+Airteagal 26 Treoraíocht
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
|
Airteagal 26 Treoraíocht
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26 1.
|
Chun cur chun feidhme a éascú agus comhsheasmhacht an chur chun feidhme sin a áirithiú, foilseoidh an Coimisiún treoraíocht chun cabhrú le hoibreoirí eacnamaíocha an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, agus béim ar leith á leagan ar chomhlíonadh an Rialacháin seo a éascú do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.
|
|
Airteagal 26 2.
|
I gcás ina bhfuil sé ar intinn aige treoraíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar na gnéithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
raon feidhme an Rialacháin seo, agus béim ar leith á leagan ar réitigh cianphróiseála sonraí agus ar shaor-bhogearraí foinse oscailte;
(b)
cur i bhfeidhm tréimhsí tacaíochta i ndáil le catagóirí áirithe táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha;
(c)
treoraíocht atá dírithe ar mhonaróirí atá faoi réir an Rialacháin seo agus faoi réir reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú seachas an Rialachán seo freisin nó faoi réir gníomhartha dlí gaolmhara eile de chuid an Aontais;
(d)
coincheap an mhodhnaithe shubstaintiúil.
Déanfaidh an Coimisiún liosta de na gníomhartha tarmligthe agus de na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, ar liosta é a bhfuil rochtain éasca air, a choinneáil ar bun freisin.
|
|
Airteagal 26 3.
|
Agus an treoraíocht á hullmhú aige de bhun an Airteagail seo, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|