|
+Airteagal 221 4. |
Airteagal 221 4.Ní thabharfaidh údaráis inniúla cead d'institiúid cur chuige na samhlacha inmheánacha a úsáid ach amháin i gcás inar deimhin leo go bhfuil córas na hinstitiúide maidir leis na priacail a thagann as na hidirbhearta a chuimsíonn an máistir-chomhaontú glanluachála slán ar bhonn coincheapúil agus curtha chun feidhme le hionracas agus i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin cháilíochtúla seo a leanas:
(a)
tá an tsamhail tomhas ►C9 riosca ◄ inmheánach a úsáidtear chun luaineacht praghsanna fhéideartha a ríomh le haghaidh na n-idirbheart comhtháite go dlúth le próiseas bainistithe ►C9 riosca ◄ laethúil na hinstitiúide agus úsáidtear í mar an bhonn le ►C9 neamhchosaintí ◄ ar ►C9 riosca ◄ a thuairisciú do bhainistíocht shinsearach na hinstitiúide;
(b)
tá aonad rialaithe ►C9 riosca ◄ ag an institiúid a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:
(i)
tá sé neamhspleách ar aonaid trádála gnó agus tuairiscíonn sé go díreach don bainistíocht shinsearach;
(ii)
tá sé freagrach as córas bainistíochta ►C9 riosca ◄ na hinstitiúide a dhearadh agus a chur chun feidhme;
(iii)
déanann sé tuairiscí laethúla ar aschur na samhla tomhas ►C9 riosca ◄ agus ar na bearta iomchuí atá le déanamh i dtéarmaí teorainneacha suímh agus déanann sé anailís orthu.
(c)
(d)
tá a dóthain ball foirne ag an institiúid san aonad rialaithe ►C9 riosca ◄ atá oilte i samhlacha sofaisticiúla a úsáid;
(e)
tá nósanna imeachta bunaithe ag an institiúid le faireachán a dhéanamh ar shraith dhoiciméadaithe de bheartais agus rialuithe inmheánacha a bhaineann le feidhmiú foriomlán an chórais chun ►C9 riosca ◄ a thomhas agus lena áirithiú go gcomhlíonfar na beartais agus na rialuithe sin;
(f)
tá cuntas teiste cruthaithe ag samhlacha na hinstitiúide maidir le cruinneas réasúnta i priacail a thomhas arna léiriú trí thástáil a théann siar ar a haschur ag úsáid sonraí bliana ar a laghad;
(g)
déanann an institiúid dianchlár tástála struis go minic agus déanann an bhainistíocht shinsearach athbhreithniú ar thorthaí na dtástálacha sin agus léirítear iad sna beartais agus sna teorainneacha a shocraíonn sí;
(h)
(i)
Uair amháin sa bhliain ar a laghad, déanfaidh an institiúid athbhreithniú ar a próiseas foriomlán bainistithe ►C9 riosca ◄ .
(j)
comhlíonann an tsamhail inmheánach na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 292(8) agus (9) agus in Airteagal 294. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|