+Airteagal 64 Pionóis
---+Airteagal 64 1.
---+Airteagal 64 2.
---+Airteagal 64 3.
---+Airteagal 64 4.
---+Airteagal 64 5.
---+Airteagal 64 6.
---+Airteagal 64 7.
---+Airteagal 64 8.
---+Airteagal 64 9.
---+Airteagal 64 10.
|
Airteagal 64 Pionóis
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 64 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
|
|
Airteagal 64 2.
|
Neamhchomhlíonadh na gceanglas cibearshlándála fíor-riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 13 agus 14, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 15 000 000 nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneáil suas le 2,5 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda don bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.
|
|
Airteagal 64 3.
|
Neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 18 go 23, Airteagal 28, Airteagal 30(1) go (4), Airteagal 31(1) go (4), Airteagal 32(1), (2) agus (3), Airteagal 33(5), agus Airteagail 39, 41, 47, 49 agus 53, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 10 000 000 nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir suas le 2 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda don bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.
|
|
Airteagal 64 4.
|
Maidir le soláthar faisnéise atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus d’údaráis um fhaireachas margaidh mar fhreagra ar iarraidh, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 5 000 000 , nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneáil suas le 1 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda don bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.
|
|
Airteagal 64 5.
|
Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:
(a)
cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí;
(b)
an amhlaidh gur ghearr na húdaráis chéanna um fhaireachas margaidh nó údaráis eile um fhaireachas margaidh fíneálacha riaracháin cheana féin ar an oibreoir eacnamaíoch céanna as sárú comhchosúil;
(c)
méid, go háirithe maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus sciar margaidh an oibreora eacnamaíoch a bhfuil an sárú á dhéanamh aige.
|
|
Airteagal 64 6.
|
Údaráis um fhaireachas margaidh a chuireann fíneálacha riaracháin i bhfeidhm, cuirfidh siad an cur i bhfeidhm sin in iúl d’údaráis um faireachas margaidh Ballstát eile tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020.
|
|
Airteagal 64 7.
|
Déanfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos faoi cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis phoiblí agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin agus faoina mhéid a fhéadfar iad a ghearradh.
|
|
Airteagal 64 8.
|
Ag brath ar chóras dlí na mBallstát, féadfar na rialacha maidir le fíneálacha riaracháin a chur i bhfeidhm sa chaoi is gurb iad cúirteanna náisiúnta inniúla nó comhlachtaí eile a ghearrfaidh na fíneálacha, de réir na n-inniúlachtaí arna mbunú ar an leibhéal náisiúnta sna Ballstáit sin. Beidh éifeacht choibhéiseach ag cur i bhfeidhm na rialacha sin sna Ballstáit sin.
|
|
Airteagal 64 9.
|
Féadfar fíneálacha riaracháin a ghearradh, ag brath ar imthosca gach cáis aonair, sa bhreis ar aon bheart ceartaitheach nó sriantach eile a chuireann na húdaráis um fhaireachas margaidh i bhfeidhm maidir leis an sárú céanna.
|
|
Airteagal 64 10.
|
►C1
De mhaolú ar mhíreanna 2 go 9, ní bheidh feidhm ag na fíneálacha riaracháin dá dtagraítear sna míreanna sin maidir leis an méid seo a leanas: ◄
(a)
monaróirí a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga maidir le haon mhainneachtain an spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 14(2), pointe (a), nó in Airteagal 14(4), pointe (a), a chomhlíonadh;
(b)
aon sárú ar an Rialachán seo ag maoir bogearraí foinse oscailte.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|