+Airteagal 230 Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcás aon neamhchosanta ag a bhfuil cosaint creidmheasa chistithe atá incháilithe faoi Chur Chuige IRB
---+Airteagal 230 1.
---+Airteagal 230 2.
---+Airteagal 230 3.
---+Airteagal 230 4.
---+Airteagal 230 5.
|
Airteagal 230 Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcás aon neamhchosanta ag a bhfuil cosaint creidmheasa chistithe atá incháilithe faoi Chur Chuige IRB
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 230 1.
|
Faoi Chur Chuige IRB, seachas i gcás na neamhchosaintí sin a thagann faoi raon feidhme Airteagal 220, is é an LGD éifeachtach (LGD*) an LGD a úsáidfidh institiúidí chun críocha Chaibidil 3 chun cosaint creidmheasa chistithe atá incháilithe de bhun na Caibidle seo a aithint. Déanfaidh institiúidí LGD * a ríomh mar a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
E
|
= luach na neamhchosanta sula gcuirtear san áireamh éifeacht na cosanta creidmheasa cistithe; i gcás neamhchosanta arna hurrú ag comhthaobhacht airgeadais incháilithe i gcomhréir leis an gCaibidil seo, ríomhfar an méid sin i gcomhréir le hAirteagal 223(3); i gcás na n-urrús arna n-iasachtú nó arna mbreacadh, beidh an méid sin cothrom leis an airgead tirim nó leis na hurrúis arna n-iasachtú nó arna mbreacadh; i gcás na n-urrús arna n-iasachtú nó arna mbreacadh, méadófar luach na neamhchosanta tríd an gcoigeartú luaineachta (HE) a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 223 go 227;
|
|
ES
|
= luach reatha na cosanta creidmheasa cistithe arna fáil tar éis chur i bhfeidhm an choigeartaithe luaineachta is infheidhme maidir leis an gcineál sin cosanta creidmheasa cistithe (HC) agus tar éis chur i bhfeidhm an choigeartaithe luaineachta le haghaidh neamhréireanna airgeadra (Hfx) idir an neamhchosaint agus an chosaint creidmheasa chistithe, i gcomhréir le míreanna 2 agus 3; déanfar ES a uasteorannú ag an luach seo a leanas: E·(1+HE);
|
|
LGDU
|
= an LGD is infheidhme maidir le neamhchosaint gan urrús mar a leagtar amach in Airteagal 161(1);
|
|
LGDS
|
= an LGD is infheidhme maidir le neamhchosaintí arna n-urrú leis an gcineál incháilithe cosanta creidmheasa cistithe arna úsáid san idirbheart, mar a shonraítear i mír 2, Tábla 1.
|
|
|
Airteagal 230 2.
|
Sonraítear i dTábla 1 na luachanna LGDS agus Hc is infheidhme san fhoirmle a leagtar amach i mír 1.
Tábla 1
|
An cineál cosanta creidmheasa cistithe
|
LGDS
|
Coigeartú luaineachta (Hc)
|
|
Comhthaobhacht airgeadais
|
0 %
|
Coigeartú luaineachta Hc mar a leagtar amach in Airteagail 224 go 227
|
|
Earraí infhaighte
|
20 %
|
40 %
|
|
Réadmhaoin chónaithe agus réadmhaoin dhochorraithe tráchtála
|
20 %
|
40 %
|
|
Comhthaobhacht fhisiceach eile
|
25 %
|
40 %
|
|
Cosaint creidmheasa chistithe neamh-incháilithe
|
Neamhbhainteach
|
100 %
|
|
|
Airteagal 230 3.
|
I gcás ina n-ainmnítear cosaint creidmheasa chistithe incháilithe in airgeadra nach é airgeadra na neamhchosanta é, is ionann an coigeartú luaineachta le haghaidh neamhréir airgeadra (Hfx) agus an ceann is infheidhme de bhun Airteagail 224 go 227.
|
|
Airteagal 230 4.
|
Mar mhalairt ar an láimhseáil a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus faoi réir Airteagal 124(9), féadfaidh institiúidí ualú riosca 50 % a shannadh don chuid den neamhchosaint, atá, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 125(1), an chéad fhomhír, agus in Airteagal 126(1), an chéad fhomhír, faoi seach, comhthaobhaithe go hiomlán le réadmhaoin chónaithe nó le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála atá lonnaithe laistigh de chríoch Ballstáit i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 199(3) nó (4).
|
|
Airteagal 230 5.
|
Chun méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcás neamhchosaintí IRB a thagann faoi raon feidhme Airteagal 220, úsáidfidh institiúidí E * i gcomhréir le hAirteagal 220(4) agus LGD i gcás neamhchosaintí gan urrús, mar a leagtar amach in Airteagal 161(1), pointí (a), (aa) agus (b).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|