+Airteagal 3 Eintitis faoi oibleagáid
---+Airteagal 3 (1)
---+Airteagal 3 (2)
---+Airteagal 3 (3)
|
Airteagal 3 Eintitis faoi oibleagáid
Chun críocha an Rialacháin seo, measfar na heintitis seo a leanas a bheith ina n-eintitis faoi oibleagáid:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 (1)
|
institiúidí creidmheasa;
|
|
Airteagal 3 (2)
|
institiúidí airgeadais;
|
|
Airteagal 3 (3)
|
na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas ag gníomhú dóibh i bhfeidhmiú a ngníomhaíochtaí gairmiúla:
|
(a)
|
iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha agus comhairleoirí cánach, agus aon duine eile nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear gairmithe dlí neamhspleácha mar shampla dlíodóirí, a ghabhann orthu féin, go díreach nó trí bhíthin daoine eile a bhfuil gaol ag an duine eile sin leo, cabhair ábhartha, cúnamh nó comhairle maidir le cúrsaí cánach mar phríomhghnó nó mar phríomhghníomhaíocht ghairmiúil a sholáthar;
|
|
(b)
|
nótairí, dlíodóirí agus gairmithe dlí neamhspleácha eile, i gcás ina nglacann siad páirt, bíodh sé trí ghníomhú thar ceann a gcliaint nó ar son a gcliaint in aon idirbheart airgeadais nó réadmhaoine, nó trí chúnamh a thabhairt i bpleanáil nó i ndéanamh idirbheart ar son a gcliaint maidir le ceann ar bith de na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
ceannach nó díol réadmhaoine nó eintiteas gnó;
|
|
(ii)
|
bainistiú ar airgead, urrúis nó sócmhainní eile de chuid cliaint, lena n-áirítear cripteashócmhainní;
|
|
(iii)
|
cuntais bhainc, choigiltis, urrús nó cripteashócmhainní a oscailt nó a bhainistiú;
|
|
(iv)
|
eagrú na ranníocaíochtaí is gá chun cuideachtaí a chruthú, a oibriú nó a bhainistiú;
|
|
(v)
|
cruthú, cur ar bun, oibriú nó bainistiú iontaobhas, cuideachtaí, fondúireachtaí, nó struchtúr den chineál céanna;
|
|
|
(c)
|
soláthraithe seirbhísí iontaobhais nó cuideachta;
|
|
(d)
|
gníomhairí eastáit agus gairmithe réadmhaoine eile a mhéid a ghníomhaíonn siad mar idirghabhálaithe in idirbhearta réadmhaoine, lena n-áirítear i ndáil le maoin dhochorraithe a ligean, maidir le hidirbhearta ina bhfuil an cíos míosúil cothrom le EUR 10 000 ar a laghad, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, gan beann ar na modhanna íocaíochta;
|
|
(e)
|
daoine a bhíonn ag trádáil miotail agus clocha lómhara mar ghníomhaíocht rialta ghairmiúil nó mar phríomhghníomhaíocht ghairmiúil;
|
|
(f)
|
daoine a bhíonn ag trádáil earraí ardluacha, mar ghníomhaíocht rialta ghairmiúil nó mar phríomhghníomhaíocht ghairmiúil;
|
|
(g)
|
soláthraithe seirbhísí cearrbhachais;
|
|
(h)
|
soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus idirghabhálaithe sluachistiúcháin;
|
|
(i)
|
daoine a bhíonn ag trádáil nó ag gníomhú mar idirghabhálaithe i dtrádáil earraí cultúrtha, lena n-áirítear nuair is dánlanna agus comhlachtaí ceantála a dhéanann sin, i gcás ina bhfuil luach an idirbhirt nó na n-idirbheart nasctha cothrom le EUR 10 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta;
|
|
(j)
|
daoine a stórálann earraí cultúrtha agus earraí ardluacha nó a thrádálann na hearraí sin nó a ghníomhaíonn mar idirghabhálaithe sa trádáil sin, nuair a dhéantar sin laistigh de shaorlimistéir agus trádstórais custam, i gcás ina bhfuil luach an idirbhirt nó na n-idirbheart nasctha cothrom le EUR 10 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta;
|
|
(k)
|
idirghabhálaithe creidmheasa le haghaidh creidmheasanna morgáiste agus tomhaltóirí, seachas institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, cé is moite de na hidirghabhálaithe creidmheasa a dhéanann gníomhaíochtaí faoi fhreagracht creidiúnaí amháin nó idirghabhálaí creidmheasa amháin nó níos mó;
|
|
(l)
|
oibreoirí imirce infheistíochta atá ceadaithe feidhmiú mar ionadaí do náisiúnaigh tríú tír atá ag iarraidh cearta cónaithe a fháil i mBallstáit mar chúiteamh ar aon chineál infheistíochta, lena n-áirítear aistrithe caipitil, ceannach nó fáil maoine ar cíos, infheistíocht i mbannaí rialtais, infheistíocht in eintitis chorparáideacha, deonú nó dearlacadh ar ghníomhaíocht ar son leas an phobail agus ranníocaíochtaí le buiséad an stáit, nó oibreoirí imirce infheistíochta atá ceadaithe seirbhísí idirghabhála a thairiscint do na náisiúnaigh tríú tír sin;
|
|
(m)
|
cuideachtaí sealbhaíochta seachairgeadais gníomhaíochta measctha;
|
|
(o)
|
clubanna sacair ghairmiúil maidir leis na hidirbhearta seo a leanas:
|
(i)
|
idirbhearta le hinfheisteoir;
|
|
(ii)
|
idirbhearta le hurraitheoir;
|
|
(iii)
|
idirbhearta le gníomhairí sacair nó le hidirghabhálaithe eile;
|
|
(iv)
|
idirbhearta chun críoch aistrithe imreora sacair.
|
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|