+Standardized Terminology

Standardized Terminology

Description

Mechanisms exist to standardize technology and process terminology to reduce confusion amongst groups and departments.

Possible Solutions & Considerations

Micro-Small Business (<10 staff) / BLS Firm Size Classes 1-2

∙ Follow secure coding basics when developing software

Small Business (10-49 staff) / BLS Firm Size Classes 3-4

∙ Secure coding guidelines for developers
∙ Basic security review before release

Medium Business (50-249 staff) / BLS Firm Size Classes 5-6

∙ Formal security engineering principles
∙ Secure design patterns
∙ Threat modeling

Large Business (250-999 staff) / BLS Firm Size Classes 7-8

∙ Enterprise security engineering program
∙ Formal threat modeling
∙ Security architecture standards

Enterprise (> 1,000 staff) / BLS Firm Size Class 9

∙ Enterprise security architecture framework (SABSA)
∙ Formal threat modeling program
∙ Security design patterns library

SCR-CMM

Level 0 Not Performed

Practices are non-existent, based on the inability to demonstrate an implemented and operational capability. A reasonable person would conclude the control is not being performed.

Level 1 Performed Informally

SCR-CMM Level 1 criteria definitions are not available for this control:
▪ A reasonable person would conclude this control requires a structured process.
▪ At this level of maturity, the "ad hoc" nature of performing a capability informally would indicate the intent of the control is not met due to a lack of consistency and formality.

Level 2 Planned Tracked

Secure Engineering & Architecture (SEA) capabilities are requirements-driven, but are not standardized across the entity (e.g., local/regional level consistency). Capability criteria associated with this control reasonably expect the following criteria to exist:
▪ Policies and standards associated with SEA domain capabilities are formally documented and centrally-managed by the entity.
▪ Standardized Operating Procedures (SOP) associated with SEA domain capabilities are documented and maintained by process owners.
▪ IT and/or cybersecurity personnel work with business stakeholders and process owners to appropriately scope and reasonably implement cybersecurity and data protection controls associated with SEA domain capabilities to address applicable statutory, regulatory and/or contractual requirements for Technology Assets, Applications, Services and/or Data (TAASD).
▪ Secure engineering and architecture-related controls are primarily administrative and preventative in nature (e.g., policies, standards and procedures & guidelines).
▪ Secure engineering and architecture management may be a defined function (e.g., team or department) or assigned as an additional duty to existing IT and/or cybersecurity personnel.
▪ IT and/or cybersecurity personnel define entity-specific secure engineering practices to protect the Confidentiality, Integrity, Availability and Safety (CIAS) of the entity's TAASD.
▪ IT and/or cybersecurity personnel align secure engineering practices with the entity's broader IT architecture practices.
▪ IT and/or cybersecurity personnel use secure engineering practices to influence Secure Baseline Configurations (SBC).

Level 3 Well Defined

Cybersecurity & Data Protection Governance (GOV) capabilities are standardized across the entity for applicability to People, Processes, Technologies, Data and/or Facilities (PPTDF) to ensure consistency for Technology Assets, Applications, Services and/or Data (TAASD). Capability criteria associated with this control reasonably expect the following criteria to exist:
▪ Policies and standards associated with GOV domain capabilities are formally documented and centrally-managed by the entity's Governance, Risk & Compliance (GRC) team, or similar function.
▪ Standardized Operating Procedures (SOP) associated with GOV domain capabilities are well-documented and kept current by process owners.
▪ The entity's Governance, Risk & Compliance (GRC) team, or similar function, is appropriately staffed and supported to implement and maintain GOV domain capabilities to address Minimum Compliance Requirements (MCR) (e.g., applicable statutory, regulatory and/or contractual requirements) and Discretionary Security Requirements (DSR) (e.g., entity-required controls).
▪ Technology is leveraged to enhance the efficiency and accuracy of governance, risk management and compliance operations (e.g., GRC platform).
▪ An implemented and operational capability exists to standardize technology and process terminology to reduce confusion amongst groups and departments.

Level 4 Quantitatively Controlled

Utilize SCR-CMM Level 3 criteria definitions:
▪ There are no defined Level 4 criteria, since it is reasonable to assume a quantitatively-controlled process is not necessary to operationalize this control.
▪ While it may be possible to develop “metrics-driven” capabilities for this control, the criteria would be organization-specific to define.

Level 5 Continuously Improving

Utilize SCR-CMM Level 3 or Level 4 (if available) criteria definitions:
▪ There are no defined Level 5 criteria, since it is reasonable to assume a continuously-improving process is not necessary to operationalize this control.
▪ Level 5 capabilities should be considered “world-class” where the control builds on Level 4 capabilities, but are continuously improving through Artificial Intelligence (AI) and/or Machine Learning (ML) technologies.
▪ While it may be possible to develop responsive capabilities for this control through the use of AI and/or ML technologies, the criteria would be organization-specific to define.

1. Forbhreathnú

Teideal Caighdeán

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Rialacháin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Rialacháin ghaolmhara

Rialacháin
Foinse Rialáil
EULAW Airteagal 3 Sainmhínithe

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “córas intleachta saorga” córas meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúla;

(2) 

ciallaíonn “riosca” an meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sin;

(3) 

ciallaíonn “soláthraí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(4) 

ciallaíonn “úsáideoir gairmiúil” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a bhfuil córas intleachta saorga á úsáid aige nó aici faoina údarás nó faoina húdarás féin, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil;

(5) 

ciallaíonn “ionadaí údaraithe” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe nó bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte agus glactha aige ó sholáthraí córais intleachta saorga nó samhla intleachta saorga ilchuspóirí chun oibleagáidí agus nósanna imeachta an tsoláthraí sin a bhunaítear leis an Rialachán seo a dhéanamh agus a chur i gcrích;

(6) 

ciallaíonn “allmhaireoir” duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe nó bunaithe san Aontas a chuireann córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse a bhfuil ainm nó trádmharc duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá bunaithe i dtríú tír air;

(7) 

ciallaíonn “dáileoir” duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an soláthraí nó an t-allmhaireoir, ar duine é a chuireann córas intleachta saorga ar fáil ar mhargadh an Aontais;

(8) 

ciallaíonn “oibreoir” soláthraí, monaróir táirgí, úsáideoir gairmiúil, ionadaí údaraithe, allmhaireoir nó dáileoir;

(9) 

ciallaíonn “cur ar an margadh” córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(10) 

ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” soláthar córais intleachta saorga nó samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena dháileadh nó lena dáileadh nó lena úsáid nó lena húsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, ar íocaíocht nó saor in aisce;

(11) 

ciallaíonn “cur i mbun seirbhíse” córas intleachta saorga a sholáthar go díreach don úsáideoir gairmiúil lena úsáid den chéad uair nó dá úsáid féin san Aontas chun na críche atá beartaithe dó;

(12) 

ciallaíonn “an chríoch atá beartaithe dó” an úsáid a bheartaigh an soláthraí do chóras intleachta saorga, lena n-áirítear an comhthéacs sonrach agus na coinníollacha sonracha úsáide, a shonraítear san fhaisnéis arna soláthar ag an soláthraí sna treoracha úsáide, sna hábhair agus ráitis fógraíochta nó sna hábhair agus ráitis díolacháin, mar aon leis an doiciméadacht theicniúil;

(13) 

ciallaíonn “mí-úsáid atá measartha intuartha” úsáid córais intleachta saorga ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó ach a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar iompraíocht an duine atá measartha intuartha nó mar thoradh ar idirghníomhaíocht le córais eile, lena n-áirítear le córais intleachta saorga eile;

▼M1

(14) 

ciallaíonn “comhpháirt sábháilteachta” comhpháirt de tháirge nó de chóras intleachta saorga a chomhlíonann feidhm sábháilteachta don táirge nó don chóras intleachta saorga sin nó a gcuireann a teip nó a mífheidhmiú sláinte agus sábháilteacht daoine nó maoine i mbaol; chun críocha an tsainmhínithe seo, comhlíonann comhpháirt feidhm sábháilteachta i gcás inarb é an chríoch atá beartaithe di rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht daoine nó maoine a chosc nó a mhaolú;

▼M1

(14a) 

ciallaíonn “micrifhiontar, fiontar beag agus fiontar meánmhéide” nó “FBM” micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

(14b) 

ciallaíonn “fiontar meánchaipitlithe beag” nó “FMB” fiontar meánchaipitlithe beag mar a shainmhínítear i bpointe (2) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2025/1099;

▼B

(15) 

ciallaíonn “treoracha úsáide” an fhaisnéis arna soláthar aga an soláthraí chun an t-úsáideoir gairmiúil a chur ar an eolas, go háirithe, faoin gcríoch atá beartaithe do chóras intleachta saorga agus an úsáid cheart atá beartaithe dó;

(16) 

ciallaíonn “córas intleachta saorga a aisghairm” aon bheart arb é is aidhm dó córas intleachta saorga a cuireadh ar fáil d’úsáideoirí gairmiúla a thabhairt ar ais don soláthraí nó é a thógáil as seirbhís nó a úsáid a dhíchumasú;

(17) 

ciallaíonn “córas intleachta saorga a tharraingt siar” aon bheart arb é is aidhm dó cosc a chur ar chóras intleachta saorga sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;

(18) 

ciallaíonn “feidhmíocht córais intleachta saorga” an inniúlacht atá ag córas intleachta saorga an chríoch atá beartaithe dó a bhaint amach;

(19) 

ciallaíonn “an t-údarás a thugann fógra” an t-údarás atá freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a dhéanamh maidir leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a ainmniú agus maidir le fógra a thabhairt dóibh mar aon le maidir le faireachán a dhéanamh orthu;

(20) 

ciallaíonn “measúnú comhréireachta” an próiseas chun a léiriú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III a bhaineann le córas intleachta saorga ardriosca;

(21) 

ciallaíonn “comhlacht um measúnú comhréireachta” comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta tríú páirtí, lena n-áirítear tástáil, deimhniúchán agus iniúchadh;

(22) 

ciallaíonn “comhlacht faoina dtugtar fógra” comhlacht um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha eile de chuid an Aontais;

(23) 

ciallaíonn “modhnú substaintiúil” athrú ar chóras intleachta saorga tar éis é a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse nach bhfuil tuartha ná beartaithe sa mheasúnú comhréireachta tosaigh arna dhéanamh ag an soláthraí agus dá thoradh sin a dhéantar difear do chomhlíontacht an chórais intleachta saorga i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 nó athrú a fhágann go modhnaítear an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga agus a ndearnadh measúnú air ina leith;

(24) 

ciallaíonn “marcáil CE” marcáil lena léiríonn an soláthraí go bhfuil córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 agus le haon reachtaíocht chomhchuibhithe infheidhme de chuid an Aontais, lena bhforáiltear dá ghreamú;

(25) 

ciallaíonn “córas faireacháin iarmhargaidh” na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soláthraithe na gcóras intleachta saorga taithí a bhailiú agus athbhreithniú, ar taithí í a fhaightear ó úsáid na gcóras intleachta saorga a chuireann siad ar an margadh nó a chuireann siad i mbun seirbhíse d’fhonn a shainaithint an gá aon ghníomhaíocht riachtanach cheartaitheach nó choisctheach a chur i bhfeidhm láithreach;

(26) 

ciallaíonn “údarás faireachais margaidh” an t-údarás náisiúnta a dhéanann na gníomhaíochtaí agus a dhéanann na bearta de bhun Rialachán (AE) 2019/1020;

(27) 

ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(28) 

ciallaíonn “sonraíocht choiteann” tacar sonraíochtaí teicniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 lena gcuirtear modhanna ar fáil chun ceanglais áirithe a bhunaítear faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;

(29) 

ciallaíonn “sonraí oiliúna” na sonraí a úsáidtear chun córas intleachta saorga a oiliúint trína pharaiméadair infhoghlamtha a oiriúnú;

(30) 

ciallaíonn “sonraí bailíochtaithe” sonraí a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcóras intleachta saorga oilte agus chun a pharaiméadair neamh-infhoghlamtha agus a phróiseas foghlama a choigeartú, chun, inter alia, tearc-oiriúnú nó ró-oiriúnú a chosc;

(31) 

ciallaíonn “tacar sonraí bailíochtaithe” tacar sonraí ar leithligh nó cuid den tacar sonraí oiliúna, mar scoilt sheasta nó athraitheach;

(32) 

ciallaíonn “sonraí tástála” sonraí a úsáidtear chun meastóireacht neamhspleách a dhéanamh ar an gcóras intleachta saorga chun feidhmíocht ionchasach an chórais sin a dheimhniú sula gcuirtear ar an margadh é nó sula gcuirtear i mbun seirbhíse é;

(33) 

ciallaíonn “sonraí ionchuir” sonraí arna soláthar do chóras intleachta saorga, nó sonraí arna bhfáil go díreach ag an gcóras sin, ar ar a mbonn a tháirgeann an córas aschur;

(34) 

ciallaíonn “sonraí bithmhéadracha” sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha;

(35) 

ciallaíonn “sainaithint bhithmhéadrach” aithint uathoibrithe gnéithe fisiciúla, fiseolaíocha, iompraíochta nó síceolaíocha daonna chun críche céannacht duine nádúrtha a bhunú trí shonraí bithmhéadracha an duine sin a chur i gcomparáid le sonraí bithmhéadracha stóráilte daoine aonair i mbunachar sonraí;

(36) 

ciallaíonn “fíorú bithmhéadrach” fíorú uathoibrithe, bunaithe ar chomparáid idir dhá shraith sonraí, lena n-áirítear fíordheimhniú, ar chéannacht daoine nádúrtha trína sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid leis na sonraí bithmhéadracha a cuireadh ar fáil roimhe sin;

(37) 

ciallaíonn “catagóirí speisialta sonraí pearsanta” na catagóirí sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 agus Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725;

(38) 

ciallaíonn “sonraí oibríochtúla íogaire” sonraí oibríochtúla a bhaineann le gníomhaíochtaí maidir le cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, a bhféadfaí sláine imeachtaí coiriúla a chur i mbaol dá nochtfaí iad;

(39) 

ciallaíonn “córas aitheanta mothúcháin” córas intleachta saorga atá ceaptha chun mothúcháin nó rúin daoine nádúrtha a shainaithint ar bhonn a sonraí bithmhéadracha nó chun mothúcháin nó rúin a bhaint as a gcuid sonraí bithmhéadracha;

(40) 

ciallaíonn “córas catagóirithe bhithmhéadraigh” córas intleachta saorga chun daoine nádúrtha a shannadh do chatagóirí sonracha ar bhonn a sonraí bithmhéadracha mura bhfuil sé coimhdeach le seirbhís tráchtála eile agus go bhfuil géarghá leis ar chúiseanna teicniúla oibiachtúla;

(41) 

ciallaíonn “córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama” córas intleachta saorga chun daoine nádúrtha a shainaithint, de ghnáth go cianda, gan iad a bheith rannpháirteach go gníomhach, trí shonraí bithmhéadracha an duine a chur i gcomparáid leis na sonraí bithmhéadracha atá i mbunachar sonraí tagartha;

(42) 

ciallaíonn “córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’”córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí lena ndéantar an ghabháil sonraí bithmhéadracha, an chomparáid agus an tsainaithint gan moill shuntasach, a bhfuil i gceist leis sin, ní hamháin sainaithint ar an toirt, ach moilleanna gearra teoranta chun nach dtiocfar timpeall ar an gcóras;

(43) 

ciallaíonn “córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘iar-aimseartha’” córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí seachas córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama;

(44) 

ciallaíonn “spás atá inrochtana don phobal” aon áit fhisiciúil faoi úinéireacht phoiblí nó phríobháideach a bhfuil rochtain ag líon neamhchinntithe daoine nádúrtha uirthi gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag coinníollacha áirithe maidir le rochtain, gan beann ar na srianta acmhainneachta a d’fhéadfadh a bheith ann;

(45) 

ciallaíonn “údarás forfheidhmithe dlí”:

(a) 

aon údarás poiblí atá inniúil maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a chosc; nó

(b) 

aon chomhlacht nó eintiteas eile a bhfuil an cúram curtha orthu ag dlí Ballstáit údarás poiblí agus cumhachtaí poiblí a fheidhmiú chun críoch cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a chosc;

(46) 

ciallaíonn “forfheidhmiú an dlí” gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí nó a dhéantar thar a gceann chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a chosc;

(47) 

ciallaíonn “an Oifig um Intleacht Shaorga” feidhm an Choimisiúin maidir le rannchuidiú le cur chun feidhme na gcóras intleachta saorga agus na samhlacha ilchuspóireacha intleachta saorga, agus le faireachán agus maoirseacht ar na córais agus na samhlacha sin, dá bhforáiltear i gCinneadh ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024; tuigfear gur tagairtí don Choimisiún iad na tagairtí sa Rialachán seo don Oifig um Intleacht Shaorga;

(48) 

ciallaíonn “údarás inniúil náisiúnta” údarás a thugann fógra nó údarás faireachais margaidh; a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a chuireann institiúidí, gníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí an Aontais i mbun seirbhíse nó a úsáideann siad, déanfar tagairtí d’údaráis inniúla náisiúnta nó d’údaráis faireachais margaidh sa Rialachán seo a fhorléiriú mar thagairtí don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí;

(49) 

ciallaíonn “teagmhas tromchúiseach” teagmhas nó mífheidhmiú a bhaineann le córas intleachta saorga arb é an toradh díreach nó indíreach atá air aon cheann díobh seo a leanas:

(a) 

bás duine nó díobháil thromchúiseach do shláinte duine;

(b) 

cur isteach tromchúiseach agus do-athraithe ar bhainistíocht nó oibriú bonneagair chriticiúil.

(c) 

sárú ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá ceaptha cearta bunúsacha a chosaint;

(d) 

díobháil thromchúiseach do mhaoin nó don chomhshaol;

(50) 

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(51) 

ciallaíonn “sonraí neamhphearsanta” sonraí seachas sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(52) 

ciallaíonn “próifíliú” próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679;

(53) 

ciallaíonn “plean tástála i bhfíordhálaí” doiciméad lena ndéantar cur síos ar chuspóirí, modheolaíocht, tíreolaíocht, daonra agus raon feidhme ama, faireachán, eagrú agus déanamh tástála i bhfíordhálaí;

(54) 

ciallaíonn “plean bosca gainimh” doiciméad arna chomhaontú idir an soláthraí rannpháirteach agus an t-údarás inniúil ina ndéantar cur síos ar na cuspóirí, na coinníollacha, an tráthchlár, an mhodheolaíocht agus na ceanglais le haghaidh na ngníomhaíochtaí a dhéantar laistigh den bhosca gainimh;

(55) 

ciallaíonn “bosca gainimh rialála intleachta saorga” creat rialaithe arna chur ar bun ag údarás inniúil lena dtugtar an deis do sholáthraithe nó do sholáthraithe ionchasacha córais intleachta saorga córas intleachta saorga nuálach a fhorbairt, a oiliúint, a bhailíochtú agus a thástáil, i gcás inarb iomchuí i bhfíordhálaí, de bhun plean bosca gainimh ar feadh tréimhse theoranta faoi mhaoirseacht rialála;

(56) 

ciallaíonn “litearthacht intleachta saorga” na scileanna, an t-eolas agus an tuiscint a chuireann ar chumas soláthraithe, úsáideoirí gairmiúla agus daoine dá ndéantar difear, agus a gcearta agus a n-oibleagáidí faoi seach á gcur san áireamh i gcomhthéacs an Rialacháin seo, córais intleachta saorga a imscaradh ar bhealach eolach, chomh maith le feasacht a fháil ar na deiseanna agus ar na rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga agus an dochar a d’fhéadfadh sí a dhéanamh;

(57) 

ciallaíonn “tástáil i bhfíordhálaí” tástáil shealadach a dhéanamh ar chóras intleachta saorga chun na críche atá beartaithe dó i bhfíordhálaí lasmuigh de shaotharlann nó de thimpeallacht ionsamhlaithe ar bhealach eile d’fhonn sonraí iontaofa stóinsithe a bhailiú agus d’fhonn measúnú agus fíorú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga le ceanglais an Rialacháin seo agus ní ionann tástáil i bhfíordhálaí agus an córas intleachta saorga a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse de réir bhrí an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagal 57 nó Airteagal 60;

(58) 

ciallaíonn “duine is ábhar” chun críoch na tástála i bhfíordhálaí duine nádúrtha a ghlacann páirt i dtástáil i bhfíordhálaí;

(59) 

ciallaíonn “toiliú feasach” nochtadh saor, sonrach, soiléir agus deonach an duine is ábhar don tástáil go bhfuil sé nó sí toilteanach páirt a ghlacadh i dtástáil ar leith i bhfíordhálaí, tar éis dó nó di a bheith curtha ar an eolas faoi gach gné den tástáil atá ábhartha maidir le cinneadh an duine is ábhar don tástáil a bheith rannpháirteach;

(60) 

ciallaíonn “domhainbhrionnú” íomhá atá ginte nó ionramháilte ag an intleacht shaorga, ar inneachar fuaime nó físe é atá an-chosúil le daoine, réada, áiteanna nó eintitis nó imeachtaí eile atá ann cheana agus a dhealródh go bréagach do dhuine a bheith barántúil nó fírinneach;

(61) 

ciallaíonn “sárú forleathan” aon ghníomh nó neamhghníomh atá contrártha do dhlí an Aontais lena gcosnaítear leasanna daoine aonair agus:

(a) 

lena ndearnadh díobháil, nó ar dóigh go ndéanfaidh díobháil leis, do chomhleasanna daoine aonair a bhfuil cónaí orthu in dhá Bhallstát, ar a laghad, seachas an Ballstát:

(i) 

inar tionscnaíodh an gníomh nó inar tharla an neamhghníomh;

(ii) 

ina bhfuil an soláthraí lena mbaineann, nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe lonnaithe nó bunaithe; nó

(iii) 

ina bhfuil an t-úsáideoir gairmiúil bunaithe, nuair is é an t- úsáideoir gairmiúil a dhéanann an sárú;

(b) 

lena ndearnadh díobháil, lena ndéantar díobháil nó ar dóigh go ndéanfaidh díobháil leis, do chomhleasanna daoine aonair agus a bhfuil tréithe coiteanna ag baint leis, lena n-áirítear an cleachtas mídhleathach céanna, an leas céanna a bheith á shárú agus a tharlaíonn i gcomhthráth, arna ndéanamh ag an oibreoir céanna, i dtrí Bhallstát, ar a laghad;

(62) 

ciallaíonn “bonneagar criticiúil” bonneagar criticiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2022/2557;

(63) 

ciallaíonn “samhail intleachta saorga ilchuspóireach” samhail intleachta saorga, lena n-áirítear i gcás ina gcuirtear oiliúint ar an tsamhail intleachta saorga le méid mór sonraí ina n-úsáidtear féinmhaoirseacht ar scála a léiríonn ginearáltacht shuntasach agus atá in ann raon leathan cúraimí ar leith a dhéanamh go hinniúil gan beann ar an gcaoi a gcuirtear an tsamhail ar an margadh agus ar féidir í a chomhtháthú i gcórais nó i bhfeidhmeanna iartheachtacha éagsúla, seachas samhlacha intleachta saorga a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí taighde, forbartha nó fréamhshamhaltaithe sula gcuirtear ar an margadh iad;

(64) 

ciallaíonn “cumais ardtionchair” cumais a mheaitseálann nó a sháraíonn na cumais a thaifeadtar sna samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha is forbartha;

(65) 

ciallaíonn “riosca sistéamach” riosca a bhaineann go sonrach le cumais ardtionchair i samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, a bhfuil tionchar suntasach aige ar mhargadh an Aontais mar gheall ar a rochtain, nó mar gheall ar éifeachtaí diúltacha iarbhír nó éifeachtaí diúltacha atá measartha intuartha aige ar an tsláinte phoiblí, ar an tsábháilteacht, ar an tslándáil phoiblí, ar chearta bunúsacha, nó ar an tsochaí ina hiomláine, ar éifeachtaí iad a d’fhéadfadh scaipeadh go forleathan ar fud an tslabhra luacha;

(66) 

ciallaíonn “córas intleachta saorga ilchuspóireach” córas intleachta saorga atá bunaithe ar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach agus a bhfuil sé de chumas ann freastal ar chuspóirí éagsúla, bíodh sin mar úsáid dhíreach nó mar chomhtháthú i gcórais intleachta saorga eile araon;

(67) 

ciallaíonn “oibríocht snámhphointe” aon oibríocht nó sannadh matamaiticiúil lena mbaineann uimhreacha snámhphointe, ar fothacar iad de na fíoruimhreacha a léirítear de ghnáth ar ríomhairí ag slánuimhir bheacht sheasta atá scálaithe ag slánuimhir de bhonn seasta;

(68) 

ciallaíonn “soláthraí iartheachtach” soláthraí córais intleachta saorga, lena n-áirítear córas intleachta saorga ilchuspóireach, lena gcomhtháthaítear samhail intleachta saorga, gan beann ar cibé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn siad féin an tsamhail intleachta saorga agus cibé acu atá nó nach bhfuil sí comhtháite go hingearach nó á soláthar ag eintiteas eile bunaithe ar ghaol conarthach.

EULAW Airteagal 4 Sainmhínithe

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

►C2  ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); ◄ is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

(2) 

ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

(3) 

ciallaíonn “srianadh ar phróiseáil” sonraí pearsanta stóráilte a mharcáil agus é d'aidhm leis sin teorainn a chur leis an bpróiseáil a dhéanfar orthu sa todhchaí;

(4) 

ciallaíonn “próifíliú” aon chineál próiseála uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta arb éard í úsáid na sonraí sin chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe pearsanta áirithe a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an duine nádúrtha sin ag an obair, le staid eacnamaíoch, le sláinte, le roghanna pearsanta, le hábhair spéise, le hiontaofacht, le hiompar, le suíomh nó le gluaiseachtaí an duine nádúrtha sin nó chun na gnéithe sin a thuar;

(5) 

ciallaíonn “ainm bréige a chur i bhfeidhm” próiseáil a dhéantar ar chaoi nach féidir na sonraí a chur i leith ábhair sonraí ar leith a thuilleadh gan faisnéis bhreise a úsáid, ar choinníoll go gcoimeádtar faisnéis bhreise den sórt sin ar leithligh agus go bhfuil sí faoi réir bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú nach gcuirtear na sonraí pearsanta i leith duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta;

(6) 

ciallaíonn “córas comhdúcháin” aon sraith struchtúraithe de shonraí pearsanta a bhfuil rochtain orthu de réir critéir shonracha, is cuma má tá an sraith sin lárnaithe, díláraithe nó scaipthe ar bhonn feidhmeach nó geografach;

(7) 

ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

(8) 

ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;

(9) 

ciallaíonn “faighteoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile, dá nochtar na sonraí pearsanta, bíodh siad ina dtríú páirtí nó ná bíodh. Maidir le húdaráis phoiblí a fhéadfaidh sonraí pearsanta a fháil faoi chuimsiú fiosrúchán ar leith i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, ní mheasfar gur faighteoirí iad; comhlíonfaidh an phróiseáil a dhéanfaidh na húdaráis phoiblí sin ar na sonraí sin na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí de réir na gcríoch atá leis an bpróiseáil;

(10) 

ciallaíonn “tríú páirtí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile seachas an t-ábhar sonraí, an rialaitheoir, an próiseálaí agus daoine a údaraítear, faoi údarás díreach an rialaitheora nó an phróiseálaí, chun na sonraí a phróiseáil;

▼C2

(11) 

ciallaíonn “toiliú” an ábhair sonraí aon léiriú sonrach, feasach agus gan athbhrí a thugtar faoi shaoirse ar mhianta an ábhair sonraí trína gcuireann sé nó sí in iúl, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, go n-aontaíonn sé nó sí le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi;

▼B

(12) 

ciallaíonn “sárú i ndáil le sonraí pearsanta” sárú ar shlándáil as a dtiocfaidh scrios, cailleadh, athrú, nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach;

(13) 

ciallaíonn “sonraí géiniteacha” sonraí pearsanta a bhaineann le tréithe géiniteacha duine nádúrtha a fuarthas le hoidhreacht nó a fuarthas, a thugann faisnéis uathúil faoi fhiseolaíocht nó sláinte an duine nádúrtha sin agus arb é atá iontu an toradh, go háirithe, ar anailís arna déanamh ar shampla bitheolaíoch ón duine nádúrtha atá i gceist;

(14) 

ciallaíonn “sonraí bithmhéadracha” sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha;

(15) 

ciallaíonn “sonraí a bhaineann leis an tsláinte” sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte fhisiciúil nó mheabhrach duine nádúrtha, lena n-áirítear soláthar seirbhísí cúraim sláinte, lena nochtar faisnéis faoina stádas sláinte;

(16) 

ciallaíonn “príomhbhunaíocht”:

(a) 

maidir le rialaitheoir a bhfuil bunaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin aige, an áit a bhfuil a riarachán lárnach san Aontas, mura rud é go nglactar na cinntí maidir le críocha agus modhanna próiseála na sonraí pearsanta i mbunaíocht eile de chuid an rialaitheora san Aontas agus go bhfuil an chumhacht ag an mbunaíocht sin chun a chur faoi deara cinntí den sórt sin a chur chun feidhme, agus sa chás sin meastar gurb í an bhunaíocht a ghlac cinntí den sórt sin an phríomh-bhunaíocht;

(b) 

i ndáil le próiseálaí a bhfuil bunaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin aige, an áit a bhfuil a riarachán lárnach san Aontas, nó mura bhfuil aon riarachán lárnach ag an bpróiseálaí san Aontas, bunaíocht an phróiseálaí san Aontas ina ndéantar na príomhghníomhaíochtaí próiseála i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid an phróiseálaí a mhéid atá an próiseálaí faoi réir oibleagáidí sonracha faoin Rialachán seo;

(17) 

ciallaíonn “ionadaí” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a dhéanann ionadaíocht thar ceann an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir lena n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo, agus atá ceaptha i scríbhinn ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí de bhun Airteagal 27;

(18) 

ciallaíonn “fiontar” duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma faoi fhoirm dhlíthiúil na gníomhaíochta sin, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí nó comhlachais a bhíonn ag gabháil go rialta do ghníomhaíocht eacnamaíoch;

(19) 

ciallaíonn “grúpa gnóthas” gnóthas rialaitheach agus a ghnóthais atá faoi rialú;

(20) 

ciallaíonn “rialacha ceangailteacha corparáideacha” beartais um chosaint sonraí pearsanta a gcloíonn rialaitheoir nó próiseálaí atá bunaithe ar chríoch Ballstáit leo, ar beartais iad le haghaidh aistrithe sonraí pearsanta nó sraith d'aistrithe sonraí pearsanta chuig rialaitheoir nó chuig próiseálaí i dtríú tír amháin nó níos mó laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu;

(21) 

ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

▼C2

(22) 

ciallaíonn “údarás maoirseachta lena mbaineann” údarás maoirseachta a mbaineann próiseáil sonraí pearsanta leis mar gurb amhlaidh:

(a) 

go bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe ar chríoch Bhallstát an údaráis maoirseachta sin;

(b) 

go bhfuil éifeacht shubstainteach nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil ar ábhair sonraí atá ina gcónaí i mBallstát an údaráis maoirseachta sin; nó

(c) 

go ndearnadh gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta sin;

▼B

(23) 

ciallaíonn “próiseáil trasteorann” ceann acu seo:

(a) 

próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin de chuid rialaitheora nó próiseálaí san Aontas, i gcás ina bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin; nó

(b) 

próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar san Aontas a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta aonair de chuid rialaitheora nó próiseálaí san Aontas ach a bhfuil éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil sin ar ábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach aici orthu.

(24) 

ciallaíonn “agóid ábhartha réasúnaithe” agóid i gcoinne dréachtchinneadh i dtaca le cibé an ann do shárú ar an Rialachán seo nó nach ann dó, nó an gcomhlíonann an gníomhaíocht a bheartaítear i dtaca leis an rialaitheoir nó leis an bpróiseálaí an Rialachán seo, agóid a thaispeánann go soiléir suntasacht na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an dréachtchinneadh maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí agus, i gcás inarb infheidhme, saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas;

(25) 

ciallaíonn “seirbhís de chuid na sochaí faisnéise” seirbhís mar a shainmhínítear í i bpointe (b) d'Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(26) 

ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a gcuid fochomhlachtaí a rialaítear leis an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn chomhaontaithe idir dhá thír nó níos mó.

Saincheisteanna nasctha

  • Secure Controls Framework -

    The Secure Controls Framework® (SCF)

    "The SCF is the Common Controls Framework™ (CCF), the world's most comprehensive cybersecurity and data privacy metaframework - it is also free to use. The entire concept is building secure, compliant and resilient capabilities in the most efficient and cost-effective manner possible.

    The SCF is more than just a unified control catalog, since its included content creates a playbook for Governance, Risk & Compliance (GRC) capabilities. Used globally by organizations of every size, the SCF is a robust and scalable solution for security, compliance and resilience controls. As a comprehensive security framework, the SCF maps 1,400+ controls across 200+ laws, regulations, and industry frameworks so you can implement once and comply everywhere.

    Like it or not, cybersecurity is a protracted war on an asymmetric battlefield, where the threats are everywhere and as defenders we have to make the effort to work together to help improve cybersecurity and data privacy practices, since we all suffer when massive data breaches occur or when cyber attacks have physical impacts. Hackers share information on attack methods with other hackers, so why shouldn’t the good guys share information on how to best protect an organization? We decided to take action and make a difference, since we feel it is too important to wait for someone else to fix the problems that exist.

    The SCF is made up of volunteers, mainly specialists within the cybersecurity profession, who focus on GRC and the cybersecurity side of data privacy. These are auditors, engineers, architects, incident responders, consultants and other specialists who live and breathe these topics on a daily basis. The end product is "expert-derived content" that makes up the SCF." https://securecontrolsframework.com/ 

    Terms & Conditions

    The SCF End User License Agreement (EULA) governs the use of the Secure Controls Framework® (SCF) under the Creative Commons Attribution-No Derivatives 4.0 International Public License.