+Airteagal 63 Oibleagáidí eintiteas dlítheanach
---+Airteagal 63 1
---+Airteagal 63 2
---+Airteagal 63 3
---+Airteagal 63 4
---+Airteagal 63 5
---+Airteagal 63 6
|
Airteagal 63 Oibleagáidí eintiteas dlítheanach
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 63 1
|
1. Déanfaidh gach eintiteas dlítheanach a chruthaítear san Aontas faisnéis leordhóthanach, chruinn agus cothrom le dáta faoi úinéireacht thairbhiúil a fháil agus a choinneáil.
Soláthróidh eintitis dhlítheanacha, sa bhreis ar fhaisnéis faoina n-úinéirí dlíthiúla, faisnéis faoi na húinéirí tairbhiúla d’eintitis faoi oibleagáid i gcás ina ndéanann na heintitis faoi oibleagáid bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Caibidil III.
|
|
Airteagal 63 2
|
2. Déanfaidh eintiteas dlítheanach faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a thuairisciú don chlár lárnach gan moill mhíchuí tar éis a cruthaithe. Déanfar aon athrú ar an bhfaisnéis a thuairisciú don chlár lárnach gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh de 28 lá féilire ón athrú. Fíoróidh an t-eintiteas dlítheanach go tráthrialta go bhfuil faisnéis cothrom le dáta ina sheilbh aige faoina úinéireacht thairbhiúil. Ar a laghad, déanfar an fíorú sin gach bliain cibé acu mar phróiseas neamhspleách nó mar chuid de phróisis thréimhsiúla eile ar nós ráiteas airgeadais a chur isteach.
Déanfaidh úinéirí tairbhiúla eintitis dhlítheanaigh chomh maith leis na heintitis dhlítheanacha agus, i gcás socruithe dlíthiúla, a n-iontaobhaithe nó daoine ag a bhfuil post coibhéiseach, ar cuid d’úinéireacht nó de struchtúr rialaithe eintitis dhlítheanaigh iad, an fhaisnéis uile a theastaíonn a sholáthar don eintiteas dlítheanach sin ionas go mbeidh an t-eintiteas dlítheanach in ann ceanglais na Caibidle seo a chomhlíonadh nó freagra a thabhairt ar aon iarraidh ar fhaisnéis bhreise a fuarthas de bhun Airteagal 10(4) de Threoir (AE) 2024/1640.
|
|
Airteagal 63 3
|
3. I gcás, agus gach modh sainaitheantais atá ar fáil de bhun Airteagail 51 go 57 a ídithe, nach sainaithneofar aon duine mar úinéir tairbhiúil, nó i gcás éiginnteacht mhór a bhfuil údar maith léi ar thaobh an eintitis dhlítheanaigh gurb iad na daoine a sainaithníodh na húinéirí tairbhiúla, coimeádfaidh na heintitis dhlítheanacha taifid de na gníomhartha a rinneadh chun a n-úinéirí tairbhiúla a shainaithint.
|
|
Airteagal 63 4
|
4. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, agus faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil á soláthar acu i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo agus le hAirteagal 10 de Threoir (AE) 2024/1640,soláthróidh eintitis dhlítheanacha an méid seo a leanas:
|
(a)
|
ráiteas nach bhfuil aon úinéir tairbhiúil ann nó nárbh fhéidir na húinéirí tairbhiúla a chinneadh, agus réasúnú ag gabháil leis maidir leis an bhfáth nárbh fhéidir an t-úinéir tairbhiúil a chinneadh i gcomhréir le hAirteagail 51 go 57 den Rialachán seo agus cá bhfuil an éiginnteacht san fhaisnéis a fionnadh;
|
|
(b)
|
mionsonraí gach duine nádúrtha a bhfuil post mar oifigeach bainistíochta sinsearach acu san eintiteas corparáideach nó in eintiteas dlítheanach atá coibhéiseach leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 62(1), an dara fomhír, pointe (a)), den Rialachán seo.
|
Chun críoch na míre seo, ciallaíonn ‘oifigigh shinsearacha bainistíochta’ na daoine nádúrtha ar comhaltaí feidhmiúcháin den chomhlacht bainistíochta iad, chomh maith leis na daoine nádúrtha a fheidhmíonn feidhmeanna feidhmiúcháin in eintiteas dlítheanach agus atá freagrach as an mbainistíocht ó lá go lá agus atá cuntasach don chomhlacht bainistíochta.
|
|
Airteagal 63 5
|
5. Cuirfidh eintitis dhlítheanacha an fhaisnéis arna bailiú de bhun an Airteagail seo ar fáil, ach í a iarraidh agus gan mhoill, d’údaráis inniúla.
|
|
Airteagal 63 6
|
6. Coinneofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 ar feadh 5 bliana i ndiaidh an dáta a lánscoirtear na heintitis dhlítheanach nó a dtagann deireadh leo ar bhealach eile, bíodh sin ag daoine arna n-ainmniú ag an eintiteas chun na doiciméid a choinneáil, nó ag riarthóirí nó leachtaitheoirí nó daoine eile a bhfuil baint acu le lánscor an eintitis. Tuairisceofar céannacht agus mionsonraí teagmhála an duine atá freagrach as an bhfaisnéis a choinneáil chuig na cláir lárnacha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|