|
+Airteagal 199 2. |
Airteagal 199 2.Mura sonrófar a mhalairt faoi Airteagal 124(9), féadfaidh institiúidí comhthaobhacht incháilithe a úsáid i bhfoirm réadmhaoine cónaithe atá nó a bheidh á háitiú nó á ligean ar cíos ag an úinéir, nó ag an úinéir tairbhiúil i gcás cuideachtaí infheistíochta pearsanta, agus réadmhaoin dhochorraithe tráchtála, lena n-áirítear oifigí agus áitribh thráchtála eile, i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
(a)
ní bhraitheann an luach réadmhaoine go hábhartha ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora;
(b)
ní bhraitheann riosca an iasachtaí go hábhartha ar fheidhmíocht na réadmhaoine bunúsaí ná an tionscadail fholuitigh, ach ar acmhainneacht fholuiteach an iasachtaí an fiachas a aisíoc ó fhoinsí eile, agus mar thoradh air sin, ní bheidh aisíocaíocht na saoráide ag brath go hábhartha ar aon sreabhadh airgid arna ghiniúint leis an réadmhaoin fholuiteach a fheidhmíonn mar chomhthaobhacht. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), féadfaidh institiúidí cásanna a fhágáil ar lár i gcás ina ndéanfaidh tosca atá go hiomlán maicreacnamaíoch difear don luach réadmhaoine agus d‘fheidhmíocht an iasachtaí araon. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|