+Airteagal 256 Pointe astaithe (A) agus pointe dí-astaithe (D) a chinneadh
---+Airteagal 256 1.
---+Airteagal 256 2.
---+Airteagal 256 3.
---+Airteagal 256 4.
---+Airteagal 256 5.
---+Airteagal 256 6.

Airteagal 256 Pointe astaithe (A) agus pointe dí-astaithe (D) a chinneadh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 256 1.
Chun críocha Fhoroinn 3, déanfaidh na hinstitiúidí an pointe astaithe (A) a shocrú ar an tairseach ar a dtosófaí ag dáileadh caillteanais atá laistigh de chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha ar an suíomh urrúsúcháin ábhartha.

Sloinnfear an pointe astaithe (A) mar luach deachúil idir nialas agus a haon agus beidh sé cothrom leis an gceann is mó de nialas agus an cóimheas idir iarmhéid gan íoc chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha san urrúsú lúide iarmhéid gan íoc na dtráinsí uile atá níos sinsearaí nó pari passu maidir leis an tráinse ina bhfuil an suíomh urrúsúcháin ábhartha len n-áirítear an risíocht í féin agus maidir le hiarmhéid gan íoc na risíochtaí foluiteacha uile san urrúsú.

Airteagal 256 2.
Chun críocha Fhoroinn 3, déanfaidh na hinstitiúidí an pointe dí-astaithe (D) a chinneadh ar an tairseach ar a mbeadh caillteanas iomlán phríomhshuim an tráinse ina bhfuil an suíomh urrúsúcháin ábhartha mar thoradh ar chaillteanais laistigh de chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha.

Sloinnfear an pointe dí-astaithe (D) mar luach deachúil idir nialas agus a haon agus beidh sé cothrom leis an gceann is mó de nialas agus an cóimheas idir iarmhéid gan íoc chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha san urrúsú lúide iarmhéid gan íoc na dtráinsí uile atá níos sinsearaí ná an tráinse ina bhfuil an suíomh urrúsúcháin ábhartha agus iarmhéid gan íoc na risíochtaí foluiteacha uile san urrúsú.

Airteagal 256 3.
Chun críocha mhír 1 agus mír 2, láimhseálfaidh na hinstitiúidí ró-urrúsú comhthaobhach agus cuntais cúlchiste cistithe mar thráinsí agus na sócmhainní ina bhfuil na cuntais chúlchiste sin mar risíochtaí foluiteacha.
Airteagal 256 4.
Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh institiúidí neamhaird de chuntais chúlchiste neamhchistithe agus sócmhainní nach feabhsú creidmheasa iad, amhail sócmhainní nach soláthraíonn ach tacaíocht leachtach, babhtálacha airgeadra nó úis agus cuntais chomhthaobhacha airgid a bhaineann leis na suíomhanna sin san urrúsú. Maidir le cuntais chúlchiste chistithe agus sócmhainní a sholáthraíonn feabhsú creidmheasa, ní láimhseálfaidh an institiúid mar shuíomhanna urrúsúcháin ach na codanna sin de na cuntais nó na sócmhainní a bhfuil cumas glacadh caillteanais iontu.
Airteagal 256 5.
I gcás ina bhfuil aibíochtaí éagsúla ag dhá cheann de shuíomhanna sinsearacha nó níos mó den idirbheart céanna ach go bhfuil an leithdháileadh caillteanais pro rata chéanna acu, déanfar ríomh na bpointí astaithe (A) agus na bpointí dí-astaithe (D) a bhunú ar iarmhéid comhiomlánaithe gan íoc na suíomhanna sin agus beidh na pointí astaithe (A) agus na pointí dí-astaithe (D) a thagann as sin mar an gcéanna.
Airteagal 256 6.
Chun pointí astaithe (A) agus pointí dí-astaithe (D) urrúsaithe shintéisigh a ríomh, déanfaidh institiúid tionscnóra an urrúsaithe luach risíochta an tseasaimh urrúsaithe a chomhfhreagraíonn don bharrachas raoin difríochta shintéisigh dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 248(1) a láimhseáil mar thráinse, agus déanfaidh sí pointí astaithe (A) agus pointí dí-astaithe (D) na dtráinsí eile arna gcoinneáil aici a choigeartú tríd an luach risíochta sin a chur le suim gan íoc chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha san urrúsú. Ní dhéanfaidh institiúidí nach iad an institiúid tionscnóra iad an coigeartú sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas