+Airteagal 229 Prionsabail luachála le haghaidh comhthaobhacht incháilithe seachas comhthaobhacht airgeadais
---+Airteagal 229 1.
---+Airteagal 229 2.
---+Airteagal 229 3.
---+Airteagal 229 4.
|
Airteagal 229 Prionsabail luachála le haghaidh comhthaobhacht incháilithe seachas comhthaobhacht airgeadais
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 229 1.
|
Comhlíonfar gach ceann de na ceanglais seo a leanas agus réadmhaoin dhochorraithe á luacháil:
(a)
déanann luachálaí neamhspleách ag a bhfuil na cáilíochtaí, an cumas agus an taithí is gá chun luacháil a dhéanamh meastóireacht ar an luach go neamhspleách ar phróiseas fála morgáiste, próiseála iasachtaí agus cinnteoireachta iasachtaí na hinstitiúide;
(b)
déantar meastóireacht ar an luach trí úsáid a bhaint as critéir luachála choimeádacha stuama a chomhlíonann gach ceann de na ceanglais seo a leanas:
(i)
ní chuirtear ionchais maidir le méaduithe ar phraghsanna san áireamh sa luach;
(ii)
coigeartaítear an luach lena chur san áireamh ann go bhféadfadh an margadhluach reatha a bheith i bhfad os cionn an luacha ab inbhuanaithe thar shaolré na hiasachta;
(c)
déantar an luach a dhoiciméadú ar bhealach trédhearcach agus soiléir;
(d)
níl an luach níos airde ná margadhluach ar an réadmhaoin dhochorraithe i gcás ina bhféadtar an margadhluach sin a chinneadh;
(e)
i gcás ina ndéantar athluacháil ar an réadmhaoin, ní théann an luach réadmhaoine os cionn an mheánluacha arna thomhas don réadmhaoin sin, nó do réadmhaoin inchomparáide, le 6 bliana anuas i gcás réadmhaoin chónaithe nó le 8 mbliana i gcás réadmhaoin dhochorraithe tráchtála ná os cionn an luacha tráth an tionscnaimh, cibé acu is airde.
Chun an meánluach a ríomh, tógfaidh institiúidí meán na luachanna réadmhaoine a breathnaíodh ag eatraimh chomhionanna agus áireofar trí phointe sonraí ar a laghad sa tréimhse thagartha. Chun an meánluach a ríomh, féadfaidh institiúidí na torthaí ón bhfaireachán ar luachanna réadmhaoine a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 208(3). Féadfar gur mó an luach réadmhaoine ná an meánluach sin nó an luach tráth an tionscnaimh, de réir mar is infheidhme, i gcás ina ndéantar modhnuithe ar an réadmhaoin a mhéadaíonn a luach go soiléir, mar shampla feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht fuinnimh nó feabhas a chur ar sheasmhacht agus cosaint an fhoirgnimh agus an aonaid tithíochta agus iad a chur in oiriúint do rioscaí fisiciúla an fhoirgnimh nó an aonaid tithíochta. Ní dhéanfar athluacháil aníos ar an luach réadmhaoine mura bhfuil sonraí leordhóthanacha ag na hinstitiúidí chun an meánluach a ríomh ach amháin má tá an méadú ar an luach bunaithe ar mhodhnuithe lena méadaítear an luach go cinnte. Cuirfear san áireamh i luacháil na réadmhaoine dochorraithe aon éilimh a rinneadh roimhe sin ar an réadmhaoin, mura gcuirtear éileamh a rinneadh roimhe ré san áireamh i ríomh ollmhéid na neamhchosanta de bhun Airteagal 124(6), pointe (c), nó mar laghdú 55 % den luach réadmhaoine de bhun Airteagal 125(1) nó Airteagal 126(1), agus léireofar, i gcás inarb infheidhme, torthaí an fhaireacháin a cheanglaítear faoi Airteagal 208(3).
|
|
Airteagal 229 2.
|
I gcás earraí infhaighte, beidh luach na n-earraí infhaighte cothrom leis an méid is infhaighte.
|
|
Airteagal 229 3.
|
Déanfaidh institiúidí comhthaobhacht fhisiceach seachas maoin dhochorraithe a luacháil ar a margadhluach. Chun críocha an Airteagail seo, is ionann an margadhluach agus an méid measta ar a ndéanfaí an mhaoin a mhalartú dáta na luachála idir ceannaitheoir toilteanach agus díoltóir toilteanach in idirbheart ar neamhthuilleamaí.
|
|
Airteagal 229 4.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na critéir agus na tosca a shonrú a bheidh le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar an téarma “réadmhaoin inchomparáide”, dá dtagraítear i mír 1, pointe (e). Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2027. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|