+Airteagal 284 Luach na►C9neamhchosanta◄
---+Airteagal 284 1.
---+Airteagal 284 2.
---+Airteagal 284 3.
---+Airteagal 284 4.
---+Airteagal 284 5.
---+Airteagal 284 6.
---+Airteagal 284 7.
---+Airteagal 284 8.
---+Airteagal 284 9.
---+Airteagal 284 10.
---+Airteagal 284 11.
---+Airteagal 284 12.
---+Airteagal 284 13.

Airteagal 284 Luach na►C9neamhchosanta◄

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 284 1.
I gcás ina dtugtar cead d'institiúid an IMM a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 283(1), chun luach na ►C9  neamhchosanta ◄ a ríomh le haghaidh roinnt de na hidirbhearta a luaitear sa mhír sin, nó iad ar fad, déanfaidh sí luach na ►C9  neamhchosanta ◄ de na hidirbhearta sin a thomhas ar leibhéal an tacair ghlanluachála.

Déanfaidh an tsamhail arna húsáid ag an institiúid chun na críche sin:

(a) 

an dáileachán réamhaisnéise a shonrú le haghaidh athruithe i margadhluach an tacair ghlanluachála de thoradh ar chomhathruithe in athróga ábhartha an mhargaidh, amhail rátaí úis agus rátaí malairte eachtraí;

(b) 

luach na ►C9  neamhchosanta ◄ a ríomh don tacar glanluachála ar gach ceann de na dátaí sa todhchaí ar bhonn na gcomhathruithe in athróga an mhargaidh.

Airteagal 284 2.
Ionas go ndéanfaidh an tsamhail éifeachtaí an tsocraithe corrlaigh a ghabháil, comhlíonfaidh samhail luach na comhthaobhachta na ceanglais chainníochtúla, cháilíochtúla agus sonraí don IMM i gcomhréir leis an Roinn seo agus ní fhéadfaidh an institiúid ach comhthaobhacht airgeadais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 197 agus, Airteagal 198 agus i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal299(2)a chur san áireamh ina dáileacháin réamhaisnéise maidir le hathruithe i margadhluach an tacair ghlanluachála.
Airteagal 284 3.

Beidh an ceanglas cistí dílse do ►C9  riosca ◄ creidmheasa an chontrapháirtí i ndáil leis na ►C9  neamhchosaintí ◄ ar CCR a gcuireann institiúid an IMM i bhfeidhm ina leith, cothrom leis an gceann is airde díobh seo a leanas:

(a) 

an ceanglas cistí dílse do na ►C9  neamhchosaintí ◄ sin arna ríomh ar bhonn an EPE iarbhír ag úsáid sonraí reatha an mhargaidh;

(b) 

an ceanglas cistí dílse do na ►C9  neamhchosaintí ◄ sin arna ríomh ar bhonn an EPE iarbhír ag úsáid calabrú struis amháin do gach ►C9  neamhchosanta ◄ ar CCR a gcuireann siad an IMM i bhfeidhm maidir leis.

Airteagal 284 4.

Cé is moite de na contrapháirtithe a aithnítear a bhfuil ►C9  Sainriosca ◄ Comhghaolmhaireachta acu a thagann faoi raon feidhme Airteagal 291(4) agus (5), déanfaidh institiúidí luach na ►C9  neamhchosanta ◄ a ríomh mar an toradh ar alfa (α) uair an EPE iarbhír, mar a leanas:

image

nuair atá:

α

=

1.4, ach amháin má bhíonn α níos airde de dhíth ar údaráis inniúla nó má cheadaíonn siad a meastacháin féin a úsáid i gcomhréir le mír 9;

Déanfar an EPE iarbhír a ríomh trí mheastachán a dhéanamh den ►C9  neamhchosaint ◄ ionchasach (EEt) mar an ►C9  neamhchosanta ◄ mheánach ar dháta sa todhchaí t, i gcás ina ndéantar an meán a thógáil thar luachanna féideartha fachtóirí ►C9  riosca ◄ margaidh ábhartha.

Déanfaidh an tsamhail meastachán ar EE ar shraith dátaí sa todhchaí, t1, t2, t3, etc.

Airteagal 284 5.

Déanfar EE iarbhír a ríomh go hathchúrsach mar a leanas:

image

nuair atá:

an dáta reatha curtha in iúl mar t0;
Tá EEt0 iarbhír cothrom leis an ►C9  neamhchosaint ◄ reatha.
Airteagal 284 6.

Is é atá in EPE iarbhír meán an EE iarbhír i rith na chéad bhliana de ►C9  neamhchosaint ◄ todhchaí. Má aibíonn gach conradh sa tacar glanluachála faoi cheann bliana amháin, beidh an EPE cothrom le meán an EE go dtí go n-aibeoidh gach conradh sa tacar glanluachála. ►C3  Déanfar an EPE iarbhír a ríomh mar mheán ualaithe den EE iarbhír:

image

i gcás ina gceadaítear leis na hualuithe
image gur féidir an ►C9  neamhchosaint ◄ todhchaí a ríomh ar dhátaí nach bhfuil an méid ama céanna eatarthu. ◄

Airteagal 284 7.
Ríomhfaidh institiúidí an EE nó na bearta ►C9  neamhchosanta ◄ buaice ar bhonn dáilte ►C9  neamhchosaintí ◄ arb ionann iad agus neamh-normáltacht fhéideartha dháileadh na ►C9  neamhchosaintí ◄ .
Airteagal 284 8.
Féadfaidh institiúid aonad tomhais den dáileadh arna ríomh ag an IMM a úsáid atá níos coimeádaí ná α iolraithe faoi EPE iarbhír arna ríomh i gcomhréir leis an gcothromóid i mír 4 maidir le gach contrapháirtí.
Airteagal 284 9.

D'ainneoin mhír 4, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí a meastacháin féin ar alfa a úsáid sa chás seo a leanas:

(a) 

beidh alfa cothrom leis an gcóimheas idir an caipiteal inmheánach ó ionsamhlú iomlán de ►C9  neamhchosaint ◄ CCR thar chontrapháirtithe (uimhreoir) agus an caipiteal inmheánach bunaithe ar EPE (ainmneoir);

(b) 

san ainmneoir, bainfear úsáid as EPE amhail is dá mba shuim sheasta gan íoc í.

Nuair a dhéantar meastachán ar alfa i gcomhréir leis an mír seo, ní bheidh sé níos ísle ná 1.2.

Airteagal 284 10.
Ar mhaithe le meastachán a dhéanamh ar alfa faoi mhír 9, áiritheoidh institiúid go ndéanfar an t-uimhreoir agus an t-ainmneoir a ríomh ar bhealach atá comhsheasmhach leis an modheolaíocht ionsamhlaithe, sonraíochtaí na bparaiméadar agus comhdhéanamh na punainne. Beidh an cur chuige a úsáidfear chun meastachán a dhéanamh ar α bunaithe ar chur chuige na hinstitiúide maidir le caipiteal inmheánach; déanfar é a dhoiciméadú go maith agus beidh sé faoi réir bailíochtú neamhspleách. Ina theannta sin, déanfaidh institiúid athbhreithniú ar a cuid meastachán maidir le halfa ar bhonn ráithiúil ar a laghad, agus níos minice nuair a bhíonn éagsúlacht ar chomhdhéanamh na punainne ag amanna éagsúla. Déanfaidh institiúid measúnú ar ►C9  riosca ◄ na samhla freisin.
Airteagal 284 11.
Déanfaidh institiúid measúnú ar ►C9  riosca ◄ na samhla freisin. Léireoidh institiúid chun sástachta na n-údarás inniúil go bhfuil a meastacháin inmheánacha den ghabháil alfa i bhfoinsí ábhartha spleáchais de dháileadh margadhluachanna idirbheart nó punanna idirbheart thar chontrapháirtithe. Cuirfear gráinneacht na bpunann san áireamh sna meastacháin inmheánacha ar alfa.
Airteagal 284 12.
Agus maoirseacht á déanamh ar úsáid na meastachán faoi mhír 9, tabharfaidh na húdaráis inniúla aird ar an éagsúlacht shuntasach i meastacháin den alfa a thagann chun cinn ón bhféidearthacht míshonraíocht a dhéanamh sna samhlacha a úsáidtear don uimhreoir, go háirithe nuair a bhíonn dronnacht i gceist.
Airteagal 284 13.
Nuair is iomchuí, beidh fachtóir an ►C9  riosca ◄ creidmheasa mar choinníoll do na luaineachtaí agus na táblaí comhghaoil d'fhachtóirí an ►C9  riosca ◄ margaidh a úsáidtear i gcomh-ionsamhlú an mhargaidh agus an ►C9  riosca ◄ creidmheasa chun méaduithe féideartha i luaineacht nó comhghaol i gcor chun donais eacnamaíoch a léiriú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas