|
+Airteagal 325t 6. |
Airteagal 325t 6.De mhaolú ar mhír 1, faoi réir cead a fháil ó na húdaráis inniúla, féadfaidh institiúid íogaireachtaí vega a ríomh ar bhonn claochlú líneach sainmhínithe malartacha ar íogaireachta chun na ceanglais cístí dílse maidir le suíomh leabhair trádála a ríomh faoin gCaibidil seo, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an institiúid an dá choinníoll seo a leanas:
(a)
úsáidtear na sainmhínithe malartacha sin chun críocha bainistithe riosca inmheánaigh nó chun tuairiscithe ar bhrabús agus caillteanais don lucht bainistíochta sinsearaí arna dhéanamh ag aonad neamhspleách rialaithe riosca laistigh den institiúid;
(b)
léiríonn an institiúid go bhfuil na sainmhínithe malartacha sin níos iomchuí chun na híogaireachtaí maidir leis an suíomh a ghabháil ná na foirmlí a leagtar amach san Fhoroinn seo, go léiríonn an claochlú líneach dá dtagraítear sa chéad fhomhír íogaireacht riosca véige, agus nach bhfuil na híogaireachtaí a thagann astu éagsúil go hábharach leis na cinn a thagann as cur i bhfeidhm na bhfoirmlí sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|