2. I gcás ina n-úsáideann eintiteas airgeadais an soláthraí seirbhíse TFC inghrúpa céanna le heintitis airgeadais atá bunaithe i mBallstáit eile, nó i gcás ina mbaineann sé le grúpa agus ina roinneann sé córais TFC le heintitis airgeadais den ghrúpa céanna atá bunaithe i mBallstáit eile, rachaidh údarás TLPT an eintitis airgeadais i dteagmháil le húdaráis TLPT na n-eintiteas airgeadais eile a úsáideann an soláthraí seirbhíse TFC inghrúpa céanna nó a chomhroinneann córais TFC mar chuid den ghrúpa agus déanfaidh sé measúnú leo ar a indéanta agus a oiriúnaí atá sé TLPT comhpháirteach a dhéanamh ina leith. Measfar go bhfuil TLPT comhpháirteach níos fearr ná TLPT aonair i gcás ina bhféadfadh laghdú ar chostais agus ar acmhainní do na heintitis airgeadais agus d’údaráis TLPT a bheith mar thoradh air, ar choinníoll nach ndéanfar dochar d’fhóntacht ná d’éifeachtúlacht na tástála.