+Airteagal 57 Táirgí comhlíontacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo
---+Airteagal 57 1.
---+Airteagal 57 2.
---+Airteagal 57 3.
---+Airteagal 57 4.
---+Airteagal 57 5.
---+Airteagal 57 6.
---+Airteagal 57 7.
---+Airteagal 57 8.
---+Airteagal 57 9.
---+Airteagal 57 10.
---+Airteagal 57 11.

Airteagal 57 Táirgí comhlíontacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 57 1.

Ceanglóidh údarás um fhaireachas margaidh Ballstáit ar oibreoir eacnamaíoch gach beart iomchuí a dhéanamh i gcás, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 54, ina bhfionnann sé, cé go bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo chomh maith le riosca don mhéid seo a leanas:

(a) 

sláinte nó sábháilteacht daoine;

(b) 

comhlíonadh oibleagáidí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá beartaithe chun cearta bunúsacha a chosaint;

(c) 

infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht seirbhísí a thairgtear trí úsáid a bhaint as córas faisnéise leictreonach ag eintitis fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2022/2555; nó

(d) 

gnéithe eile de chosaint leas an phobail.

Féadfar a áireamh ar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír bearta chun a áirithiú nach mbeidh na rioscaí ábhartha ag baint a thuilleadh leis an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha ná leis na próisis arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir agus an táirge á chur ar fáil ar an margadh, agus an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha á tharraingt siar ón margadh, nó á aisghairm, agus beidh na bearta i gcomhréir le cineál na rioscaí sin.

Airteagal 57 2.
Áiritheoidh an monaróir nó na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha eile go ndéantar beart ceartaitheach i leith na dtáirgí lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuir siad ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais, agus go ndéantar é laistigh den amlíne arna leagan síos ag údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 57 3.
Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi na bearta a ghlactar de bhun mhír 1. Áireofar san fhaisnéis sin na mionsonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun na táirgí lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint, tionscnamh agus slabhra soláthair na dtáirgí sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an cineál riosca atá i gceist, agus cineál agus fad tréimhse na mbeart náisiúnta a ghlactar.
Airteagal 57 4.
Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a ghlactar. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún cé acu atá údar cuí leis an mbeart nó nach bhfuil, agus i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí.
Airteagal 57 5.
Díreoidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 4 chuig na Ballstáit.
Airteagal 57 6.
I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag an gCoimisiún chun a mheas, lena n-áirítear cúis atá bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag ENISA, go bhfuil na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cé go gcomhlíonann an táirge an Rialachán seo, déanfaidh sé an t-údarás ábhartha um fhaireachas margaidh nó na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas agus féadfaidh sé a iarraidh ar an údarás ábhartha um fhaireachas margaidh nó ar na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh meastóireacht a dhéanamh agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54 agus i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a leanúint.
Airteagal 57 7.
In imthosca a thugann údar cuí le hidirghabháil láithreach chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus i gcás ina bhfuil cúis leormhaith ag an gCoimisiún chun a mheas go leanann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear i mír 6 de na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 a chruthú, agus nach bhfuil aon bhearta éifeachtacha déanta ag na húdaráis náisiúnta ábhartha um fhaireachas margaidh, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na rioscaí a bhaineann leis an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus féadfaidh sé a iarraidh ar ENISA anailís a sholáthar chun tacú leis an meastóireacht sin agus cuirfidh sé na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ar an eolas dá réir sin. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha le ENISA de réir mar is gá.
Airteagal 57 8.
Bunaithe ar an meastóireacht dá dtagraítear i mír 7, féadfaidh an Coimisiún a shuí go bhfuil gá le beart ceartaitheach nó sriantach ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, rachaidh sé i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit lena mbaineann agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.
Airteagal 57 9.
Ar bhonn an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun cinneadh a dhéanamh maidir le bearta ceartaitheacha nó sriantacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a cheangal go ndéantar na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena mbaineann a tharraingt siar ón margadh, nó a aisghairm, laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir le cineál an riosca. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
Airteagal 57 10.
Cuirfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 9 in iúl láithreach don oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha. Déanfaidh na Ballstáit na gníomhartha cur chun feidhme sin a chur chun feidhme gan mhoill agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
Airteagal 57 11.
Beidh feidhm ag míreanna 6 go 10 ar feadh thréimhse na staide eisceachtúla a thug údar cuí le hidirghabháil an Choimisiúin agus chomh fada a bheidh na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 fós ag baint leis an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas