Airteagal 5
Mórtheagmhais a bhaineann le TFC a athaicmiú
I gcás ina gcinnfidh an t-eintiteas airgeadais, tar éis measúnú breise a dhéanamh, nár chomhlíon an teagmhas a bhaineann le TFC a tuairiscíodh roimhe sin mar mhórtheagmhas, tráth ar bith, na critéir agus na tairseacha aicmithe a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1772, tabharfaidh an t-eintiteas airgeadais fógra don údarás inniúil go bhfuil an teagmhas a bhaineann le TFC athaicmithe aige ó mhórtheagmhas go teagmhas nach mórtheagmhas é tríd an bhfaisnéis faoin athaicmiú sin a sholáthar sa teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin i ndáil leis na réimsí ‘cineál tuarascála’ agus ‘faisnéis eile’.