+Airteagal 104 2.

Airteagal 104 2.

Sannfaidh institiúidí suíomhanna sna hionstraimí a leanas don leabhar trádála:

(a) 

ionstraimí a chomhlíonann na critéir, a leagtar amach in Airteagal 325(6), (7) agus (8), chun iad a chur ar áireamh sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (“ACTP”);

(b) 

ionstraimí a dtiocfadh glansuíomh creidmheasa gearr nó glansuíomh cothromais gearr sa leabhar neamhthrádála chun cinn mar thoradh orthu, cé is moite de dhliteanais dhílse na hinstitiúide, ach amháin i gcás ina gcomhlíonann na suíomhanna sin na critéir dá dtagraítear i bpointe (e);

(c) 

ionstraimí mar thoradh ar ghealltanais frithgheallta urrús, i gcás ina mbaineann na gealltanais frithgheallta sin le hurrúis a bhfuil coinne leis go gceannóidh an institiúid iad ar an dáta socraíochta, agus leis na hurrúis sin amháin;

(d) 

ionstraimí a aicmítear go soiléir mar shócmhainní nó dliteanais a bhfuil cuspóir trádála acu faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme maidir leis an institiúid;

(e) 

ionstraimí mar thoradh ar ghníomhaíochtaí cruthaithe margaidh;

(f) 

na suíomhanna a shealbhaítear le hintinn trádála in GCanna, ar choinníoll go gcomhlíonann na GCanna sin ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha a leagtar amach i mír 8;

(g) 

cothromais liostaithe;

(h) 

idirbhearta um maoiniú urrús atá bainteach le trádáil;

(i) 

roghanna, nó díorthaigh eile, leabaithe i ndliteanais dhílse na hinstitiúide sa leabhar neamhthrádála a bhaineann le riosca creidmheasa nó riosca cothromais.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), beidh glansuíomh cothromais gearr ag institiúid i gcás inar brabús don institiúid é an toradh a bheidh ar laghdú ar phraghas an chothromais. Beidh glansuíomh creidmheasa ghearr ag institiúid i gcás inar brabús don institiúid é an toradh a bheidh ar mhéadú ar raon difríochta creidmheasa eisitheora nó grúpa eisitheoirí nó meathlúchán ar acmhainneacht creidmheasa eisitheora nó grúpa eisitheoirí. Déanfaidh institiúidí faireachán leanúnach chun féachaint an mbeidh glansuíomh creidmheasa gearr nó glansuíomh cothromais gearr sa leabhar neamhthrádála chun cinn mar thoradh ar ionstraimí.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (i), roinnfidh institiúid an rogha leabaithe, nó díorthach eile, óna dliteanas dílis sa leabhar neamhthrádála a bhaineann le riosca creidmheasa nó riosca cothromais. Sannfaidh sí an rogha leabaithe, nó díorthach eile, don leabhar trádála agus fágfaidh sí an dliteanas dílis sa leabhar neamhthrádála. I gcás, mar gheall ar a cineál, nach féidir an ionstraim a roinnt, sannfaidh an institiúid an ionstraim iomlán don leabhar trádála. I gcás mar sin, déanfaidh sí doiciméadú cuí ar an gcúis leis an láimhseáil sin a chur i bhfeidhm.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas