|
+Airteagal 411 Sainmhínithe |
Airteagal 411 SainmhínitheAirteagal 411 Sainmhínithe Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “custaiméir airgeadais” custaiméir, lena n-áirítear custaiméir airgeadais ar custaiméir é de ghrúpaí corparáideacha neamhairgeadais, a dhéanann ceann nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE mar a phríomhghnó, nó ar ceann díobh seo a leanas é:
(a)
institiúid creidmheasa;
(b)
gnólacht infheistíochta;
(c)
eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin (SSPE);
(d)
gnóthas comhinfheistíochta (GC);
(e)
scéim infheistíochta neamh-cheannoscailte;
(f)
gnóthas árachais;
(g)
gnóthas athárachais;
(h)
cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;
(i)
institiúid airgeadais;
(j)
socruithe scéime pinsean mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
(2)
ciallaíonn “taisce miondíola” dliteanas i leith duine nádúrtha nó i leith FBM, i gcás ina gcáileodh an FBM d'aicme na ►C12 neamhchosainta ◄ ar mhiondíol faoin gcur chuige caighdeánaithe nó faoin gcur chuige inmheánach bunaithe ar rátálacha maidir le ►C12 riosca ◄ creidmheasa, nó dliteanas i leith cuideachta atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(4) agus i gcás nach mó ná EUR 1 milliún na taiscí comhiomlána ón FBM nó ón gcuideachta sin ar bhonn grúpa;
(3)
Ciallaíonn “cuideachta infheistíochta phearsanta” nó “CIP” gnóthas nó iontaobhas ar duine nádúrtha é an t-úinéir nó an t-úinéir tairbhiúil, nó ar grúpa de dhaoine nádúrtha é an t-úinéir nó an t-úinéir tairbhiúil, grúpa atá nasctha le chéile go dlúth agus nach bhfuil aon ghníomhaíocht eile tráchtála, thionsclaíoch nó ghairmiúil aige agus a bunaíodh chun críche saibhreas na n-úinéirí a bhainistiú agus chun na críche sin amháin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí coimhdeacha amhail sócmhainní na n-úinéirí a leithscaradh ó shócmhainní corparáideacha, tarchur sócmhainní laistigh de theaghlach a éascú nó roinnt na sócmhainní a chosc tar éis do dhuine den teaghlach bás a fháil, ar choinníoll go bhfuil baint ag na gníomhaíochtaí coimhdeachta sin leis an bpríomhchuspóir saibhreas na n-úinéirí a bhainistiú;
(4)
ciallaíonn “bróicéir taiscí” duine nádúrtha nó gnóthas a chuireann taiscí ó thríú páirtithe in institiúidí creidmheasa mar mhalairt ar tháille, lena n-áirítear taiscí miondíola agus taiscí corparáideacha ach gan taiscí ó chustaiméirí airgeadais a áireamh;
(5)
ciallaíonn “sócmhainní neamhualaithe” sócmhainní nach bhfuil faoi réir aon srian dlíthiúil, conarthach, nó rialála nó faoi réir aon srian eile a choisceann ar institiúidí na sócmhainní sin a leachtú, a dhíol, a aistriú, a thabhairt ar láimh nó, i gcoitinne, fáil réidh leis na sócmhainní sin trí dhíolachán glan amach nó trí chomhaontú athcheannaigh;
(6)
ciallaíonn “rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh neamhéigeantach” aon chuid de na sócmhainní nach bhfuil sé d'oibleagáid ar an institiúid a nascadh le heisiúint bannaí faoi chumhdach de bhua ceanglais dhlíthiúla nó ceanglais rialála, ceangaltais chonarthacha nó ar chúiseanna a bhaineann le disciplín an mhargaidh, lena n-áirítear go háirithe i gcás ina soláthrófar na sócmhainní de bhreis ar an gceanglas íosta dlíthiúil, reachtúil nó rialála maidir le rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh is infheidhme i dtaca leis na bannaí faoi chumhdach faoi dhlí náisiúnta Ballstáit nó tríú tír;
(7)
ciallaíonn “ceanglas maidir le cumhdach sócmhainní” an cóimheas idir sócmhainní agus dliteanais arna chinneadh i gcomhréir le dlí náisiúnta Ballstáit nó tríú tír ar mhaithe le feabhsuithe creidmheasa maidir le bannaí faoi chumhdach;
(8)
ciallaíonn “iasachtaí corrlaigh” iasachtaí comhthaobhaithe a shíntear chuig custaiméirí chun críche suíomhanna giarála a ghlacadh;
(9)
ciallaíonn “conarthaí díorthach” na conarthaí díorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa;
(10)
ciallaíonn “strus” athrú tobann agus tromchúiseach chun donais ar shuíomh sócmhainneachta nó ar shuíomh leachtachta institiúide i ngeall ar athruithe ar dhálaí margaidh nó i ngeall ar fhachtóirí neamhghnácha a fhágann go bhfuil ►C12 riosca ◄ suntasach ann nach mbeidh an institiúid in ann a ceangaltais a chomhlíonadh de réir mar a bhíonn siad dlite laistigh den 30 lá dar gcionn;
(11)
ciallaíonn “sócmhainní leibhéal 1” sócmhainní a bhfuil leachtacht agus cáilíocht chreidmheasa thar a bheith ard acu dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 416(1);
(12)
ciallaíonn “sócmhainní leibhéal 2” sócmhainní a bhfuil leachtacht agus cáilíocht chreidmheasa ard acu dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 416(1) den Rialachán seo; foroinntear sócmhainní Leibhéal 2 arís ina sócmhainní leibhéal 2A agus leibhéal 2B mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);
(13)
ciallaíonn “maolán leachtachta” méid shócmhainní leibhéal 1 agus leibhéal 2 atá ina seilbh ag institiúid i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe (AE) 460(1);
(14)
ciallaíonn “glan-eis-sreabha leachtachta” an méid atá mar thoradh ar insreabha leachtachta institiúide a asbhaint dá heis-sreabha leachtachta;
(15)
ciallaíonn “airgeadra tuairiscithe” airgeadra an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig na hinstitiúide lonnaithe;
(16)
ciallaíonn “fachtóireacht” comhaontú conarthach idir gnó (an “sannóir”) agus eintiteas airgeadais (an “fachtóir”) ina sannann nó ina ndíolann an sannóir a earraí infhaighte leis an bhfachtóir agus ina soláthraíonn an fachtóir, mar chúiteamh, ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí seo a leanas don sannóir i ndáil leis na hearraí infhaighte a sannadh:
(a)
réamhíocaíocht de chéatadán de mhéid na n-earraí infhaighte a sannadh, de ghnáth gearrthéarmach, neamhcheangailteach agus gan tar-rolladh uathoibríoch;
(b)
bainistiú, bailiú agus cosaint creidmheasa i ndáil le hearraí infhaighte trína riarann an fachtóir, de ghnáth, mórleabhar díolachán an tsannóra agus trína mbailíonn sé na hearraí infhaighte in ainm an fhachtóra; chun críocha Theideal IV, déileálfar le fachtóireacht mar mhaoiniú trádála;
(17)
ciallaíonn “saoráid thiomanta creidmheasa nó leachtachta” saoráid chreidmheasa nó leachtachta atá neamh-inchúlghairthe nó inchúlghairthe ar bhonn coinníollach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|