+RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/302 ÓN gCOIMISIÚN an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta caighdeánacha d’eintitis airgeadais chun mórtheagmhas a bhaineann le TFC a thuairisciú agus chun fógra a thabhairt faoi chibearbhagairt shuntasach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Preamble: 1
---+Airteagal 1 Teimpléad chun mórtheagmhais a bhaineann le TFC a thuairisciú
------+Airteagal 1 1
------+Airteagal 1 2
------+Airteagal 1 3
------+Airteagal 1 4
------+Airteagal 1 5
---+Airteagal 2 Cur isteach comhpháirteach an fhógra tosaigh, na dtuarascálacha idirmheánacha agus na dtuarascálacha críochnaitheacha
---+Airteagal 3 Teagmhais atarlaithe a bhaineann le TFC
---+Airteagal 4 Bealaí slána leictreonacha a úsáid
------+Airteagal 4 1
------+Airteagal 4 2
---+Airteagal 5 Mórtheagmhais a bhaineann le TFC a athaicmiú
---+Airteagal 6 Fógra maidir le seachfhoinsiú na n-oibleagáidí tuairiscithe
------+Airteagal 6 1
------+Airteagal 6 2
------+Airteagal 6 3
---+Airteagal 7 Tuairisciú comhiomlánaithe
------+Airteagal 7 1
------+Airteagal 7 2
------+Airteagal 7 3
---+Airteagal 8 Fógra a thabhairt faoi chibearbhagairtí suntasacha
------+Airteagal 8 1
------+Airteagal 8 2
---+Airteagal 9 Teacht i bhfeidhm
English - European Union - Financial Industry -

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/302 ÓN gCOIMISIÚN an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta caighdeánacha d’eintitis airgeadais chun mórtheagmhas a bhaineann le TFC a thuairisciú agus chun fógra a thabhairt faoi chibearbhagairt shuntasach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/302 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Deireadh Fómhair 2024

lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta caighdeánacha d’eintitis airgeadais chun mórtheagmhas a bhaineann le TFC a thuairisciú agus chun fógra a thabhairt faoi chibearbhagairt shuntasach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Preamble: 1

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (1), agus go háirithe Airteagal 20, an ceathrú mír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun a áirithiú go dtuairisceoidh eintitis airgeadais mórtheagmhais dá n-údaráis inniúla ar bhealach comhsheasmhach agus chun a áirithiú go soláthróidh siad sonraí ar ardchaighdeán do na húdaráis sin, ba cheart a shonrú cé na réimsí sonraí is gá d’eintitis airgeadais a sholáthar ag na céimeanna éagsúla den tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2022/2554. Tá sé tábhachtach go gcuirfí an fhaisnéis sin i láthair ar bhealach a fhágann gur féidir forléargas amháin a thabhairt ar an teagmhas. Is gá, dá bhrí sin, teimpléad tuairiscithe aonair a leagan síos chun na gcríoch sin.

(2)

Ba cheart d’eintitis airgeadais na réimsí sonraí sin den teimpléad tuairiscithe a chomhfhreagraíonn do cheanglais faisnéise an fhógra nó na tuarascála faoi seach a chomhlánú. Ba cheart cead a bheith ag eintitis airgeadais a bhfuil faisnéis acu cheana féin atá le soláthar acu ag céim tuairiscithe níos déanaí, i.e. sa tuarascáil idirmheánach nó sa tuarascáil chríochnaitheach, cur isteach na sonraí a réamh-mheas, áfach.

(3)

Ós rud é go bhféadfadh teagmhais iolracha nó atarlaithe a bheith ina mórtheagmhas dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1772 ón gCoimisiún (2), ba cheart dearadh an teimpléid tuairiscithe agus na réimsí sonraí a chur ar a gcumas d’eintitis airgeadais teagmhais atarlaithe den sórt sin a thuairisciú.

(4)

Chun faisnéis chruinn agus cothrom le dáta a áirithiú, ba cheart don teimpléad tuairiscithe é a chur ar a gcumas d’eintitis airgeadais, agus an tuarascáil idirmheánach agus chríochnaitheach á cur isteach acu, aon fhaisnéis a cuireadh isteach roimhe sin a thabhairt cothrom le dáta, agus i gcás inar gá mórtheagmhais a athaicmiú mar theagmhais nach mórtheagmhais iad.

(5)

Ba cheart sainaithint dhlíthiúil eintiteas a ailíniú leis na haitheantóirí a shonraítear sna caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 28(9) de Rialachán (AE) 2022/2554.

(6)

I gcás ina ndéanann eintitis airgeadais na móroibleagáidí tuairiscithe teagmhas a bhaineann le TFC a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtí, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith ar an eolas faoi chéannacht an tuairiscithe tríú páirtí thar ceann an eintitis airgeadais sula gcuirtear isteach an chéad fhógra nó an chéad tuairisciú, chun dlisteanacht an tuairiscithe tríú páirtí a fhíorú.

(7)

Chun tionchar teagmhais a tharla ag soláthraí tríú páirtí, nó arbh é soláthraí tríú páirtí ba chúis leis, a shainaithint go héasca, ar teagmhas é a dhéanann difear d’eintitis airgeadais iomadúla laistigh de Bhallstát aonair, agus chun an iarracht tuairiscithe d’eintitis airgeadais a laghdú, ba cheart a cheadú leis an teimpléad tuairiscithe tuarascáil chomhiomlánaithe a chur isteach lena gcumhdaítear faisnéis chomhiomlánaithe faoi thionchar an teagmhais ar na heintitis airgeadais uile a ndearnadh difear dóibh agus a d’aicmigh an teagmhas mar mhórtheagmhas.

(8)

Ba cheart an teimpléad tuairiscithe a dhearadh ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de ionas gur féidir é a chur chun feidhme i réitigh éagsúla tuairiscithe teagmhas atá ann cheana nó a d’fhéadfaí a fhorbairt chun ceanglais Rialachán (AE) 2022/2554 a chur chun feidhme.

(9)

Le dearadh an teimpléid tuairiscithe agus na réimsí sonraí, ba cheart éascú a dhéanamh ar thuairisciú mórtheagmhas a bhaineann le TFC ag tríú páirtithe ar sheachfhoinsigh eintitis airgeadais a n-oibleagáid tuairiscithe chucu i gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2022/2554.

(10)

Tá an Rialachán sin bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha faoi bhráid an Choimisiúin.

(11)

Rinne na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán sin bunaithe, rinne siad anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr siad comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 (3), (AE) Uimh. 1094/2010 (4), (AE) Uimh. 1095/2010 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(12)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus thug sé tuairim dhearfach uaidh an 22 Iúil 2024. Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail agus na forálacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí a leagtar amach i Rialachán 2018/1725,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SIN A GHLACADH:

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

Airteagal 1 Teimpléad chun mórtheagmhais a bhaineann le TFC a thuairisciú -
Airteagal 2 Cur isteach comhpháirteach an fhógra tosaigh, na dtuarascálacha idirmheánacha agus na dtuarascálacha críochnaitheacha

Airteagal 2

Cur isteach comhpháirteach an fhógra tosaigh, na dtuarascálacha idirmheánacha agus na dtuarascálacha críochnaitheacha

Féadfaidh eintitis airgeadais an fógra tosaigh, an tuarascáil idirmheánach, agus an tuarascáil chríochnaitheach a chomhcheangal ionas gur féidir dhá cheann díobh nó gach ceann díobh sin a sholáthar san am céanna, i gcás inar atosaíodh gníomhaíochtaí rialta nó inar tugadh anailís na bunchúise i gcrích agus ar choinníoll go ndéantar na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/301 ón gCoimisiún a comhall.

Airteagal 3 Teagmhais atarlaithe a bhaineann le TFC

Airteagal 3

Teagmhais atarlaithe a bhaineann le TFC

Eintitis airgeadais a chuireann faisnéis ar fáil maidir le mórtheagmhais atarlaithe a bhaineann le TFC agus a chomhlíonann go carnach na coinníollacha maidir le mórtheagmhas amháin a bhaineann le TFC mar a leagtar amach in Airteagal 8(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1772, cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil i bhfoirm chomhiomlánaithe.

Airteagal 4 Bealaí slána leictreonacha a úsáid -
Airteagal 5 Mórtheagmhais a bhaineann le TFC a athaicmiú

Airteagal 5

Mórtheagmhais a bhaineann le TFC a athaicmiú

I gcás ina gcinnfidh an t-eintiteas airgeadais, tar éis measúnú breise a dhéanamh, nár chomhlíon an teagmhas a bhaineann le TFC a tuairiscíodh roimhe sin mar mhórtheagmhas, tráth ar bith, na critéir agus na tairseacha aicmithe a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1772, tabharfaidh an t-eintiteas airgeadais fógra don údarás inniúil go bhfuil an teagmhas a bhaineann le TFC athaicmithe aige ó mhórtheagmhas go teagmhas nach mórtheagmhas é tríd an bhfaisnéis faoin athaicmiú sin a sholáthar sa teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin i ndáil leis na réimsí ‘cineál tuarascála’ agus ‘faisnéis eile’.

Airteagal 6 Fógra maidir le seachfhoinsiú na n-oibleagáidí tuairiscithe -
Airteagal 7 Tuairisciú comhiomlánaithe -
Airteagal 8 Fógra a thabhairt faoi chibearbhagairtí suntasacha -
Airteagal 9 Teacht i bhfeidhm

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


(1)  (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj).

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1772 ón gCoimisiún an 13 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir maidir le haicmiú teagmhas a bhaineann le TFC agus cibearbhagairtí, lena leagtar amach tairseacha ábharthachta agus lena sonraítear sonraí tuairiscithe mórtheagmhas (IO L, 2024/1772, 25.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1772/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1094/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/301 an 23 Deireadh Fómhair 2024 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar agus teorainneacha ama maidir leis an bhfógra tosaigh i leith mórtheagmhais a bhaineann le TFC, agus maidir leis an tuarascáil idirmheánach agus chríochnaitheach ina leith, agus ábhar an fhógra dheonaigh i leith cibearbhagairtí suntasacha. (IO L, 2025/301, 20.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/301/oj).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an creat le haghaidh comhair laistigh den Sásra Aonair Maoirseachta idir an Banc Ceannais Eorpach agus údaráis inniúla náisiúnta agus le húdaráis ainmnithe náisiúnta (Creat-Rialachán SMA) (BCE/2014/17) (IO L 141, 14.5.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/468/oj).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha