3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistrithe cistí nó maidir le haistrithe comharthaí ríomh-airgid, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (7), de Rialachán (AE) 2023/1114, a dhéantar le cárta íocaíochta, le hionstraim ríomh-airgid, le fón póca nó le haon fheiste dhigiteach nó TF eile atá réamhíoctha nó iaríoctha agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
úsáidtear an cárta, an ionstraim nó an fheiste sin go heisiach chun íoc as earraí nó seirbhísí; agus
|
|
(b)
|
gabhann uimhir an chárta, na hionstraime nó na feiste sin le gach aistriú a thagann as an idirbheart.
|
Beidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, i gcás ina n-úsáidtear cárta íocaíochta, ionstraim ríomh-airgid, fón póca nó aon fheiste dhigiteach nó TF eile atá réamhíoctha nó iaríoctha agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu chun aistriú cistí nó comharthaí ríomh-airgid a dhéanamh idir daoine nádúrtha ag gníomhú dóibh mar thomhaltóirí chun críoch eile seachas trádáil, gnó nó gníomhaíocht ghairmiúil.