+Airteagal 263 Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoin gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Seachtracha (SEC-IRBA)
---+Airteagal 263 1.
---+Airteagal 263 2.
---+Airteagal 263 3.
---+Airteagal 263 4.
---+Airteagal 263 5.
---+Airteagal 263 6.
---+Airteagal 263 7.
---+Airteagal 263 8.

Airteagal 263 Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoin gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Seachtracha (SEC-IRBA)

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 263 1.
Faoi SEC-IRBA, déanfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail maidir le suíomh urrúsúcháin a ríomh trí luach risíochta an tsuímh, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 248, a iolrú faoin ualú priacail is infheidhme i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 263 2.

Maidir le risíochtaí a mbaineann measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha leo nó nuair is féidir rátáil atá bunaithe ar mheasúnú creidmheasa gearrthéarmach a bhunú de réir tátail i gcomhréir le mír 7, beidh feidhm ag na hualaí priacail a leanas:



Tábla 1

Céim Cáilíochta Creidmheasa

1

2

3

Gach rátáil eile

Ualú priacail

15 %

50 %

100 %

1 250 %

Airteagal 263 3.

Maidir le risíochtaí a mbaineann measúnuithe creidmheasa fadtéarmacha leo nó nuair is féidir rátáil atá bunaithe ar mheasúnú creidmheasa fadtéarmach a bhunú de réir tátail i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na hualuithe priacail i dTábla 2 agus iad coigeartaithe mar is infheidhme maidir le haibíocht tráinse (MT) i gcomhréir le hAirteagal 257 agus mír 4 den Airteagal seo agus maidir le tiús tráinse le haghaidh tráinsí neamhshinsearacha i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo:



Tábla 2

Céim Cáilíochta Creidmheasa

Tráinse is sinsearaí

Tráinse neamhshinsearach (tanaí)

Aibíocht tráinse (MT)

Aibíocht tráinse (MT)

1 bhliain

5 bliana

1 bhliain

5 bliana

1

15 %

20 %

15 %

70 %

2

15 %

30 %

15 %

90 %

3

25 %

40 %

30 %

120 %

4

30 %

45 %

40 %

140 %

5

40 %

50 %

60 %

160 %

6

50 %

65 %

80 %

180 %

7

60 %

70 %

120 %

210 %

8

75 %

90 %

170 %

260 %

9

90 %

105 %

220 %

310 %

10

120 %

140 %

330 %

420 %

11

140 %

160 %

470 %

580 %

12

160 %

180 %

620 %

760 %

13

200 %

225 %

750 %

860 %

14

250 %

280 %

900 %

950 %

15

310 %

340 %

1 050 %

1 050 %

16

380 %

420 %

1 130 %

1 130 %

17

460 %

505 %

1 250 %

1 250 %

Gach ceann eile

1 250 %

1 250 %

1 250 %

1 250 %

Airteagal 263 4.
D’fhonn an t-ualú priacail do thráinsí ina bhfuil aibíocht idir 1 bhliain agus 5 bliana a chinneadh, úsáidfidh institiúidí idirshuíomh líneach idir na hualuithe priacail is infheidhme maidir le haibíocht aon bhliain amháin agus 5 bliana faoi seach i gcomhréir le Tábla 2.
Airteagal 263 5.

D’fhonn an tiús tráinse a chur san áireamh, déanfaidh institiúidí an t-ualú priacail do thráinsí neamhshinsearacha a ríomh mar a leanas:

image

i gcás inarb ionann

T = tiús an tráinse arna thomhas mar D – A

i gcás inarb ionann

D

agus an pointe dí-astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256

A

agus an pointe astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256

Airteagal 263 6.
Beidh na hualuithe priacail maidir le tráinsí neamhshinsearacha de thoradh mhír 3 go mhír 5 faoi réir íostairseach 15 %. Ina theannta sin, ní bheidh na hualuithe priacail mar thoradh air sin níos ísle ná an t-ualú priacail a fhreagraíonn do thráinse hipitéiseach sinsearach den urrúsú céanna leis agus an measúnú creidmheasa agus an aibíocht chéanna.
Airteagal 263 7.

Chun rátálacha atá bunaithe ar thátal a úsáid, sannfaidh institiúidí rátáil atá bunaithe ar thátal do shuíomh gan rátáil agus beidh an rátáil sin coibhéiseach le measúnú creidmheasa suímh tagartha rátáilte a chomhlíonann na coinníollacha seo go léir:

(a) 

tá an suíomh tagartha ar comhchéim ar gach bealach leis an suíomh urrúsúcháin gan rátáil nó, i gcás nach ann d’aicmiú pari passu, tá an suíomh tagartha díreach faoi réir an tsuímh gan rátáil;

(b) 

ní bhaineann an suíomh tagartha aon tairbhe as ráthaíochtaí tríú páirtí nó as aon fheabhsuithe creidmheasa eile nach bhfuil ar fáil ag an suíomh gan rátáil;

(c) 

beidh aibíocht an tsuímh tagartha cothrom le haibíocht an tsuímh gan rátáil atá i gceist nó níos faide ná í;

(d) 

ar bhonn leanúnach, tabharfar aon rátáil bunaithe ar thátal cothrom le dáta chun aon athruithe maidir le measúnú creidmheasa an tsuímh tagartha a léiriú.

Airteagal 263 8.
I gcás ina bhfuil suíomh urrúsúcháin i bhfoirm díorthaigh ag institiúid chun priacail mhargaidh, lena n-áirítear priacail ráta úis nó airgeadra, a fhálú, féadfaidh an institiúid ualú priacail atá bunaithe ar thátal a shannadh don díorthach sin, ualú atá coibhéiseach le hualú priacail an tsuímh tagartha arna ríomh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Chun críocha na chéad fhomhíre, is éard a bheidh sa suíomh tagartha ná an suíomh atá pari passu ar gach bealach leis an díorthach, nó i gcás nach ann don suíomh pari passu sin, an suíomh atá díreach faoi réir an díorthaigh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas