+IARSCRÍBHINN IV Treoir chun ‘luach na sócmhainní iomlána’ a thuairisciú

IARSCRÍBHINN IV Treoir chun ‘luach na sócmhainní iomlána’ a thuairisciú




IARSCRÍBHINN IV

Treoir chun ‘luach na sócmhainní iomlána’ a thuairisciú



An cineál eintitis

Treoir chun luach iomlán na sócmhainní a thuairisciú i gcolún B_01.02.0110

(a)  institiúidí creidmheasa

Faisnéis mar a shonraítear i dTeimpléad C40.00, Ró 0410, Colún 0010 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún (1)

(b)  institiúidí íocaíochta, lena n-áirítear institiúidí íocaíochta atá díolmhaithe de bhun Threoir (AE) 2015/2366

Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla

(c)  soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntas

Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla

(d)  institiúidí ríomh-airgid, lena n-áirítear institiúidí ríomh-airgid atá díolmhaithe de bhun Threoir 2009/110/CE

Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla

(e)  gnólachtaí infheistíochta

Faisnéis mar a shonraítear i dteimpléad Z01.00, colún 0090 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 ón gCoimisiún (2)

(f)  soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a údaraítear faoi Rialachán (AE) 2023/1114

Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla

(g)  eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha a údaraítear faoi Rialachán (AE) 2023/1114

Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla

(h)  taisclanna lárnacha urrús

Luach na sócmhainní iomlána sna ráitis airgeadais iniúchta arna dtuairisciú d’údaráis inniúla de bhun Airteagal 41, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/392 (3)ón gCoimisiún

(i)  contrapháirtithe lárnacha

Faisnéis mar a thuairiscítear i ‘Caighdeáin nochta chainníochtúla phoiblí le haghaidh contrapháirtithe lárnacha’ de BIS/IOSCO, réimse 15.2

(j)  ionaid trádála

Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla

(k)  stórtha trádála

Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla

(l)  bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha

Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla

(m)  cuideachtaí bainistíochta

Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla

(n)  soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí

Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla

(o)  gnóthais árachais agus athárachais

Faisnéis mar a shonraítear in Iarscríbhinn II agus Teimpléad S02.01, Ró 0500, Colún 0010, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/894 ón gCoimisiún (4)

(p)  idirghabhálaithe árachais, idirghabhálaithe athárachais agus idirghabhálaithe árachais coimhdeacha

Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla

(q)  institiúidí um sholáthar pinsean ceirde

Ní mór na sócmhainní iomlána a bheith cothrom le suim na míreanna uile arna sainaithint ar leithligh ar thaobh na sócmhainní den chlár comhardaithe agus ní mór iad a bheith cothrom leis na dliteanais iomlána freisin

(r)  gníomhaireachtaí rátála creidmheasa

Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla

(s)  riarthóirí tagarmharcanna criticiúla

Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla

(t)  soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin

Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla

(u)  stórtha urrúsúchán

Luach na sócmhainní iomlána sna cuntais reachtúla

Eintiteas neamhairgeadais: soláthraí seirbhísí TFC inghrúpa

Neamhbhainteach

Eintiteas neamhairgeadais: Eintiteas inghrúpa eile

Neamhbhainteach

Eintiteas neamhairgeadais: soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí

Neamhbhainteach

(1)   

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 (IO L 97, 19.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/451/oj).

(2)   

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nósanna imeachta agus foirmeacha caighdeánacha agus teimpléid chun faisnéis a sholáthar chun críoch pleananna réitigh le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1066 ón gCoimisiún (IO L 277, 7.11.2018, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1624/oj).

(3)   

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/392 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le caighdeáin theicniúla rialála maidir le húdarú, ceanglais mhaoirseachta agus oibríochtúla le haghaidh taisclanna lárnacha urrús (IO L 65, 10.3.2017, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/392/oj).

(4)   

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/894 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2023 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na teimpléid le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais chun an fhaisnéis is gá chun maoirseacht a dhéanamh orthu a chur faoi bhráid a n-údarás maoirseachta, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2450 (IO L 120, 5.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/894/oj).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha