+Airteagal 15 Tástálaithe inmheánacha a úsáid
---+Airteagal 15 1
---+Airteagal 15 2
---+Airteagal 15 3
---+Airteagal 15 4

Airteagal 15 Tástálaithe inmheánacha a úsáid

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1

1.   Bunóidh eintitis airgeadais na socruithe uile seo a leanas maidir le húsáid tástálaithe inmheánacha:

(a)

beartas a bhunú agus a chur chun feidhme chun tástálaithe inmheánacha in TLPT a bhainistiú;

(b)

bearta chun a áirithiú nach mbeidh tionchar diúltach ag úsáid tástálaithe inmheánacha chun TLPT a dhéanamh ar chumais chosanta nó athléimneachta ghinearálta an eintitis airgeadais maidir le teagmhais a bhaineann le TFC ná nach mbeidh tionchar mór aige ar infhaighteacht acmhainní atá tiomnaithe do chúraimí a bhaineann le TFC le linn TLPT;

(c)

bearta chun a áirithiú go mbeidh acmhainní agus cumais leordhóthanacha ag tástálaithe inmheánacha chun TLPT a dhéanamh.

Maidir leis an mbeartas dá dtagraítear i bpointe (a):

(a)

beidh critéir ann chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht, inniúlacht agus coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ag na tástálaithe inmheánacha agus freagrachtaí bainistíochta a shonrú sa phróiseas tástála;

(b)

déanfar é a dhoiciméadú agus a athbhreithniú go tréimhsiúil;

(c)

déanfar foráil go mbeidh ceannasaí tástála, agus beirt bhall breise ar a laghad, san fhoireann tástála inmheánach;

(d)

ceanglófar go mbeadh gach ball den fhoireann tástála fostaithe ag an eintiteas airgeadais nó ag soláthraí seirbhíse TFC inghrúpa le 12 mhí anuas;

(e)

áireofar forálacha maidir le hoiliúint i ndáil le conas tástáil treáite agus tástáil mhodh foirne deirge a dhéanamh ar na tástálaithe inmheánacha.

Airteagal 15 2

2.   I gcás ina bhformheasfaidh údarás TLPT úsáid tástálaithe inmheánacha i gcomhréir le hAirteagal 27(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554, breithneoidh údarás TLPT na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 7(1) den Rialachán seo.

Airteagal 15 3

3.   Agus tástálaithe inmheánacha á n-úsáid aige, áiritheoidh an t-eintiteas airgeadais go luafar úsáid den sórt sin sna doiciméid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis tionscnaimh tástála dá dtagraítear in Airteagal 9;

(b)

tuarascáil tástála na foirne deirge dá dtagraítear in Airteagal 12(2);

(c)

an tuarascáil ina ndéantar achoimre ar thorthaí ábhartha TLPT dá dtagraítear in Airteagal 26(6) de Rialachán (AE) 2022/2554.

Airteagal 15 4

4.   Measfar tástálaithe atá fostaithe ag soláthraí seirbhíse TFC inghrúpa a bheith ina dtástálaithe inmheánacha de chuid an eintitis airgeadais.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas