+Airteagal 106 3.

Airteagal 106 3.

I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú ar neamhchosaint leabhair neamhthrádála ar riosca creidmheasa nó ar neamhchosaint ar riosca contrapháirtí ag úsáid díorthach creidmheasa atá cláraithe ina leabhar trádála, aithneofar an suíomh díorthaigh creidmheasa sin mar fhálú inmheánach ar neamhchosaint leabhair neamhthrádála ar riosca creidmheasa nó ar neamhchosaint ar riosca contrapháirtí chun críche na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca dá dtagraítear in Airteagal 92(4), pointe (a), a ríomh i gcás ina ndéanfaidh an institiúid idirbheart díorthaigh chreidmheasa eile le soláthraí cosanta tríú páirtí incháilithe a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh cosaint creidmheasa neamhchistithe sa leabhar neamhthrádála agus a fhritháiríonn go hiomlán riosca margaidh an fhálaithe inmheánaigh.

Áireofar fálú inmheánach a aithnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus an díorthach creidmheasa a dhéantar le soláthraí cosanta tríú páirtí incháilithe araon sa leabhar trádála chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh. Chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh agus an cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (b), á úsáid, sannfar an dá shuíomh don deasc thrádála chéanna lena mbainistítear rioscaí comhchosúla.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas