+Airteagal 208 Ceanglais maidir le comhthaobhacht maoine dochorraithe
---+Airteagal 208 1.
---+Airteagal 208 2.
---+Airteagal 208 3.
---+Airteagal 208 3a.
---+Airteagal 208 4.
---+Airteagal 208 5.
|
Airteagal 208 Ceanglais maidir le comhthaobhacht maoine dochorraithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 208 1.
|
Cáileofar maoin mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na ceanglais uile a leagtar síos i mír 2 go mír 5 agus sa chás sin amháin.
|
|
Airteagal 208 2.
|
Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le deimhneacht dhlíthiúil:
(a)
beidh morgáiste nó muirear inchurtha i bhfeidhm i ngach dlínse a bheidh iomchuí an tráth a chuirfear an comhaontú creidmheasa i gcrích agus déanfar é a chomhdú mar is cuí ar bhonn tráthúil;
(b)
comhlíonadh gach ceanglas dlíthiúil maidir leis an ngealltán a bhunú;
(c)
fágann an comhaontú cosanta agus an próiseas dlíthiúil is bonn leis go bhfuil sé ar chumas na hinstitiúide luach na cosanta a réadú laistigh de fhráma ama réasúnta.
|
|
Airteagal 208 3.
|
Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le faireachán a dhéanamh ar luachanna maoine agus ar luacháil maoine:
déanfaidh institiúidí faireachán ar luach na maoine go minic agus uair amháin sa bhliain ar a laghad i gcás maoine tráchtála dochorraithe agus uair amháin gach trí bliana i gcás maoine cónaithe. ◄ Déanfaidh institiúidí faireachán níos minice i gcás ina dtagann athruithe móra ar dhálaí an mhargaidh;
▼M17
(b)
déanfar athbhreithniú ar an luacháil maoine nuair is léir ón bhfaisnéis atá ar fáil d'institiúidí go bhféadfadh sé gur tháinig laghdú ábhartha ar an luach réadmhaoine i gcoibhneas le praghsanna ginearálta an mhargaidh agus déanfaidh luachálaí ag a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus an cumas cuí chun luacháil a chur i gcrích agus atá neamhspleách ón bpróiseas cinnteoireachta creidmheasa an t-athbhreithniú sin; measfar breithnithe a bhaineann le CSR, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le teorainneacha arna bhforchur ag cuspóirí rialála agus gníomhartha dlí ábhartha an Aontais agus na mBallstát, chomh maith le, i gcás inarb ábhartha le haghaidh institiúidí atá gníomhach go hidirnáisiúnta, cuspóirí dlíthiúla agus rialála tríú tíortha, measfar na breithnithe sin a bheith mar léiriú go bhféadfadh sé gur tháinig laghdú ábhartha ar an luach réadmhaoine, i gcoibhneas le praghsanna ginearálta an mhargaidh; i gcás iasachtaí os cionn EUR 3 mhilliún nó 5 % de chistí dílse na hinstitiúide, déanfaidh an luachálaí sin athbhreithniú ar luacháil na maoine gach 3 bliana ar a laghad.
|
|
Airteagal 208 3a.
|
Féadfaidh institiúidí faireachán a dhéanamh ar luach na réadmhaoine dochorraithe agus an réadmhaoin dhochorraithe a bhfuil athluacháil de dhíth uirthi a shainaithint, i gcomhréir le mír 3, trí bhíthin ardmhodhanna staidrimh nó modhanna matamaiticiúla eile (“samhlacha”), ar choinníoll go bhforbraítear na modhanna sin go neamhspleách ar an bpróiseas cinnteoireachta creidmheasa agus go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
leagann na hinstitiúidí amach, ina mbeartais agus nósanna imeachta, na critéir le haghaidh samhlacha a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar luachanna comhthaobhachta agus chun an réadmhaoin ar cheart athluacháil a dhéanamh uirthi a shainaithint; tabharfar cuntas sna beartais agus nósanna imeachta sin ar chuntas teiste cruthaithe na samhlacha sin, ar athróga measta a bhaineann go sonrach le maoin ar leith, ar an úsáid a baineadh as an méid íosta faisnéise beaichte a bhí ar fáil, agus ar éiginnteacht na samhlacha;
(b)
áirithíonn na hinstitiúidí go mbeidh na samhlacha a úsáidfear:
(i)
sonrach ó thaobh réadmhaoine agus áite ar leibhéal leordhóthanach gráinneachta;
(ii)
bailí agus beacht, agus faoi réir cúltástáil stóinseach rialta i gcoinne na bpraghsanna idirbhirt iarbhír a bhreathnaítear;
(iii)
bunaithe ar shampla atá mór agus ionadaíoch go leordhóthanach, bunaithe ar phraghsanna idirbhirt a bhreathnaítear;
(iv)
bunaithe ar shonraí ardcháilíochta cothrom le dáta;
(c)
is iad na hinstitiúidí atá freagrach ar deireadh as oiriúnacht agus feidhmíocht na samhlacha;
(d)
áirithíonn na hinstitiúidí go mbeidh doiciméadacht na samhlacha cothrom le dáta;
(e)
tá próisis, córais agus acmhainneachtaí TF leormhaithe i bhfeidhm ag na hinstitiúidí agus tá sonraí beachta leordhóthanacha acu le haghaidh aon fhaireachán shamhailbhunaithe ar luach comhthaobhachta réadmhaoine agus sainaithint réadmhaoine dochorraithe ar gá athluacháil a dhéanamh orthu;
(f)
déantar na meastacháin ar shamhlacha a bhailíochtú go neamhspleách agus tá an próiseas bailíochtaithe comhsheasmhach go ginearálta leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 185, i gcás inarb infheidhme.
|
|
Airteagal 208 4.
|
Déanfaidh institiúidí cineálacha na maoine cónaithe agus na maoine tráchtála dochorraithe a nglacann siad leo agus a mbeartais iasachtaithe i dtaca leis sin a dhoiciméadú go soiléir.
|
|
Airteagal 208 5.
|
Beidh an réadmhaoin dhochorraithe a nglacfar léi mar chosaint creidmheasa árachaithe go leordhóthanach i gcoinne riosca damáiste agus beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí chun faireachán a dhéanamh ar leordhóthanacht an árachais. De mhaolú ar Airteagal 92(5), pointe (a)(ii), agus gan dochar don mhaolú a leagtar amach in Airteagal 92(3), an dara fomhír, maidir le neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe a deonaíodh roimh an 1 Eanáir 2025, ní cheanglófar ar institiúidí a chuireann Cur Chuige IRB i bhfeidhm dá dtagraítear i gCaibidil 3 den Teideal seo trína meastacháin féin ar LGD a úsáid na forálacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo a chur i bhfeidhm.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|