2. Déanfaidh foireann rialaithe an eintitis airgeadais ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (b), den Rialachán seo, nó an t-eintiteas airgeadais a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2022/2554, measúnú ar na rioscaí a bhaineann le rannpháirtíocht eintiteas airgeadais iolrach in TLPT. Comhoibreoidh foirne rialaithe na n-eintiteas airgeadais lena mbaineann le foireann rialaithe an eintitis airgeadais ainmnithe chun rioscaí comhpháirteacha a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint.