+Airteagal 253 Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a laghdú
---+Airteagal 253 1.
---+Airteagal 253 2.

Airteagal 253 Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a laghdú

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 253 1.
I gcás ina sanntar ualú priacail 1 250 % do shuíomh urrúsúcháin faoin bhForoinn seo, féadfaidh institiúidí luach risíochta an tsuímh sin a asbhaint de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1) de rogha ar an suíomh a áireamh ina ríomh ar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail. Chun na críche sin, féadfaidh ríomh luach na risíochta cosaint chreidmheasa chistithe incháilithe a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 249.
Airteagal 253 2.
I gcás ina mbaineann institiúid tionscnóra úsáid as an rogha a leagtar amach i mír 1, féadfaidh sí an méid a asbhaineadh i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1) a bhaint as an méid a shonraítear in Airteagal 268 mar uascheanglas caipitil a ríomhfaí i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha amhail is nár urrúsaíodh iad.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas