+Airteagal 290 Tástáil struis
---+Airteagal 290 1.
---+Airteagal 290 2.
---+Airteagal 290 3.
---+Airteagal 290 4.
---+Airteagal 290 5.
---+Airteagal 290 6.
---+Airteagal 290 7.
---+Airteagal 290 8.
---+Airteagal 290 9.
---+Airteagal 290 10.
|
Airteagal 290 Tástáil struis
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 290 1.
|
Beidh clár cuimsitheach um thástáil struis maidir le CCR ag an institiúid, lena n-áirítear úsáid a bhaint as chun ceanglais cistí dílse maidir le CCR a mheasúnú, lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 go 10.
|
|
Airteagal 290 2.
|
Aithneofar teagmhais fhéideartha nó athruithe sa todhchaí sna dálaí eacnamaíocha a rachadh i gcion go mífhabhrach ar
►C9
neamhchosaintí ◄ creidmheasa na hinstitiúide agus déanfar measúnú leis ar chumas na hinstitiúide dul i ngleic le hathruithe den sórt sin.
|
|
Airteagal 290 3.
|
Cuirfear na bearta struis faoin gclár i comparáid le teorainneacha
►C9
riosca ◄ agus measfaidh an institiúid iad mar chuid den phróiseas a leagtar amach in Airteagal 81 de Threoir 201336/AE.
|
|
Airteagal 290 4.
|
Déanfar trádalacha agus
►C9
neamhchosaintí ◄ comhlána a ghabháil go cuimsitheach leis an gclár ar fud na bhfoirmeacha uile de
►C9
riosca ◄ creidmheasa an chontrapháirtí ar leibhéal na gcontrapháirtithe sainiúla i bhfráma ama leordhóthanach chun tástáil struis rialta a dhéanamh.
|
|
Airteagal 290 5.
|
Déanfar foráil leis maidir le tástáil struis
►C9
neamhchosanta ◄ ar bhonn míosúil ar a laghad ar phríomhfhachtóirí
►C9
riosca ◄ don mhargadh amhail rátaí úis, FX (airgeadraí eachtracha), cothromas, raonta difríochta creidmheasa agus praghsanna tráchtearraí do chontrapháirtithe uile na hinstitiúide, d'fhonn comhchruinnithe mórthomhais i priacail treocha sainiúla a aithint agus cur ar chumas na hinstitiúide iad a laghdú nuair is gá. Maidir le tástáil struis ar
►C9
neamhchosaintí ◄ - lena n-áirítear priacail aonfhachtóireacha, priacail ilfhachtóireacha agus priacail neamhthreocha ábhartha - agus comhthástáil struis ar
►C9
neamhchosaintí ◄ agus ar acmhainneacht creidmheasa déanfar iad ar leibhéal an chontrapháirtí shainiúil, ar leibhéal an ghrúpa contrapháirtithe agus ar leibhéal comhlán CCR ar fud na hinstitiúide.
|
|
Airteagal 290 6.
|
Cuirfear cásanna ráithiúla tástála struis ilfhachtóirgh i bhfeidhm agus déanfar measúnú ar priacail neamhthreocha ábhartha lena n-áirítear
►C9
neamhchosaint ◄ cuar toraidh agus bunpriacail. Mar íosmhéid, tabharfar aghaidh ar na cásanna a leanas ina dtarlaíonn na nithe seo a leanas le tástálacha struis ilfhachtóirigh:
(a)
teagmhais thromchúiseacha eacnamaíocha nó margaidh;
(b)
laghdú suntasach ar leachtacht leathan an mhargaidh;
(c)
tá suímh á leachtú ag mór-idirghabhálaí airgeadais.
|
|
Airteagal 290 7.
|
Beidh déine shuaitheadh na bhfachtóirí
►C9
riosca ◄ foluiteacha comhsheasmhach le cuspóir na tástála struis. Nuair a dhéantar sócmhainneacht faoi strus a mheasúnú, beidh suaitheadh na bhfachtóirí
►C9
riosca ◄ foluiteacha de dhéine leordhóthanach chun timpeallachtaí margaí foircneacha stairiúla agus dálaí struis foircneacha ach sochreidte sa mhargadh a ghabháil. Déanfar measúnú sna tástálacha struis ar thionchar suaite den sórt sin ar chistí dílse, ar cheanglais cistí dílse agus ar thuilleamh. D'fhonn faireachán laethúil a dhéanamh ar phunanna, ar fhálú, agus ar chomhchruinnithe a bhainistiú breithneofar sa chlár tástála cásanna de dhéine níos ísle agus de dhóchúlacht níos airde.
|
|
Airteagal 290 8.
|
Áireofar leis an gclár foráil, nuair is iomchuí, maidir le tástálacha struis droim ar ais chun cásanna diana, ach sochreidte, a aithint a bhféadfadh torthaí neamhfhabhracha suntasacha a bheith leo. Tabharfaidh tástáil struis droim ar ais cuntas ar an tionchar a bhíonn ag neamhlíneacht ábhartha sa phunann.
|
|
Airteagal 290 9.
|
Déanfar torthaí na tástála struis faoin gclár a thuairisciú go rialta, ar bhonn ráithiúil ar a laghad, don lucht bainistíochta sinsearaí. Clúdófar sna tuarascálacha agus san anailís ar na torthaí an tionchar is mó ar leibhéal na gcontrapháirtithe ar fud na punainne, chomh maith le comhchruinnithe ábhartha laistigh de dheighleoga na punainne (laistigh den tionscal céanna nó den réigiún céanna) agus claontaí ábhartha a bhaineann le punanna nó contrapháirtithe sainiúla.
|
|
Airteagal 290 10.
|
Beidh príomhról ag lucht bainistíochta sinsearaí i gcomhtháthú na tástála struis le creat bainistíochta
►C9
riosca ◄ agus cultúr
►C9
riosca ◄ na hinstitiúide agus déanfar a áirithiú go bhfuil na torthaí fóinteach agus go mbainfear úsáid astu chun CCR a bhainistiú. Déanfar torthaí na tástála struis maidir le
►C9
neamhchosaintí ◄ suntasacha a mheasúnú i gcoinne treoirlínte lena léirítear fonn
►C9
riosca ◄ na hinstitiúide, agus déanfar iad a atreorú chuig an lucht banistíochta sinsearaí le haghaidh plé agus gnímh nuair a dhéanfar priacail iomarcacha nó comhchruinnithe a aithint.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|