1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistrithe cistí, in aon airgeadra, a sheolfaidh nó a gheobhaidh soláthraí seirbhísí íocaíochta nó soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach atá bunaithe san Aontas. Beidh feidhm aige freisin maidir le haistrithe cripteashócmhainní, lena n-áirítear aistrithe cripteashócmhainní a fhorghníomhaítear trí bhíthin criptea-UMBanna, i gcás ina bhfuil a oifig chláraithe ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra nó an tairbhí nó ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach an tionscnóra nó an tairbhí san Aontas.