+Airteagal 2 Raon feidhme
---+Airteagal 2 1
---+Airteagal 2 2
---+Airteagal 2 3
---+Airteagal 2 4
---+Airteagal 2 5
|
Airteagal 2 Raon feidhme
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1
|
1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistrithe cistí, in aon airgeadra, a sheolfaidh nó a gheobhaidh soláthraí seirbhísí íocaíochta nó soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach atá bunaithe san Aontas. Beidh feidhm aige freisin maidir le haistrithe cripteashócmhainní, lena n-áirítear aistrithe cripteashócmhainní a fhorghníomhaítear trí bhíthin criptea-UMBanna, i gcás ina bhfuil a oifig chláraithe ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra nó an tairbhí nó ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach an tionscnóra nó an tairbhí san Aontas.
|
|
Airteagal 2 2
|
2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na seirbhísí a liostaítear in Airteagal 3, pointí (a) go (m) agus pointe (o), de Threoir (AE) 2015/2366.
|
|
Airteagal 2 3
|
3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistrithe cistí nó maidir le haistrithe comharthaí ríomh-airgid, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (7), de Rialachán (AE) 2023/1114, a dhéantar le cárta íocaíochta, le hionstraim ríomh-airgid, le fón póca nó le haon fheiste dhigiteach nó TF eile atá réamhíoctha nó iaríoctha agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
úsáidtear an cárta, an ionstraim nó an fheiste sin go heisiach chun íoc as earraí nó seirbhísí; agus
|
|
(b)
|
gabhann uimhir an chárta, na hionstraime nó na feiste sin le gach aistriú a thagann as an idirbheart.
|
Beidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, i gcás ina n-úsáidtear cárta íocaíochta, ionstraim ríomh-airgid, fón póca nó aon fheiste dhigiteach nó TF eile atá réamhíoctha nó iaríoctha agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu chun aistriú cistí nó comharthaí ríomh-airgid a dhéanamh idir daoine nádúrtha ag gníomhú dóibh mar thomhaltóirí chun críoch eile seachas trádáil, gnó nó gníomhaíocht ghairmiúil.
|
|
Airteagal 2 4
|
4. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le daoine nach bhfuil aon ghníomhaíocht ar bun acu seachas doiciméid pháipéir a iompú ina sonraí leictreonacha agus a dhéanann amhlaidh de bhun chonradh le soláthraí seirbhísí íocaíochta ná maidir le daoine arb í an aon ghníomhaíocht atá ar bun acu córais teachtaireachtaí nó córais tacaíochta eile chun cistí a tharchur nó córais imréitigh agus socraíochta a sholáthar do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistriú cistí i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
is é atá i gceist leis go ndéanann an t-íocóir airgead tirim a aistarraingt ó chuntas íocaíochta an íocóra féin;
|
|
(b)
|
is ionann é agus cistí a aistriú chuig údarás poiblí mar íocaíocht ar chánacha, ar fhíneálacha nó ar thobhaigh eile laistigh de Bhallstát;
|
|
(c)
|
is soláthraithe seirbhísí íocaíochta iad an t-íocóir agus an t-íocaí araon ag gníomhú dóibh thar a gceann féin;
|
|
(d)
|
déantar é trí íomhánna seiceanna a mhalartú, lena n-áirítear seiceanna teasctha.
|
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistriú cistí cripteashócmhainní i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
is soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní iad an tionscnóir agus an tairbhí araon ag gníomhú dóibh thar a gceann féin;
|
|
(b)
|
is ionann an t-aistriú agus aistriú cripteashócmhainní ó dhuine go duine a dhéantar gan baint a bheith ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní.
|
Comharthaí ríomh-airgid, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (7), de Rialachán (AE) 2023/1114, caithfear leo mar chripteashócmhainní faoin Rialachán seo.
|
|
Airteagal 2 5
|
5. Féadfaidh Ballstát a chinneadh gan an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar aistrithe cistí laistigh dá chríoch chuig cuntas íocaíochta íocaí lena gceadófar íocaíocht go heisiach chun earraí nó seirbhísí a sholáthar i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
(a)
|
tá soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí faoi réir Threoir (AE) 2015/849;
|
|
(b)
|
tá soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí in ann, trí bhíthin aitheantóir idirbhirt uathúil, an t-aistriú cistí ón duine a bhfuil comhaontú aige leis an íocaí chun earraí nó seirbhísí a sholáthar, a rianú siar tríd an íocaí;
|
|
(c)
|
ní mó méid an aistrithe cistí ná EUR 1 000.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|