+Airteagal 124 6.

Airteagal 124 6.

Chun críocha Airteagal 125(2) agus Airteagal 126(2), ríomhfar an cóimheas idir neamhchosaint agus luach trí bhíthin an t-ollmhéid neamhchosanta a roinnt faoin luach réadmhaoine faoi réir na gcoinníollacha a leanas:

(a) 

ríomhfar an t-ollmhéid neamhchosanta mar luach cuntasaíochta na hítime sócmhainne a bhaineann leis an neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin dhochorraithe agus aon mhéid neamhtharraingthe, ach atá geallta, a mhéadóidh luach neamhchosanta na neamhchosanta arna hurrú le réadmhaoin dhochorraithe nuair a tharraingeofar é; ríomhfar an t-ollmhéid neamhchosanta sin gan an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(i) 

coigeartuithe sonracha i leith riosca creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 110;

(ii) 

coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 maidir le gnó leabhair neamhthrádála na hinstitiúide;

(iii) 

méideanna arna asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (m); agus

(iv) 

laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis an ítim shócmhainne;

(b) 

ríomhfar an t-ollmhéid neamhchosanta gan aon chineál cosanta creidmheasa cistithe nó neamhchistithe a chur san áireamh, ach amháin le haghaidh cuntais taisce gheallta atá ag an institiúid iasachtaí a chomhlíonann gach ceanglas i gcás glanluachála laistigh den chlár comhardaithe, faoi na máistir-chomhaontuithe glanluachála i gcomhréir le hAirteagail 196 agus 206 nó faoi chomhaontuithe glanluachála eile laistigh den chlár chomhardaithe i gcomhréir le hAirteagail 195 agus 205 agus atá geallta go neamh-choinníollach agus go neamh-inchúlghairthe chun an oibleagáid chreidmheasa a bhaineann leis an neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin dhochorraithe a chomhlíonadh agus chun na críche sin amháin;

(c) 

i gcás neamhchosaintí nach mór a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 125(2) nó Airteagal 126(2) i gcás ina bhfuil lian sinsearach i seilbh páirtí seachas an institiúid agus ina bhfuil lian sóisearach i seilbh na hinstitiúide atá aitheanta faoi mhír 4 den Airteagal seo, ríomhfar ollmhéid neamhchosanta mar shuim ollmhéid neamhchosanta an liain atá i seilbh na hinstitiúide agus ollmhéideanna neamhchosanta do gach lian eile ag a bhfuil sinsearacht rangaithe atá cothrom leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide, nó atá níos airde ná é.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), i gcás ina bhfuil níos mó ná neamhchosaint amháin urraithe leis an réadmhaoin dhochorraithe chéanna ag institiúid agus i gcás ina bhfuil na neamhchosaintí sin urraithe le liain ar an réadmhaoin dhochorraithe sin atá seicheamhach ó thaobh ordú rangaithe gan lian i seilbh tríú páirtí rangaithe eatarthu, déanfar na neamhchosaintí a láimhseáil mar chomh-neamhchosaint amháin agus suimeálfar na hollmhéideanna neamhchosanta le haghaidh na neamhchosaintí aonair chun an t-ollmhéid neamhchosanta a ríomh don chomh-neamhchosaint amháin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), i gcás ina bhfuil easpa faisnéise chun gur féidir rangú na lian eile a fhionnadh, déanfaidh an institiúid rangú na lian sin a láimhseáil pari passu leis an lian sóisearach atá i seilbh na hinstitiúide. Déanfaidh an institiúid an t-ualú riosca a chinneadh ar dtús i gcomhréir le hAirteagal 125(2) nó Airteagal 126(2) (“an bun-ualú riosca”), de réir mar is infheidhme. Coigeartóidh sé an t-ualú riosca ansin faoi iolraitheoir 1,25 , chun méideanna na lian sóisearach a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh. I gcás ina bhfuil an bun-ualú riosca i gcomhréir leis an mbuicéad neamhchosanta agus luacha is ísle, ní chuirfear an t-iolraitheoir i bhfeidhm. Déanfar an t-ualú riosca atá ann mar thoradh ar an mbun-ualú riosca a iolrú faoi 1,25 a uasteorannú ag an ualú riosca a chuirfí i bhfeidhm ar an neamhchosaint mura gcomhlíonfaí na ceanglais i mír 3.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas