|
+Airteagal 208 3. |
Airteagal 208 3.Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le faireachán a dhéanamh ar luachanna maoine agus ar luacháil maoine:
►C2
(a)
déanfaidh institiúidí faireachán ar luach na maoine go minic agus uair amháin sa bhliain ar a laghad i gcás maoine tráchtála dochorraithe agus uair amháin gach trí bliana i gcás maoine cónaithe. ◄ Déanfaidh institiúidí faireachán níos minice i gcás ina dtagann athruithe móra ar dhálaí an mhargaidh;
(b)
déanfar athbhreithniú ar an luacháil maoine nuair is léir ón bhfaisnéis atá ar fáil d'institiúidí go bhféadfadh sé gur tháinig laghdú ábhartha ar an luach réadmhaoine i gcoibhneas le praghsanna ginearálta an mhargaidh agus déanfaidh luachálaí ag a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus an cumas cuí chun luacháil a chur i gcrích agus atá neamhspleách ón bpróiseas cinnteoireachta creidmheasa an t-athbhreithniú sin; measfar breithnithe a bhaineann le CSR, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le teorainneacha arna bhforchur ag cuspóirí rialála agus gníomhartha dlí ábhartha an Aontais agus na mBallstát, chomh maith le, i gcás inarb ábhartha le haghaidh institiúidí atá gníomhach go hidirnáisiúnta, cuspóirí dlíthiúla agus rialála tríú tíortha, measfar na breithnithe sin a bheith mar léiriú go bhféadfadh sé gur tháinig laghdú ábhartha ar an luach réadmhaoine, i gcoibhneas le praghsanna ginearálta an mhargaidh; i gcás iasachtaí os cionn EUR 3 mhilliún nó 5 % de chistí dílse na hinstitiúide, déanfaidh an luachálaí sin athbhreithniú ar luacháil na maoine gach 3 bliana ar a laghad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|