+IARSCRÍBHINN IX Faisnéis le haghaidh clárú agus tuairisciú don chlár dá dtagraítear in Airteagal 44
---+1. Leis an bhfaisnéis atá le cur isteach ag an táirgeoir nó ag a ionadaí údaraithe maidir leis an …
---+2. I gcás ina gcuirtear é ar iontaoibh eagraíochta um fhreagracht táirgeoirí oibleagáidí faoin …
---+3. I gcás eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a ndeachaigh an táirgeoir ar a hiontaoibh na …
---+1. Faisnéis atá le cur isteach le haghaidh tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 44(7): (a) cód …
---+2. Faisnéis atá le cur isteach le haghaidh tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 44(8): (a) cód …
---+3. Faisnéis atá le cur isteach le haghaidh tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 44(10): (a) …
|
IARSCRÍBHINN IX Faisnéis le haghaidh clárú agus tuairisciú don chlár dá dtagraítear in Airteagal 44
IARSCRÍBHINN IX Faisnéis le haghaidh clárú agus tuairisciú don chlár dá dtagraítear in Airteagal 44
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
1. Leis an bhfaisnéis atá le cur isteach ag an táirgeoir nó ag a ionadaí údaraithe maidir leis an …
|
|
1.
|
Leis an bhfaisnéis atá le cur isteach ag an táirgeoir nó ag a ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora áireofar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
ainm agus ainmneacha branda (má tá siad ar fáil) faoina gcuireann an táirgeoir a phacáistíocht, lena n-áirítear pacáistíocht táirgí pacáistithe, ar fáil ar an gcríoch sa Bhallstát agus seoladh an táirgeora lena n-áirítear cód poist agus áit phoist, sráid agus uimhir na sráide, tír, uimhir theileafóin, más ann di, seoladh gréasáin agus seoladh ríomhphoist, lena léirítear pointe teagmhála aonair;
|
|
(b)
|
i gcás inar údaraigh táirgeoir d’ionadaí údaraithe na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a dhéanamh thar a cheann, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a): ainm agus seoladh lena n-áirítear cód poist agus áit phoist, sráid agus uimhir, tír, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an ionadaí údaraithe;
|
|
(c)
|
cód céannachta náisiúnta an táirgeora, lena n-áirítear a uimhir ar an gclár trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach agus an uimhir Eorpach chéannachta chánach nó an uimhir náisiúnta chéannachta chánach;
|
|
(d)
|
dearbhú maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann an táirgeoir a fhreagrachtaí faoi Airteagal 45, lena n-áirítear deimhniú arna eisiúint ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 46(1).
|
|
|
|
2. I gcás ina gcuirtear é ar iontaoibh eagraíochta um fhreagracht táirgeoirí oibleagáidí faoin …
|
|
2.
|
I gcás ina gcuirtear é ar iontaoibh eagraíochta um fhreagracht táirgeoirí oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a dhéanamh, leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag an táirgeoir áireofar ainm agus mionsonraí teagmhála, lena n-áirítear cód poist agus áit, sráid agus uimhir, tír, teileafón, seoladh gréasáin agus seoladh ríomhphoist agus cód céannachta náisiúnta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, lena n-áirítear an uimhir cláir trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach agus uimhir aitheantais chánach Eorpach nó náisiúnta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, sainordú an táirgeora ionadaithe, agus ráiteas ón táirgeoir nó, i gcás inarb infheidhme, ó ionadaí údaraithe an táirgeora maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora nó na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, á rá go bhfuil an fhaisnéis atá á soláthar fíor.
|
|
|
3. I gcás eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a ndeachaigh an táirgeoir ar a hiontaoibh na …
|
|
3.
|
I gcás eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a ndeachaigh an táirgeoir ar a hiontaoibh na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a dhéanamh mar a thagraítear dóibh in Airteagal 46(1), agus a bhfuil an oibleagáid maidir le clárú a leagtar amach in Airteagal 44 á dhéanamh aici, déanfaidh sí, i dteannta na faisnéise a cheanglaítear faoi phointe 1 den Chuid seo, an méid seo a leanas a sholáthar:
|
(a)
|
ainmneacha agus sonraí teagmhála, lena n-áirítear cóid phoist agus áiteanna poist, sráideanna agus uimhreacha sráideanna, tíortha, uimhreacha teileafóin, seoltaí gréasáin agus seoltaí ríomhphoist na dtáirgeoirí ionadaithe;
|
|
(b)
|
sainordú gach táirgeora ionadaithe, i gcás inarb infheidhme;
|
|
(c)
|
i gcás ina ndéanann an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ionadaíocht do bhreis agus táirgeoir amháin, tabharfaidh an eagraíocht léiriú ar leithligh ar an gcaoi a gcomhlíonann gach ceann de na táirgeoirí ionadaithe na freagrachtaí a leagtar amach in Airteagal 45.
|
|
Cuid B Faisnéis atá le cur isteach le haghaidh tuairiscithe
|
|
1. Faisnéis atá le cur isteach le haghaidh tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 44(7): (a) cód …
|
|
1.
|
Faisnéis atá le cur isteach le haghaidh tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 44(7):
|
(a)
|
cód céannachta náisiúnta an táirgeora;
|
|
(b)
|
tréimhse tuairiscithe;
|
|
(c)
|
cainníochtaí de réir na gcatagóirí pacáistíochta a leagtar amach i dTábla 1 in Iarscríbhinn II agus a chuireann an táirgeoir ar fáil ar chríoch an Bhallstáit den chéad uair nó a dhéanann an tairgeoir a dhíphacáil gan bheith ina úsáideoir deiridh;
|
|
(d)
|
socruithe chun freagracht an táirgeora a áirithiú maidir leis an bpacáistíocht arna cur ar fáil ar chríoch Bhallstáit den chéad uair nó óna ndéanann táirgeoir táirgí pacáistithe a dhíphacáil gan bheith ina úsáideoir deiridh.
|
|
|
|
2. Faisnéis atá le cur isteach le haghaidh tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 44(8): (a) cód …
|
|
2.
|
Faisnéis atá le cur isteach le haghaidh tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 44(8):
|
(a)
|
cód céannachta náisiúnta an táirgeora;
|
|
(b)
|
tréimhse tuairiscithe;
|
|
(c)
|
faisnéis faoi chineálacha pacáistíochta a leagtar amach i dTábla 1 den phointe seo;
|
|
(d)
|
socruithe chun freagracht an táirgeora a áirithiú maidir leis an bpacáistíocht arna cur ar fáil ar chríoch Bhallstáit den chéad uair nó óna ndéanann táirgeoir táirgí pacáistithe a dhíphacáil gan bheith ina úsáideoir deiridh.
|
|
Tábla 1
|
|
Cainníochtaí de réir meáchain a cuireadh ar fáil ar chríoch Ballstáit nó a rinneadh a dhíphacáil
|
|
Gloine
|
|
|
Plaisteach
|
|
|
Páipéar/cairtchlár
|
|
|
Miotal feiriúil
|
|
|
Alúmanam
|
|
|
Adhmad
|
|
|
Eile
|
|
|
Iomlán
|
|
|
|
3. Faisnéis atá le cur isteach le haghaidh tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 44(10): (a) …
|
|
3.
|
Faisnéis atá le cur isteach le haghaidh tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 44(10):
|
(a)
|
cainníochtaí, de réir meáchain, in aghaidh na catagóire dramhaíola ó phacáistíocht mar a shainmhínítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn II, a bhailítear laistigh den Bhallstát agus a sheoltar le haghaidh sórtála;
|
|
(b)
|
cainníochtaí, de réir meáchain, in aghaidh na catagóire dramhaíola ó phacáistíocht a dhéantar a athchúrsáil, a athshlánú agus a dhiúscairt laistigh den Bhallstát nó a thrasloingsiú laistigh den Aontas nó i dtríú tír mar a leagtar amach i dTábla 3 in Iarscríbhinn XII;
|
|
(c)
|
cainníochtaí, de réir meáchain, de bhuidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide a bhailítear ar leithligh de thoilleadh suas le 3 lítear agus coimeádáin deochanna miotail aon úsáide de thoilleadh suas le 3 lítear, mar a leagtar amach i dTábla 5 d’Iarscríbhinn XII.
|
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|