhair, teicneolaíochtaí agus dearaí, agus trí na gnéithe sin a fhorbairt;

(iii)

clár dírithe oideachais agus oiliúna a chur chun feidhme chomh maith le gníomhaíochtaí faoi phointe (b)(i);

(iv)

gníomhaíochtaí comhchoiteanna a chomhordú leis an gComhghnóthas um Fhuinneamh Comhleá;

(v)

comhoibriú leis an eagraíocht ITER;

(vi)

comhoibriú eolaíoch faoi chuimsiú chomhaontuithe idirnáisiúnta Euratom;

Cuirfear an Chomhpháirtíocht Eorpach Chomhchistithe i réimse an chomhleá chun feidhme trí bhíthin deontas a bhronnfar ar na heintitis dhlítheanacha arna mbunú nó arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus ag aon tríú tír atá comhlachaithe le Clár Euratom 2026-2027. Féadfaidh acmhainní comhchineáil ón gComhphobal, nó baill foirne de chuid an Choimisiúin a thabhairt ar iasacht, a bheith san áireamh sa deontas.

Maidir le cistiú breise le haghaidh taighde agus nuálaíocht comhleá, féadfar sin a sholáthar trí bhíthin glaonna ar thograí;

(d)

tacaíocht a thabhairt do bheartas an Aontais gona Bhallstáit maidir le sábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach;

leis na gníomhaíochtaí díreacha, tacófar leis an mbeartas maidir le sábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach agus le cur chun feidhme na reachtaíochta ábhartha trí fhianaise agus saineolas neamhspleách eolaíoch agus teicniúil a sholáthar.


(1)  Go háirithe, Treoir 2006/117/Euratom ón gComhairle an 20 Samhain 2006 maidir le maoirseacht agus rialú loingsithe ar dhramhaíl radaighníomhach agus breosla spíonta (IO L 337, 5.12.2006, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/117/oj); Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/71/oj); Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle; Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos na ceanglais maidir le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint i ndáil le substaintí radaighníomhacha in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 296, 7.11.2013, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/51/oj); Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos bunchaighdeáin sábháilteachta maidir le cosaint i gcoinne na contúirte a eascraíonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/59/oj) agus Rialachán (Euratom) 2016/52 ón gComhairle an 15 Eanáir 2016 lena leagtar síos uasleibhéil cheadaithe éilliúcháin radaighníomhaigh ar bhia agus ar bheatha tar éis tionóisc núicléach nó i ndiaidh aon cháis eile ina dtarlaíonn éigeandáil raideolaíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 3954/87 agus Rialacháin (Euratom) Uimh. 944/89 agus (Euratom) Uimh. 770/90 ón gCoimisiún (IO L 13, 20.1.2016, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/52/oj).

(2)  I gcomhréir le hAirteagal III.2 den Chreat-Chomhaontú maidir le Comhoibriú Idirnáisiúnta ar Thaighde agus ar Fhorbairt Ghlúin IV de Chórais Fuinnimh Núicléacha.

(3)  Seachas an tslándáil núicléach, na coimircí núicléacha agus an neamhleathadh núicléach, féadfar na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme le gníomhaíochtaí díreacha agus indíreacha.

(4)  Airt. 35, 36, 38 de Chonradh Euratom; Cinneadh 87/600/Euratom ón gComhairle an 14 Nollaig 1987 maidir le socruithe an Chomhphobail maidir le malartú luath faisnéise i gcás éigeandáil raideolaíoch (IO L 371, 30.12.1987, lch. 76, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1987/600/oj).

(5)  Ar bhonn an phlean infheistíochta leanúnaigh do bhonneagair JRC.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R1304
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.